Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
don (dan), donas
focla a mbaintear leas astu in aisfhreagra. Má chuirtear ceist nach dtaitníonn leis ar dhuine, nó má tá duine eicínt ag dilleoireacht leis, nó dhá shárú ag fiafraí rud eicínt dhe, deir sé: (a) donas (don is?) diabhail (nó deamhain /d′əun′/) h'fhiafraí ort; (b) don h'fhiafraí agus mo chuid tubaiste ort; (c) donas t'fhiafraí (/tīərī/) ort; (d) ná raibh don fhiafraí ort; (e) ná raibh dan fhiafraí ort. (a) is mó a chuala mé: chuala mé (b) agus (c) i gCois Fharraige freisin, agus (d) agus (e) sa gCeathrúin Rua.
a.
+
Don deamhain h'fhiafraí ort! Tá mé sáraithe agat. Gabh agus faigh amach é, má tá sé ag déanamh an oiread sin imní dhuit
Don is diabhail h'fhiafraí oraibh agus ligidh dhom. Tá mé reicthe agaibh ó mhaidin. Tá rud eicínt ar m'airese anois thar is a dhul ag inseacht scéalta dhaoibhse
TUILLEADH (5) ▼
Don h'fhiafraí agus mo chuid tubaiste ort — crosaim aríst thú! — murab ort atá an chabaireacht. Tá do dhá dhíol le rá agus le fiafraí uileag agat. Ní túisce rud fiafraithe agat ná rud eile. Cá bhfios domsa ó ardbhonnaíochaí an diabhail cá'il P. Sh. anois!
Don h'fhiafraí agus mo chuid tubaiste oraibh murab í an chaint atá ina díle oraibh. Breá nach dtabharfadh sibh scíth dhá dteanga (dho bhur) uair eicínt. Shílfeá gurb í an taoille atá ag teacht oraibh leis an anbhá cainte atá oraibh!
Ná raibh don h'fhiafraí ort mura beag an dochar dhuit náire a bheith ort ag fiafraí rud den tsórt sin
Ná raibh don fhiafraí ort agus éist do bhéal! Cá bhfios domsa céard is cor dóibh, agus ní miste liom cá dtitfidh a gcodladh orthu mar ní hé a gcuid cúrsaí atá ag déanamh imní dhom
Don is diabhail h'fhiafraí oraibh, an bhfuil a fhios agaibh anois é! Neart slaite a theastódh uaibh. Sin í an cailín a chuirfeadh ina sost (in bhur) sibh, agus a chuirfeadh faoi ndeara dhaoibh éirí as cainteannaí den tsórt sin
·
Donas t'fhiafraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh anseo. Bhí sí ag déanamh a gnaithe. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine, i leaba dóibh a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
b.
don is (donas?) dóirne (cineál eascainí). Tá sé tréan mar seo i seanscéalta ach bíonn sé i gcaint scaití freisin.
+
Mo dhon is mo dhóirne orm má ligim as seo thú — mo chrá agus mo mhilleadh chugam má ligim as seo thú; ní ligfidh mé as seo thú nó is cinniúint dubh is dubh orm é
Mo dhon is mo dhóirne orm, mura bhfuil an gort foghlaithe uileag ag na beithígh
TUILLEADH (4) ▼
Mo dhon is mo dhóirne orm má imríonn aon bhacach as an L. B choíchin ormsa. Dar fia ní imreoidh, nó is fear caillte mé
Mo dhon is mo dhóirne ort le cleas a dhéanamh! Is beag an dochar dhuit náire bhruite a bheith ort, ach níl, mar níl aon náire ag siúl leat ná tada dhá shórt
Mo dhon is mo dhóirne ort a dhiabhlánach asail! Tá sé imithe ar an scoir aríst. Nach gearr gairid a bhí sé ag leagan an chlaí!
Mo dhon is mo dhóirne ort nach ligeann dom. Ar ndóigh ní comórtas duit mise le bheith ag séideadh fúm an tráth seo de mo shaol. Téirigh ag plé le do mhatch féin agus fág mise le m'anó féin. 'Sé is córa dhuit a dhéanamh, sé sin.

Féach freisin

don in iontrálacha eile (100+)

 
abair
Abair ar chuma ar bith, go bhfuil saibhreas ansin amuigh fhoisceacht urchar méaróige don chladach, an té a ghabhfadh ag gliomadóireacht
 
Níor mór don bhréim sin dhá uisce a bheith faoi: uisce anois agus uisce aríst — an t-uisce a bhaint uaidh nuair a bheadh sé faoiscthe agus uisce eile a chur faoi
+
dáil
Tá sé ina chónaí thiar i ndáil leis an gC. R. leis an tsíoraíocht. Thug sé cúl ar fad don Bh.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé i ndáil le chomh tucarach don ól le ceachtar acu
 
dáimh
Is mó an ghairm atá aici sin don té nach bhfuil gaol ná dáimh aici leis ná lena muintir féin. Ach nuair a theastós rud eicínt uaithi, ní bhíonn aon leisce uirthi an gaol a mhaíochtáil mo léan!
 
Tá sí sin ródhaingean i dtalamh lena baint le gróití. Púdar nach mór don chailín sin (aill)
+
Is mór an daingniú nach mór don chroich fós shula fhéadfas tú pota a chur uirthi. Pota ar bith a chrochfaí uirthi sin, bheadh sé anuas in do mhullach sa tine
TUILLEADH (1) ▼
Ná lig don tslaghdán sin daingniú istigh ionat nó beidh moill ort shula chuirfeas tú as do chrioslaigh é
+
dall 1
"Is léir don dall a bhéal" — nuair a bhíos sé ag ithe, bíonn sé chomh maith le duine ar bith eile, arae tá a fhios aige an áit leis an mbeatha a chur
TUILLEADH (4) ▼
Cén sórt solas sin oraibh? Nach bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon ola ann. Ithigí suas dhá uireasa. Is léir don dall a bhéal
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhúinn againn sa dorchadas féin é. Is léir don dall a bhéal adeir siad
Nach thú atá thart anois, go lastar lampa dhuit. Murach peataíocht ort ní theastódh solas ar bith uait leis an ngreim sin. Is léir don dall a bhéal
Cén call atá dóibh tada a thuiscint. An fhad is a gheobhas siad neart le n-ithe cén mhairg atá orthu? Is léir don dall a bhéal adeir siad — freagra ar fhear a bhí ag coiriúint ar an nGearmáin faoi rá is nach raibh cead cainte ná cead a gcos ag na daoine ann, agus go raibh gach uile fhios dhá cheilt orthu, ach an fios a d'fheil do Hitler, dar leis
 
Bhí bean as C. ansin thoir sa gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirthi: 'Go deimhin a dhuine chóir,' adeir sí, 'tá sé sin chomh glan orm leis an sagart. Ní dheachaigh a shlat ní ba ghaire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort.' Spréach an giúistís. Fhóbair gurb ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chiontaigh léithe
 
damba
Chonaic mé na dambaí móra a rinneadh ar an tSionainn. Nach raibh mé dhá ndéanamh. I nDomhnach bhíos. Chaith mé cheithre mhí ann. Tá dambaí áibhéalta ann in aghaidh an uisce. Tá mé ag ceapadh go stopann siad na mílte tonna uisce … Casann siad an t-uisce isteach i sórt caológaí a chuir siad ar an abhainn, agus nuair a théas sé thríd na turbines, oibríonn sé an solas. Sin é a thugas solas don tír
 
Ná bac leis an dream atá anseo a dhul a chodladh in am. Ní theagann P. oíche ar bith go mbíonn sé an damhadh réag, S. nuair a ghlaos an coileach, agus M.! Ní theagann M. go mbíonn sé ina lá gheal go minic. Ach is féidir leis sin an mhaidin a chodladh, ní hé sin don chuid eile é
+
dán
Is iomaí rud atá i ndán don duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis — is iomaí tónáiste atá in áirid dó ag an saol
TUILLEADH (4) ▼
Níl i ndán don eaglais an tsaint a chailleadh choíchin. D'fhága Críost an tsaint aici. Chuala tú féin é
Níl i ndán réiteach don teach sin mura dteaga an mac atá imithe abhaile. Sin é an buachaill a leagfadh ar chuid ar a chéile acu
Níl aon dán briseadh don leic seo. Chuaigh dhá gheábh dynamite inti agus má chuaigh féin, níor bhain siad aisti ach cupla fleasc
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má éiríonn rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillí féin, ní raibh ann ach go raibh sé i ndán duit. Sin caint ar sraith adéarfainnse. Chonaic mé lao le T. Mh. anseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuraidh. Ón lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin don lao sin, ná go fiú is a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin ansin thuas chois an chlaí ag breathnú air ag fáil bháis. 'Ní raibh aon dán éirí dhó,' adeir sé. 'Séard a bhí le déanamh leat,' adeirimse, 'chúig bhliana príosúin a dhul ort'
 
dána
"Nuair is teann don phortán sea is dán don ghearrán" — séard adeirtear go hiondúil leis seo: nuair is teann don phortán sea is fann don ghearrán, ach bíonn dán ag daoine ann, agus 'sé a bhíos in áiteacha (cuid de Chois Fharraige). Ní thuigim dán sa gcás seo fc. fann, gearrán
 
daoire
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earra ar bith a bheifeá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise don rud a bheifeá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar chuile shórt ní. Breathnaigh ar na haontaí anois. Dheamhan ar fiafraíodh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dó ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tarrthála
+
daol
Sháigh sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaigh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'éirigh sé dhó. Tá sin breá go leor, ach ba suarach an sásamh é don té a raibh a phutógaí ag imeacht ina ghlaic aige. Ní raibh sé in ann a gcur ar ais aríst as daol
TUILLEADH (1) ▼
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh daol eicínt leis ar maidin agus é a bheith ag imeacht ag broimseálacht mar sin. Ní réiteach don teach muis má tá dhá cheann an tí thrí lasadh mar sin (an fear agus an bhean ag troid). Ach b'fhurasta a aithinte nach i bhfad a bhainfidís amach suaimhneach agus an deis a bhí uirthi féin oíche na bainse
+
daor 1
Cheannaigh mé culaithín éadaigh don ghasúr inniu, agus má cheannaíos féin, is daor dochrach an ailím sin. Dheamhan pínn de mo thrí phunt deich nach mb'éigean dom a shíneadh amach uirthi. Scrios ceart é éadach anois (dochrach focal cuingir daor. fc. dochrach)
TUILLEADH (1) ▼
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
 
Thug siad an dara hairt di ceart ansin i dtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan sea na seoladh iontu. Thit an driull ar an dreall ar fad orthu ó chuaigh na Sasanaigh isteach don Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) sna fáscaí ag teitheadh (/ə t′ɛ̄w/) uathu
 
de
Is don ádh an tráthúlacht — an té a bhíos tráthúil bíonn an t-ádh air
 
deacair 1
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual don eascainí fearadh
+
deacair 2
Níor thug sé aon fhata don chliamhain! Is deacair dhó, agus gan iad aige féin
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair don duine bocht teach ná áras a bheith aige agus a bhfuil ag glaoch air
Is deacair don cheann céanna a bheith ar chaoi ar bith eile ach ar an gcaoi a bhfuil sé. Tá sé róshleamchúiseach
 
Tuilleadh diabhail aici anois. Sin cothromacan síne na huaire. Ní raibh sí féin ina dea-cheann don tseanbhean a bhí sa teach sin roimpi
+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (17) ▼
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talúna. Ab iad siúd. Cén diabhal somhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. Ar ndóigh ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithíoch iontu, is gearr gur basctha a bheas sé. Mura bhfaighe tú tréad gabhair agus cead scoir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith sa gcúirt chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá agat a dhéanamh leo: tabhair don deachma iad
Tá na heascannaí locha agus na heascannaí srutháin an-cheart le n-ithe. 'Siad an bheatha is blasta iad a chaith tú ariamh dá mbeirteá sa gcochall orthu, uair ar bith uait amach anois. Níl cinneadh go deo leo a mhic ó. Ach na lúbógaí eile sin. Ní fiú do sheacht mallacht iad. Ní raibh le déanamh agat leo sin ach a dtabhairt don deachma. Bheadh consaeit (conceit: col) agam féin leo ar fad. Bheadh, bíodh a fhios agat, agus le concar. Ní raibh aon ghnaoi agam orthu ariamh nuair a d'fheicfinn ag teacht isteach marbh den charraig iad. Murach leisce a bheith ag baint chainte amach, séard a dhéanfainn leo a gcaitheamh amach aríst ar an tsráid. Is mór an úis (uais) iad
Tabharfaidh sí an lao siúd atá aici don deachma. Níl aon bhiseach faoi. Tá sé ina ghoróir ansiúd le claí agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé ina spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uileag a tháinig ón tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóg sí aon lao ariamh, ach iad ag imeacht ina mbás ar sliobarna mar siúd
Bhfaca tú an searrachín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaí lena ligean isteach in do gharraí. Meas tú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd don deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon cheo dá bharr aige, ní bheidh
Níl aige a dhéanamh leis an gcréatúr de reithe sin aige anois, ó bhuail ré roithleagán sa gcloigeann é, ach a thabhairt don deachma, ó tharlaigh nár thug sé do Mhártan é. Ach ní raibh tada air le tabhairt do Mhártan. Dheamhan scioltar. Ní ghlacfadh Mártan uaidh é (Mártan: an Fhéil Mártan. Maraítear feoil ina ómós)
Tá a dóthain aici thar an ngeospailín siúd. Ní aireodh sí ar iarraidh é an áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon nós, ní dhéanfaidh sé aon bhiseach go brách ach ina chrabadáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfadh sí é siúd a thabhairt don deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
Má tá P. ag dul ag pósadh, tabharfaidh siad S. beag don deachma. Caithfidh siad a chur amach, mar ní sheasfadh aon bhean beo leis i dteach. Agus má chuireann siad amach é, ní ghlacfaidh áit ar bith isteach é. Cé a ghlacfadh é. Dheamhan an poorhouse féin a ghlacfas é, ná cuid de ghlacadh. Fear ar bith a d'fheicfeadh é siúd ag geata an phoorhouse lá fuar, meas tú an ligfeadh sé isteach é. Is túisce go mór a ligfeadh sé isteach an monkey beag a bhí thoir sa show ansin thoir. Siúd é a bhfuil le déanamh leis: a thabhairt don deachma nó don dul amú
Féadfaidh sibh an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt don deachma. Ar ndóigh ní in ann ball a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh acu. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traíáil a n-aithreachaí fadó, nuair a bhíodh muid dallta anseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile acu; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaomaireachta acu nuair nach n-aireoidís aon fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt don dul amú. Ní fhónfaidís do thada eile
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha sa gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin don deachma. Ní foláir rud eicínt a thabhairt don deachma. Mar a chéile chuile choileán acu go tóin. Níl barr ag ceachtar acu ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon chú chrón ariamh nach mbeadh thar cionn
Maidir le na murlacha sin atá thíos ansin aige, ní bhuachfaidh sé aon phínn go brách orthu. Dheamhan pínn muis. Nach mór den leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneáil fálaithe. Cén bhrí ach bíonn claíochaí chomh hard aige orthu le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orthu, deile. Dhéanfadh an draíodóirín siúd lena chuid aisiléireachta é. An bhfuil a fhios agat céard adúirt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurach thoir acu a leasú i mbliana. 'Go gcuire Dia an t-ádh ort,' adeirimse. 'Tabhair don deachma iad agus ná bídís ansin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orthu'
Níl siad ag cur cuibhriú ar bith ar an seanasal sin acu anois, ach cead scoir ar bhóithrí aige, agus má fhéadann sé aon bhearradh a bhaint amach don chomharsa. Tá siad an-cheanúil ar na hasail eile. Bíonn siad go dtí n-a mbolg i bhféar i dT. na M. chuile oíche acu. Ní mór dóibh a mbeathú go maith agus a gcuirtear d'obair orthu. Tá obair an tseanasail ar iarraidh. Tugaidís é siúd don deachma anois. Is beag thairis is fiú é
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
Tá cheithre pholl (fataí) clúdaithe aige agus glac eile le claí. Meas tú an fataí síl iad siúd le claí, nó an brath ar a dtabhairt don deachma atá sé. Ar ndóigh mo léan ní hea. Is beag an néal atá air siúd. Cat bradach a gheobhadh brabach air, murar athraigh sé ó anuraidh, ó d'fhéach sé le banbh fireann a chur ormsa, mar dhóigh dhe go mba ceann baineann é
Ní bhíodh aon anachain bheithíoch orthu go dtí le fíorghairid más ea. Dheamhan ar chuala mé ariamh gur imigh aon cheann orthu sin cheana. Ní beag dóibh a thúisce go mba leo féin uainne é! Ara is beag a aireos siad siúd bullán nó dhó, áit a bhfuil a leithéid siúd de phlód beithíoch. Níor mhór don deachma a chuid féin a fháil
Níl duine ar bith don bhuidéal seo — an bhfuil? Nach mé a rinne an flaisc. Is mór is fiú nach dtaobhaím tithe ósta ach go hannamh. Is furasta a aithinte agus mé a bheith ag glaoch pórtair le cois mar sin. Teastaíonn rud eicínt ón deachma hé brí é
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
'Ní de thír ná de thalamh thú,' adeir an bhanríon, 'nach mbeadh a fhios agat gur gheall sí ceann don deachma, agus bhí sé de ghnaíúlacht inti an dá cheann déag a thabhairt amach.' (As seanscéal — Gé an Oileáin — ó m'athair)
 
Thitfeadh déidín aige an oíche sin, mura dtéadh sé ag an damhsa. Ba é sin fhéin an damhsa deacrach don chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain, ag teacht abhaile. Níor éirigh sé de chúl a chinn ó shin, ach sínte istigh ansiúd
 
déag
Céad slán don tsaol sin féin nuair a bhí muid inár mbríthin (bíthin — r sciorrach) óg. Bhí muid sna déaga an uair sin. Shíl muid nach mbeadh muid in oirbheart go brách, ag caitheamh píopa, ag ól, ag dul ag damhsaí. Is beag an tóir atá ar dhamhsaí inniu againn. Is amhlaidh é: nuair a chríonas an tslat, is deacair a sníomh ina gad …
+
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeachaigh sé ag baint sceiche ansin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá arna mhárach bhí sé sa leaba aici agus níor éirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirthi — ach ní raibh comhairleachan ar bith ina chionn siúd. Is dona a chuaigh an sceach don duine bocht ar aon nós
+
deamhan 1
Dheamhan thar ráithe don lao sin fós
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan arb fholáir don fhéar seachtain anois
 
deamhas 2
Thug sé deamhas bheag don mhadadh
+
déan 1
Is furasta don ghiolla gan náire obair a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Ar chuala tú faoin gcailligh siúd a hiompraíodh go dtí an reilig. Ba gearr go raibh na cosa déanta aici, nuair a theann an faitíos léithe. Deir siad é: nuair is crua don chailligh caithfidh sí rith
Tá an seanfhaoileán ag múineadh flyála don fhaoileán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceann óg fós
D'imigh mé as seo ag ceathrú don ceathair, agus bhí mé ag Ard na bhF. le déanamh lae. Ba maith an choisíocht í, deirimse leat
+
Séard a rinneadh leis an airgead faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus ba é a bhí a dhéanamh leis ó thús, tugadh don tsagart é, agus cead aige a rogha rud a dhéanamh leis
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh mise rud leis: é a fhuagairt don phóilí má fheicim ag guairdeall timpeall na háite níos mó é
+
deara
Is fada mé ag dul thar an áit sin, agus dheamhan ar thug mé an oiread sin faoi deara ariamh ann agus a d'inis tusa dhom anois. Is mór is feictear don díomhaointeas ar ndóigh
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sé faoi deara don fhear thiar éirí as an ól muis, rud a chinn ar chuile dhuine eile, pébrí cén bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé chomh maith dhuit fuafíonaigh a thairiscint dó le pórtar. Ní thabharfadh sé bolg dó, a dheartháir
Thug sibh cead don asal sin an rud sin a thabhairt faoi deara dhó féin, agus a ndúshlán anois feiceamuist, coinnígí as é. Ó fuair sé blas na háite sin, tá sé fánach a choinneáil as
Céard a thabharfadh an chlann faoi deara dhóibh féin ach an rud a chonaic siad an mháthair a dhéanamh. Níor thóg a máthair sin ceann as ól ariamh. Ba diachta don chlann iníon ansin mura mbeidís féin ag baint braon as de réir mar a gheobhaidís deis. Dheamhan ceilteamas ar bith acu air anois. Ólann siad os coinne chuile dhuine é
 
Chreidim go raibh an dearcadóir agaibh inniu sa scoil. Ar thug sé mórán buillí don mháistir?
 
dearfa
Níl áit ar bith is dearfa dhuit a dhul ag iarraidh fataí anois ná siar don C. Dh. Tá fataí go barr bachall acu fós, más mian leo scaradh leo. Dheamhan a n-eiteodh M. thú, ná faoi chuid is mó ná sin
 
dearg- 3
Rinne sé dearg-mhístaid timpeall an bhaile chomh uain is a bhí sé ann. Ba mhaith an scéal don bhaile gur bhailigh sé leis
 
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. Nuair a bhí mise ag éirí thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaití den bhliain. Ach héiríodh as uileag. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cén moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saol fadó, ní raibh aon ghair aige ar an saol atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh le n-ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin don tsaol fadó é. Is cam a bhreathnódh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le haghaidh a dhinnéir. Fadó féin ar ndóigh, bhí rud acu thairis
 
Dar leat fhéin nár cheart don dearglaoch sin a bheith deacair. Ní fhaca mé mórán portach ar bith dhá mbeadh sé deacair ná dobhainte ariamh. Ach ní bheadh a fhios ag duine cén sórt móin atá aníos sna criathraigh domhaine seo
+
Sin é anois siar an bodach is deartháir don fhear a raibh tú ag caint faoi ar ball
TUILLEADH (2) ▼
Deartháir don charrachán é an cuimleachán
Deartháir don chodladh an bás — tá an bás agus an codladh an-chosúil le chéile
+
Ní mór don teach sin deasú go gairid — brat tuí a chur air, mar a déantar in áiteachaí é (Ros Muc, Árainn srl.) le caghnaí agus ceathrúnaí. Ní mar sin a dhéantar in áiteachaí eile é mar ní théann brat ar na tithe ach in éadan chaon deich mbliana nó mar sin
TUILLEADH (2) ▼
Céad slán don tsaol a ndeasófá isteach faoin seál ag cailín óg! Dheamhan seál anois a d'fheicfeá ar aon bhean óg dhá gcuirtheá slat ar an tír
Deasaígí síos an chuinneoig sin i ngar don tine nó ní théachtfaidh sé choíchin ar an aimsir seo
 
Bhain mise deatach as a[...] ar maidin. Cheangail mé don ursain é, agus chuir mé taobhach air le ar bhuail mé air le feac láí. Feicfidh tú féin air go gcomhairleoidh mise é gan a dhéanamh aríst
+
Dhá bhfágtaí capall rófhada gan rud le n-ithe, thitfeadh déidín aici. Thit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéarchuimhne iad a fheiceáil thuas ina héadan sa gcró. Bhí chuile dheis acu léithe, ach chinn orthu ina dhiaidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfadh sé. Leagha na bhFiann ní dhéanfadh aon mhaith di … is cosúil gur fágadh rófhada ina troscadh í, ainneoin go mba set(dream) iad a thugadh an-ghiollaíocht don rud a bhíodh acu. Ach rinneadh éagóir uirthi ar chuma eicínt — rinneadh sin
TUILLEADH (3) ▼
Titeann déidín le gortú freisin. An bhfeiceann tú mac Th. G. ansin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorraigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas don bhás agus gan súil ar bith lena theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil; dar diagaí, shrian sé as faoi dheireadh. Sílim nach dteagann sé roimhe ná a dhath
Ní déidín ar bith a bhí tite aige sin ach sine siain. Is mór atá eatarthu a mhic ó. Is furasta an tsine siain a leigheas, ach ní hé sin don déidín é. Drochéadáil ceart é sin. Bíonn an tseamair Mhuire ag an té a theagas uaidh. Buaileann sé caiple agus beithígh chomh maith leis an duine agus níl a fhios agam nach measa a bhíos sé orthu ná ar an duine. Tabhair faoi deara nach measa freisin
Dheamhan duine muise as an teach a thiocfas a (do) chúnamh dó dhá dtiteadh déidín aige ag forcamhás orthu. Nach réidh a gheobhadh sé daoine ag dul dhá marú féin dósan agus gan é ach ag magadh fúthu aríst ar fud an bhaile. Chuaigh beirt as an teach dhá lá le coirce aige anuraidh agus 'sé an seamsán a bhí aige soir faoi na bóithrí aríst go mb'fhearr dóibh a bheith ag déanamh rud eicínt ó tharla nach raibh aon choirce acu féin. Ag ceapadh go dtabharfadh muide lá don fhear sin aríst!
 
Cén chiall nach mbeifeá beo deifreach mar a bheadh gasúr agus gan a bheith ag ligint don fhéar fás faoi do chosa
 
deil 2
Níl aon fhear in ann an sáirsint a dheil ach M. An bhfuil a fhios agat an cor sin a thugas sé don mhaide agus é ag tarraingt ort ar an mbóthar. B'fhiú dhuit M. a fheiceáil ag aithrist air sin
+
Déirce dhá chuid féin don amadán (don bhacach) — a chuid féin a thabhairt do dhuine, mar dhóigh dhe nach mba leis chor ar bith é, ach go raibh tú ag cur chomaoine air nó ag déanamh gar dó as ucht a thabhairt dó
TUILLEADH (5) ▼
Thug sé coicín féir do Sh. anuraidh agus rinne sé an oiread cainte dhá mhaíochtáil air agus dhá mba chruach óir a bheadh ann, théis gurb ar thalamh S. féin a bhain sé é. Déirce dhá chuid féin don amadán ar ndóigh. Tá sé ag baint bearaíocha de Sh. Cáid an talamh sin aige anois gan pínn gan bonn?
Ghlaoigh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile théise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an darna pionta. Shín sé anall chugam féin é. 'Déirce dhá chuid féin don amadán,' arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi
Chaith mé an lá ag coinneáil cigarettes leis. Dheamhan an ceann féin a thug sé dhom. Bhí go maith nó go raibh mé féin feidheartha tráthnóna. Sin é an uair a tharraing sé amach nuitín beag bídeach nach dtógfá as an lathach, agus shín sé anall chugam é. Ba in é an déirce dhá chuid féin don bhacach ar chuma ar bith
Níl léamh ar bith uirthi — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn, an áit ar casadh clann J. L. 'na tí aici. Chuaigh mé fhéin soir ann ar cuairt d'uireasa mo chuid tae, arae d'ardaigh sí léithe an t-aon cháca a bhí fuinte sa teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoin doras dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh bia gan chuntas ag feara Fáil. Déirce dhá chuid féin don bhacach arsa tusa
Má tá siad dhá síneadh againn le leathláimh nach bhfuil an leathláimh eile thíos ina (ár) bpócaí acu dár gcreachadh. Féacha an cíos, an t-airgead acraí, tobac, tae, siúcra agus eile. Nach bhfuil tú ag íoc dúbalta orthu sin? Agus ansin síleann tusa go bhfuil leat má chaitheann siad cupla scillingín dole agat. Sin é an déirce dhá chuid féin don amadán ar chaoi ar bith
+
A dhul don phoorhouse: ní bheidh de dheireadh aige ach é, ná cuid de dheireadh. Ach a mbeidh a bhfuil aige meallta uaidh acu siúd, gheobhaidh sé bóthar agus bata amach
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan an tús ná deireadh don tsneachta seo fós
Ní deireadh don chogadh fós. Bainfidh siad scaitheamh eile as
Bhí sé ina dhiúin bheag agus ina dheireadh lae, an capall ag dul ar scáth na copóige agus an chopóig ag dul don Domhan Soir … (as seanscéal)
Thug sé burla nótaí don Gh. 'Roinn amach iad sin ar na fir sin,' adeir sé, agus isteach leis féin sa teach. Fuair chaon duine againn dhá raibh ann punt an duine, hé brí cé mhéad a d'fhan ag an G. ina dhiaidh sin. Bí siúráilte nach é cuid an bheagáin é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh, adeir siad
Is doiligh a rá céard a tharlós as a dheireadh. Níl aon duine in ann a rá céard is cor don scéal sin fós
Chaith sé ceathrú uaire ag braiteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal ansin agus d'fheicfeá ag ligean siar a sheile é. 'Dheamhan a fhios agam fhéin,' adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinig orm failm de chic a thabhairt don phíopa