don, dan, donas
—focla a mbaintear leas asta in aisfhreagra. Má chuirtear ceist nach dtaithníonn leis ar dhuine, nó má tá duine eicínt ag dilleoireacht leis, nó dhá shárú ag fiafraí rud eicínt dhe, deir sé: (a) donas (dona agus?) diabhail (nó deamhain: /d′əun′/) h-iaraí (fhiafraí?) ort; (b) don h-iaraí agus mo chuid tubaiste ort; (c) donas t'iaraí (/tīərī/) ort; (d) ná raibh don iaraí ort; (e) ná raibh dan iaraí ort. (a) is mó a chuala mé: chuala mé (b) agus (c) i gCois Fhairrge freisin, agus (d) agus (e) san gCeathramhain Ruaidh
—
a.
+–
Don deamhain h-iaraí ort! Tá mé sáruithe agad. Gabh agus fagh amach é, má tá sé ag déanamh an oiread sin imní dhuit
Don agus diabhail h-iaraí oraibh agus leigidh dhom. Tá mé reicthe agaibh ó mhaidin. Tá rud eicínt ar m'aire-sa anois thar agus a dhul ag innseacht scéalta dhaoibse
TUILLEADH (5) ▼
Don h-iaraí agus mo chuid tubaiste ort — croisim aríst thú! — marab ort atá an chabaireacht. Tá do dhá dhíol le rá agus le fiafraí uiliog agad. Ní túisce rud fiafruithe agad ná rud eile. Cá bhfios domsa ó árd-bhonnaíochaí an diabhail cá'il P. Sh. anois!
Don h-iaraí agus mo chuid tubaiste oraibh marab í an chaint atá in a díle oraibh. Breá nach dtiúrfadh sibh scí dhá dteanga (dho ur) uair eicínt. Shílfeá gurb í an taoille atá ag teacht oraibh leis an anbhá cainte atá oraibh!
Ná raibh don h-iaraí ort mara beag an dochar dhuit náire a bheith ort ag fiafraí rud den tsórt sin.
Ná raibh dan iaraí ort agus éist do bhéal! Cá bhfios domsa céard is cor dóib, agus ní miste liom cá dtuitfidh a gcodladh orra mar ní hé a gcuid cúrsaí atá ag déanamh imní dhom
Don agus diabhail h-iaraí oraibh, an bhfuil a fhios agaibh anois é! Neart slaite a thastódh uaib. Sin í an cailín a chuirfeadh in a sost (in ur) sib, agus a chuirfeadh faoi ndeara dhaoib eirghe as cainteannaí de'n tsórt sin
·
Donas t'iaraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh annseo. Bhí sí ag déanamh a gnatha. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine i leabaidh dóib a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
b.
Dona (donas?) agus dóirne (cineál eascainí). Tá sé tréan mar seo i sean-scéalta ach bíonn sé i gcaint scaithtí freisin.
+–
Mo dhona agus mo dhóirne orm má leigim as seo thú = mo chrádh agus mo mhilleadh chugam má leigim as seo thú; ní leigfidh mé as seo thú nó is cinniúint dubh agus dubh orm é
Mo dhona agus mo dhóirne orm, mara bhfuil an gort foghluithe uiliog ag na beithigh
TUILLEADH (4) ▼
Mo dhona agus mo dhóirne orm má imríonn aon-bhacach as an L. B choíchin ormsa. Dar fiadh ní imreóidh, nó is fear cáillte mé
Mo dhona agus mo dhóirne ort le cleas a dhéanamh! Is beag an dochar dhuit náire bhruithte a bheith ort, ach níl, mar níl aon-náire ag siúl leat ná tada dhá shórt
Mo dhona agus mo dhóirne ort a dhiabhlánach asail! Tá sé imithe ar an scuir aríst. Nach gearr goirid a bhí sé ag leagan an chlaidhe!
Mo dhona agus mo dhóirne ort nach leigeann dom. 'Ar ndú ní comórtas duit mise le bheith ag séideadh fúm an tráth seo de mo shaol. Teirigh ag plé le do "mhatch" féin agus fág mise le m'anshógh féin. Sé is córa dhuit a dhéanamh, sé sin
Féach freisin
→
donas 2
don in iontrálacha eile (50+)
Nach tú atá ainfhiosach a dhul ag rádh rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiús "i gcead e (don) chomhlódar" a rádh
→
faoisc
Má thugann tú aon-fhata don bhó sin, tabhair faoscadh beag orra. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
Ní bheidh earasbár ar bith agad pér bith céard a dhéanfas tú le easbaidh. Is mór an lear feamainne nach fuláir don gharraí siúd. Tá sé buan
+
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
TUILLEADH (2) ▼
Ba fearadh don áit seo, dhá gcuireadh sé sin siopa suas ann. Bhrisfeadh sé na cneámhairí eile seo atá ag feannadh na ndaoine
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon-nós. Hébrí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
→
feart
"Is fhearr é sin le Dia na bhFeart, ná a dhul faoi sheacht don Róimh" (as Rann: an dá líne tosaigh dhe: "Foighid in aghaidh gach locht, agus déirce don duine bhocht gan treóir")
+
→
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
+
→
fios
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labharha aige cho maith le M. Bh. annsin thoir. Is cliú don tír é, agus an chaoi a bhfuil sé indon a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé fios ar an dochtúr don tsean-bhean
Inganfhios don dlí is cóir a bheith ann
→
focal
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
+
Is follasach don tsaol fódlach nach bhfuil a cheird aige
TUILLEADH (1) ▼
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach in a dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
+
→
foláir
Tá aitealla beag aige, ach ní fuláir don lá fós cho maith agus atá sé. Ní mian leis eirghe as (an mbáistigh) shílfeá
TUILLEADH (2) ▼
Ní fuláir don lá a fheabhas = níl an lá ach réasúnta
Níorbh fhuláir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
→
fothair
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
→
framsóg
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneóidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
→
freagair
An bhfuil aon-chlaibín eile annsin. Ní shin é an claibín atá ag freagairt (atá freagrach) don bhosca seo
Marach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudarnéis seo san teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcomhnaí
→
fálach
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uiliog é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon-dochar don gharraí siúd féin, mar go bhfuil muid gann
+
→
féar
Dar fia muis d'innis tú do rún don fhear cheart. Ní leigfidh sé sin do mhórán féir fás faoin a chosa, go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
TUILLEADH (2) ▼
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dteighe tú ann, agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
→
fóir
Thú ag ceapadh go bhfuil tú in don agamsa! Go bhfoire Mac Dé ort a mhic ó! Níl ná triúr mar thú! = bíodh ciall agad
→
beart
Dheamhan blas scrubaill in aon-duine sa saoghal seo, a's an té nach bhfuil in don a bheart a tharraingt, buailfear cois air.
→
amach
Níl aon-ghna(ithe) an obair sin a thionnscailt anois, ach amach annseo le congnamh Dé, b'fhéidir go mbeadh muid in don tabhairt fúithe.
Tá sé siúd in don a cheart a bhaint amach = tá sé indon cur ar a shon fhéin, agus ceart a sheasamh dó fhéin, i riocht's, nach féidir le aonduine oirille, leath-chuma ná éagcóir a dheanamh air.
→
anuas
Tá sé suas a's anuas le 'chuile dhuine [[= tá aithne agus eolus aige ar chuile dhuine; tá sé indon 'chuile dhuine a bhleaghan; tá sé in don a' saoghal a bharruidheacht, iascach a dheanamh leis, agus a bheart a tharraingt.}}
Ní mór don tsráid athnuadhchan, nó 's gearr go mbí sí ar a 'gcóir chéadna a raibh sí cheana = ní mór dhi gaineamh nó deasú.
→
faill
Fáill ar bith a gheobhfas sé tá sé in a éadan. Is dona an buachaill óg é mara bhfuil aige ach a bheith ag saimhseáil le sean-fhear. Is maith dhuit an fháill a fháil a mhic ó. Tá agad gan do leas a leigean ar cáirde anois. Déarfadh S. gan leigean don ghoradh téachtadh, agus is fear é a mbíonn breithiúnas mór in a chuid cainnte
Más ag dul ag feamnadh atá tú, ní mór duit failicín choirce a thabhairt don asal sin. Níl sé indon malaigh móra a thabhairt in aghaidh droch-árda ar phutógaí falamha
→
fiann
Ní dhéanfadh leágha na bhFiann aon-mhaith don ghalra sin go dtuga sé a sheal. Caithfidh sé a sheal a thabhairt agus imeóidh sé uaidh fhéin annsin
Ba bheag an fiod-gháire a dhéanfadh sé dhá leathn(uigh)thí dorna maith cruadh ar chnáimh a ghéill. Mise i mbannaí go gcuirfeadh sin ó fhiod-gháire é. Bhí scathamh agus dhéanfadh na daoine sin fhéin leis, ach níl muid in don anois
→
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonnaic mé dhá cur léithi í, dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó muingbheara. Tá an fhlith chuile orlach cho maith leis an muingbheara. Í a bhruith i bpota agus an súgh a chuimilt don at. Ní fuláir í a choinneál cuimlithe léithi nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh as cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh annseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
→
foghail
Ní thiúrfadh sé aon-fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an táirne, ó d'imigh an fear siúd len a chuid airgid. Sé fálú an ghoirt é th'éis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
Tugann an gabha foghairt don "drill". Coinníonn sé dhá chur síos agus aníos san uisce, nó go mbíonn foghairt ann. Ní leigeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeóidh an géireadas as má bhíonn fabhairt ann. Ní theigheann foghairt ar bith igcrúdh. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon-fhoghairt ann. Ní bhíonn aon-chall dó leis. I gcruach a theigheas foghairt = foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
→
foireann
Is mór a choisneódh fuireann don tseomra sin anois. Lán laidhre a mhic ó! Tá chuile shórt in a ór
→
fonn
Abair amach "stave" fuínn! Ná tabhair le rádh don dream anoir é. Tá siad ag grágaíl annsin i gcaitheamh na hoíche
D'aithneódh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhrath mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige, ach nach dtiúrfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainnte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht len a raibh faighte aige, ná a bheith dhá mheárú fhéin
+
→
foscadh
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má theigheann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhascadh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn = ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirme ag baint na feamainne agus thiúrfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go mbeadh fascadh ionad thairis sin. An rud nach dtóigfeá as an lathach cuireann tú cosa faoi, agus innsíonn tú don tír é. Ní den chuibhiúlacht a bheith ar an gceird sin