→
don
Dona (50+)
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo chomh dona is a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar, níl mórán d'earasbarr aici ach oiread
Ní raibh de bharr na trá inniu againn ach cheithre fheadhnach capaill. Meas tusa nár dhona an fáiteall é sin ag triúr!
+
→
fliuchán
Is dona a théas fliuchán domsa — báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh sa gcladach, sa sliabh srl.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán — go leor uisce, locháin srl. ar bhóthar
+
→
fág
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
TUILLEADH (4) ▼
Ba dona an teach a bhí ansin nó go ndeachaigh inín S. Th. isteach ann. Má tá brá gill orthu inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Fágfaidh an láimh seo go dona mise (gan a bheith in ann tada a dhéanamh; pian a bheith orm srl.)
Sin é a d'fhága go dona é; a bheith ag tabhairt aird uirthi sin
Ara beannacht Dé dhuit. Ní iontas ar bith é sin. Cá bhfágfadh sí an onóir. Ní ón ngaoith a thug sí í sin chor ar bith. Níor sheas aon bhean ariamh ar urlár ba honóraí ná a máthair. Ba in í fhéin muis an onóir dhona.
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige chomh fáinneach siúd aici nuair a bheas sí scaitheamh i S. Gh. Bainfear obair aisti ansin. Dar fia is dona an mhalrait aici é, agus an cháil airgid atá uirthi, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
→
féar
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
+
→
fóir
Tá sé go dona, go bhfóire Dia orainn! (Cuirtear orainn isteach mar seo go minic i leaba air, cé gur do dhuine eile a bheifí ag guí cabhair ó Dhia)
TUILLEADH (2) ▼
Tá an saol go dona anois a bhfóire Dia orainn (a = /ə/. Is minic adeirtear mar seo é. Nó amanta d'uireasa an go nó a (/ə/) chor ar bith)
Níl d’fhóirithint ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirithint é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Ansin bíonn sé chomh dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
Giorróidh an carraeireacht leis as a dheireadh. Is olc é tuaradh na maidne a mhic ó, go mór mhór ag seanfhear dona atá ag tarraingt ar na trí scóir.
→
ceal 1
Is duine dona a bheadh cheal tine agus an méid coille atá ag titim ina críonach ansin thuas.
Cheannaigh mé capall aniar as Conamara anseo an bhliain cheana, agus níor mhór duine dhá cinnireacht leis an treabhadh i dtosach. Ach tá sí taithithe leis anois, agus níl go dona chor ar bith dhi.
→
cobha
Buaileann an cobha cuid mhaith acub ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon chlóic orthub leis mura mbeadh sé an-dona go díreach.
Meas tú tuige an coimhthíos atá sa mí seo chor ar bith? Ní fhaca mé an mhí seo ag teacht chomh dona ariamh cheana. Ach b'fhurasta a aithne é, agus an lá a dtáinig an ghealach. Gealach Sathairn agus í a theacht sa bhfómhar — uair sa seachtú bliain, is maith leis an mairnéalach í a fheiceáil.
→
comaoin
Níor chomaoin dom an oiread sin fhéin a dhéanamh dhó agus chomh dona is a bhí sé fhéin. Ach is maith an rud maith in aghaidh an oilc.
→
cora
Ba mhór an t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imeacht ar fud an aonaigh inniu, ag cur cara chainte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muintreacha dhó iad! Ach théis a bhfuil de ghairéad agus de ghaisce aige, is dona í a léine ach an oiread liom fhéin!
→
cosacán
Is cosúil go raibh sí ag iarraidh a dhul thar an díoga agus gur chaitheadh i ndiaidh a leataoibhe síos inti í. Dheamhan stró a bheadh uirthi meireach na cosacáin, ach is beag an rud atá in ann treampán a chur ar an rud dona ina dhiaidh sin.
→
cóineas
Dheamhan cóineas agam, ná cuid de chóineas, ach na boinn. Ach dheamhan go dona de dhuine a fhad is atá siad sin fhéin ar fónamh aige.
→
cóipís
Má thugann tú aird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí agat a thabhairt dó.
+
→
baile
Daoine dona atá ar na bailteachaí seo.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan baile aige anois, ach baile dona — is suarach le rá an teach nó an áit chónaí nó an talamh atá aige anois; nó duine a bheadh ag gabháil thart ar aimsir agus ag baint scaitheamh amach i chuile áit.
Níl go dona ann ach an té atá gan baile anocht (drochoíche)
→
bannaí 1
Is beag an mhaith dhuit bannaí béil a chur uirthi sin, arae níl foscadh ar bith inti. Is dona na gnaithí a bhí ort é a inseacht di chor ar bith.
+
→
bealach
Is beag an mhairg air sin, mo léan, an bealach a dhéanamh, nó dhá mbeadh sé a fhad eile. Ag ligean cluanaíochta air fhéin a bhíonnsé sin nuair adeireanns sé go mbíonn sé go dona.
TUILLEADH (1) ▼
Cá'il tú ag iarraidh mé a thabhairt? I mbealach mo bhasctha! Ní beag dom chomh dona agus atá mé faraor, agus gan mé a bheith níos measa!
→
beann
Is dona a frítheadh (nó a fágadh) mé má tá beann agam ortsa (adéarfadh duine le cur i gcéill go raibh sé neamhspleách ar dhuine eile)
→
coraice
I nDomhnach, bhí an lá inniu chomh dona le aon lá a tháinig ar choraice dhuibh na bliana. Bhí barr sneachta ar an mbáistigh a chaith sé taca am dinnéir.
Dheamhan ar dearnadh an oiread créatúlachta ariamh i gcaitheamh an tsaoil ar na daoine agus atá dhá dhéanamh anois. Bhí na tiarnaí sách dona, ach ba bheag an bhrí iad ar ghualainn na siopadóirí atá ann anois. Tá an tír bánaithe acub.
+
→
cuilín
Tá a shúil go dona. An lá faoi dheireadh a raibh siad ag cáitheadh, chuaigh cuilín den lóchán fúithi, agus chinn sé air é a thabhairt amach. Tá sí dúnta fré chéile anois aige. Banaltra mhaith a theastódh uaidh (banaltra = bean oiliúna. Deirtí go mbíodh bainne cíoch go maith ag súil thinn, nó súil a mbeadh salachar nó dúradán fúithi)
TUILLEADH (1) ▼
Fainic a mhuirnín, an dtiocfadh aon chuilín den choirce sin faoi do shúil nó bheifeá go dona aige.
+
→
beo 1
Ní fearr dhó beo má bhí sé chomh dona sin.
TUILLEADH (1) ▼
Chuile fhear beo agus a bhean fhéin aige. Níl go dona ann ach an té atá gan corrán, mar adeir an fear fadó. — chuile fhear ariamh acub srl
Is dona an rud biorach a chur róluath ar an gcéad lao, mar ní mian le na máithreachaí tál má chuirtear.
+
→
bocht 1
Is breá an rud a bheith bocht le hais a bheith go dona don chomharsa.
TUILLEADH (4) ▼
Tá an duine bocht go dona le seachtain.
Is bocht an rud d'aon duine a chuid a chaitheamh go dona nó go drabhlásach i dteach an óil.
'Is dona an rud a bheith go holc agus go bocht ina dhiaidh' (seanfhocal — ní móide go gciallódh "bocht" anseo daibhir. Bheadh sé chomh dóichíde go gciallódh sé éalangach, aithiseach, nó in anchaoi. Chiallódh sé amantaí freisin go mbeadh caitheamh ina dhiaidh ag an té a rinne an t-olc, arae nach dtiocfadh sé chun tosaigh ná chun tairbhe dhó fhéin)
Sin é a bhfuil dá bharr anois aige. Is dona an rud a bheith go holc agus go bocht ina dhiaidh.
→
bollaire
Bollaire maith é sin san áit a n-airíonn sé na daoine go dona, ach a mhaiste, bheadh smideannaí beaga aige in aice chuid de na daoine mar bheadh a fhios aige nach n-éistfí leis.