Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-chor
+
Thug sé droch-chor dó féin — rinne sé dubhní air féin; bháigh sé, mharaigh sé srl. é féin
'Sé an chaoi a mbeidh sé aige sin as a dheireadh: tabharfaidh sé droch-chor dó féin go sábhála Dia sinn
TUILLEADH (5) ▼
Níl léamh ar bith ar an mbean atá aige. Tá na seacht ndiabhail uirthi. Mura gcuire sí faoi ndeara dhó droch-chor a thabhairt dó féin as a dheireadh, tá an scéal ceart
Tháinig saochan céille air agus shíl sé droch-chor a thabhairt dó féin murach a luas agus a tapaíodh é
Tá chuile ní ceart ach é sin: duine ag tabhairt droch-chor dó fhéin. D'agródh Dia ar dhuine é cuimhniú amháin air sin gan trácht ar a athrú
Téirigh agus tabhair droch-chor duit féin más breá leat sin. Dar fia muis, ní bhacfar anseo thú. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá ort ar aon chor
Is dalba an peaca é sin i láthair Dé: droch-chor a thabhairt duit fhéin. An té a ghníos é sin, deir siad nach mbíonn slánú ina chionn, nár ba lúidire an trócaire ar Dhia!

Féach freisin

cor

droch-chor in iontrálacha eile (7)

+
Ara droch-chríoch orthub mar mhná. Ná déan a samhailt chor ar bith liom. Ní beag dhóibh a bhfuil thar bharr a gcéille acub cheana, agus gan an cleas céanna a dhéanamh liomsa — shoraidh dhaob (díobh) mar mhná.
TUILLEADH (1) ▼
Droch-chríoch uirthi mar scillingín ghágach, murach leisce a dhul dhá caitheamh suas, ní thiocfainn ina coinne chor ar bith ('sé a raibh sé a fháil, scilling dole)
 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán
+
Ná tabhair aird ar bith air! Dhá mbeadh sé sin ag iarraidh a theacht, b'fhurasta dhó a theacht. An dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Is fhearr dhuitse fear a fháil a dtabharfaidh tú luach a shláinte dhó ná a bheith ina chleithiúnas chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuimhne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéarfadh suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
 
diaidh
Breathnaigh ina dhiaidh sin, nó mura bhfuil mise ag dul amú go mór, is fear é a bhfuil rún aige droch-chor a thabhairt dhó féin — tabhair aire dhó; bí san airdeall air
 
Fhóbair mé gan díol as chor ar bith. Tá mearbhall eicínt orm anocht. Droch-chearrbhach arsa tusa