Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-chor
+
Thug sé droch-chor dó féin = rinne sé dubhní air féin; bháith sé, mharaigh sé agus rl. é féin
Sé'n chaoi a mbeidh sé aige sin as a dheireadh: tiúrfaidh sé droch-chor dó féin 'sábhálaidh Dia sinn
TUILLEADH (5) ▼
Níl léamh ar bith ar an mbean atá aige. Tá na seacht ndiabhail uirre. Mara gcuire sí faoi ndeara dhó droch-chor a thabhairt dó féin as a dheireadh, tá an scéal ceart
Tháinic saochan céille air agus shíl sé droch-chor a thabhairt dó féin marach a luas agus a tapaíodh é
Tá 'chuile ní ceart ach é sin: duine ag tabhairt droch-chor dó fhéin. D'agródh Dia ar dhuine é cuimniú amháin ar sin gan trácht ar a athrú
Teirigh agus tabhair droch-chor duit féin más breá leat sin. Dar fiadh muis, ní bhacfar annseo thú. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá ort ar aon-chor
Is dalba an peaca é sin i láthair Dé: droch-chor a thabhairt duit fhéin. An té a ghníos é sin deir siad nach mbíonn slánú in a chionn, nar ba lúidire an trócaire ar Dhia!

Féach freisin

cor