drochiarraidh
—
·
Tá drochiarraidh aige — duine a mbeadh sé de cháil air, nuair a thabharfadh sé buille de dhorn, de bhata, ná de chloich uaidh, go ngortódh an buille thar cionn
drochiarraidh in iontrálacha eile (4)
                    →
                    donas 1
                  
                  
                    Is maith nach mór dhuit a bheith ar do mhaidí nó gheobhaidh tú drochiarraidh ón diabhlánach siúd.  Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh
                    Is iad is drisíní chantalaí dhá bhfaca mise ariamh.  Níl aon mhaith a bheith dhá mbualadh.  Tá an oiread buailte orthu agus a mharódh múille ach cén mhaith sin.  Níl aon tsuaimhniú i ndán dóibh ach suaimhniú amháin: chaon nduine acu a chur in ísle bhrí le drochiarraidh
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
            
                    →
                    droch- 
                  
                  
                    Shíl sé drochiarraidh a thabhairt dom
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Tá drochiarraidh (drochbhuille, drochdhorna, droch-chic, drochghreim, droch-chlabhta) aige — iarraidh í a ghortódh thú (go fiú is dhá mbeadh sé gan a tabhairt duit ach as magadh féin)