Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duailín
/dūəl′īn′/
ainmfhocal, fireann
díspeagadh ar dual
1.
a.
+
Cé leis an chaora atá ag imeacht agus an duailín inti — dlaoi nó scothóg den olann a d'fhágfaí ar dhroim caorach nó aniar ag na slinneáin nuair a bheifí dhá bearradh. I ngill le go mbeadh sí so-aithnithe ag an úinéara é
J. K., cloigeann catach, drioball fada, crosóig theara agus duailín — sin iad na comharthaí aithne a bhí aige ar an gcaora
TUILLEADH (3) ▼
Cén chall atá dhuit duailín a fhágáil uirthi má tá tú ag dul dá brandáil. Dá mba fear maith thú, bheadh aithne chinn agat ar do chuid caorach. Tá faitíos orm nach mbeidh tú in do ridire caorach go deo ach an oiread liom féin. Ní bheidh ná in do mhaor féin
Is deas an feic é dar fia, agus gan scioltar air ach an duailín sin i gcónaí ag imeacht le gaoith. Aithneofar é mo léan
Ní slachtmhar a rinne sé é ó chuaigh sé dhá bearradh (capall). Tuige ar fhága sé an duailín sin ansin uirthi? Faitíos a bhí air nach n-aithneodh sé í is dóigh!
·
Cé mhéad a chuaigh molt an duailín
Meas tú nach é reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chur orm, ach ní cheannóinn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé chomh righin sin. Tá agus sceite ar fad théis na reithí. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag crinneadh a sheanchnámha sin le fiacla fabhtacha
b.
+
Tá an duailín laghdaithe aici seo soir — a gruaig bearrtha aice; an bearradh bradach tugtha ar a cuid gruaige aici
Is mór a chuir sé as a slacht í an duailín a laghdú. Ní dhéanfar aon amhrán níos mó faoi chúl gruaige na gcailíní
TUILLEADH (4) ▼
Breá nach laghdaíonn an cuileachán seo anuas a duailín féin agus a bheith sa bhfaisean chomh maith le duine
Caithfidh sí an duailín a laghdú anois má thugtar soir í. Is beag a thaitneos sé léithe sin oíche a chaitheamh thoir ansin
Níl aon bhean i do thír nach bhfuil an duailín laghdaithe aici ó thosaigh caint ar an drochthinneas seo. Ach is cuma sin dóibh. Tabharfar soir ansiúd iad agus bearrfar amach ón dúid iad
Is fhearr le S. bean a mbeadh an duailín laghdaithe aici mar atá ag an nurse. Ní fhéadfaidh sé breith i ngreim cúl cinn ar a leithide sin agus tosaí dhá streachailt ar fud an tí
2.
+
Thug sí cosa ar duailín dó. Sin é an chaoi ar thug sí abhaile é — suí aniar ar ghualainn duine agus cos ar gach aon ghualainn ar sliobarna aniar
Ag iarraidh cois ar duailín a dhéanamh atá tú. Dar fia ní bhfaighidh tú a chead muis. Meas tú an bhfuil rud ar bith ar m'airese ach cosa ar duailín a thabhairt duitse théis mo lae
TUILLEADH (6) ▼
Ní haighdeá atá sé a iarraidh ach cosa ar duailín. Suas leat ar an mbord mar sin agus tabharfaidh mise dhuit é. Seol leat
Ba é an chaoi ab éasca dhuit uileag é a iompar dhá mbeadh a chosa ar duailín aige. Ach ba in é an áit a raibh an obair a chosa a chur ar duailín
D'iompair mé M. sin cheana anoir as S. G. agus é ar chosa ar duailín orm. B'fhusa liom sin ná é a thabhairt liom ar mo dhroim. Is deacair siúl agus duine agat ar do dhroim. Bíonn duine an-mhístuama ar dhroim duine eile mura mbeadh páiste ann go díreach
Tá an bhean siúd aige chomh beag agus go bhféadfadh sé a tabhairt i chuile áit agus a cosa ar duailín. Is beag an stró a bheadh air: feithideach cloíte caite í
Caith suas thú fhéin de chosa ar duailín air. Is beag an stró a bheas air sin thú a iompar. Ní aireoidh a dhromán sin thú a dhath
Bhí fear mór anseo thíos sa show agus 'sé an obair a bhíodh air, ag tabhairt cosa ar duailín do na gasúir uileag. Bhíodh a mh'anam, ag sodar timpeall an gharraí leo agus chuile dhuine atá ag iarraidh marcaíocht a fháil air. Tarraingíonn chuile ealaín na pínneachaí chreidim

duailín in iontrálacha eile (5)

+
dual 2
Sin í an onóir: duailín mar sin a fhágáil as an mbaithis
TUILLEADH (4) ▼
Tuige nach bhfágfaidh tú duailín ar bith ann. Diabhal blas den cheart nach bhfuil agat. Níl gnaithe ar bith agat dó anuas in do shúile
"Chuirfeá duail i mapaí (sórt plaits mar a d'fheicfeá i ngruaig). Bheadh duine ag déanamh duail agus dhá síneadh agat, agus thú dhá bhfíochán isteach sa mapa. Dhéanfaí súgán tuí i dtosach agus bheadh duine ag déanamh duail duit, agus chuirfeá isteach iad i chuile áit dhá bhfeilfidís go mbeadh fad an mhapa déanta agat, agus thiocfá ar ais aríst ag tógáil na ndual agus ag cur isteach duailíní i chuile áit dhá bhfeilfidís" (sliocht as cuntas ar dhéanamh mapaí nó mataí — ó m'athair)
Foighid ort anois. Dual beag — duailín a bheas mé a iarraidh. Caithfidh mé an dual seo a chur isteach i dtosach. Ní ligfidh an mapa seo puth isteach feicfidh tú féin air
Ní mór don tsnáth lín a bheith ina dhuailíní lena dhul sa seol — ceann an tsnátha a cheangal suas agus slat nó maide a chur thríd. Déantar le snáth ar bith é a bhíos sa seol ach go gcaithfidh sé a dhul thríd an tslinn agus thríd an uaim i dtosach sula gcuirtear ar an ngarmain é