Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Duailín
/dūəl′īn′/
ainm-fhocal fireann
dísbheagadh ar dual
1.
a.
+
Cé leis an chaora atá ag imeacht agus an duailín inte = dlaoi nó scothóg de'n olann a d'fhágfaí ar dhruim caorach nó aniar ag na slinneáin nuair a bheithí dhá bearradh. Ingíl le go mbeadh sí so-aithnighthe ag an uainéara é
J. K. cloigeann catach, drioball fada, crosóig theara agus duailín = sin iad na comharthaí aithne a bhí aige ar an gcaora
TUILLEADH (3) ▼
Cé'n chall atá dhuit duailín a fhágáil uirre, má tá tú ag dul dá brandáil. Dá mbadh fear maith thú, bheadh aithne chinn agad ar do chuid caorach. Tá faitíos orm nach mbeidh tú in do ridire caorach go deo ach an oiread liom féin. Ní bheidh ná in do mhaor féin
Is deas an feic é dar fiadh, agus gan sciolltar air, ach an duailín sin i gcomhnaí ag imeacht le gaoith. Aithneochar é mo léan
Ní slachtar a rinne sé é ó a chuaidh sé dhá bearradh (capall). Tuige ar fhága sé an duailín sin annsin uirre? Faitíos a bhí air nach n-aithneochadh sé í is dóigh!
·
Cé mhéad a chuaidh molt an duailín
Meastú nach hé reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chuir orm, ach ní cheannóchainn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé cho roighin sin. Tá agus sceithte ar fad th'éis na reitheadha. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag creinneadh a shean-chnámha sin le fiacla fabhtacha
b.
+
Tá an duailín laghduighthe aice seo soir = a gruaig bearrtha aice; "an bearradh bradach" tugtha ar a cuid gruaige aice
Is mór a chuir sé as a slacht í an duailín a laghdú. Ní dhéanfar aon-amhrán níos mó faoi chúl gruaige na gcailíní
TUILLEADH (4) ▼
Breagh nach laghduigheann an cuileachán seo anuas a duailín féin agus a bheith sa bhfaisean cho maith le duine
Caithfidh sí an duailín a laghdú anois má thugtar soir í. Is beag a thaithneochas sé léithe sin oíche a chaitheamh thoir annsin
Níl aon-bhean i do thír nach bhfuil an duailín laghduighthe aice ó thosuigh caint ar an droch-thinneas seo. Ach is cuma sin dóib. Tiubharfar soir annsiúd iad, agus bearrfar amach ó'n dúid iad
Is fhearr le S. bean a mbeadh an duailín laghduighthe aice, mar tá ag an "nurse." Ní fhéadfaidh sé breith ingreim cúl cinn ar a leithide sin agus tosuighe dhá strachailt ar fud an tighe
2.
+
Thug sí cosa ar duailín dó. Sin é an chaoi ar thug sí abhaile é = suidhe aniar ar ghualainn duine, agus cos ar gach aon-ghualainn ar sliobarna aniar
Ag iarraidh cois ar duailín a dhéanamh atá tú. Dar fiadh ní bhfuighidh tú a chead muis. Meastú an bhfuil rud ar bith ar m'aire-sa ach cosa ar duailín a thabhairt duitse th'éis mo lae.
TUILLEADH (6) ▼
Ní haigh-deá atá sé a iarraidh ach cosa ar duailín. Suas leat ar an mbord mar sin, agus tiubharfaidh mise dhuit é. Seol leat
Ba é an chaoi ab éascaidh dhuit uiliog é a iompar dhá mbeadh a chosa ar duailín aige. Ach ba shin é an áit a raibh an obair a chosa a chur ar duailín
D'iompuir mé M. sin cheana anoir as S. G. agus é ar chosa ar duailín orm. B'fhusa liom sin ná é a thabhairt liom ar mo dhruim. Is deacair siubhal agus duine agad ar do dhruim. Bíonn duine an-mhío-stuama ar dhruim duine eile, mara mbeadh páiste ann go díreach
Tá an bhean siúd aige cho beag agus go bhféadfadh sé a tabhairt is 'chuile áit agus a cosa ar duailín. Is beag an stró a bheadh air: feithideach claoidhte caithte í
Caith suas thú fhéin do chosa ar duailín air. Is beag an stró a bhéas air sin thú a iompar. Ní aireochaidh a dhromán sin thú a dhath
Bhí fear mór annseo thíos sa "show," agus 'sé'n obair a bhíodh air ag tabhairt cosa ar duailín do na gasúir uiliog. Bhíodh a mh'anam ag sodar timpeall an gharrdha leo, agus 'chuile dhuine atá ag iarraidh marcaidheacht a fháil air. Tarraingigheann 'chuile ealadhain na pighneachaí chreidim

Duailín in iontrálacha eile (5)

+
dual 2
Sin í an onóir: duailín mar sin a fhágáil as an mbaithis
TUILLEADH (4) ▼
Tuige nach bhfágfaidh tú duailín ar bith ann. Diabhal blas de'n cheart nach bhfuil agad. Níl gnatha ar bith agad dó anuas in do shúile
"Chuirfeá duail i mapaí (sórt "plaits" mar a d'fheicfeá ingruaig). Bheadh duine ag déanamh duail agus dhá síneadh agad, agus thú dhá bhfigheachán isteach sa mapa. Dhéanfaí súgán tuighe idtosach agus bheadh duine ag déanamh duail duit, agus chuirfeá isteach iad is 'chuile áit dhá bhfeilfidís, go mbeadh fad an mhapa déanta agad, agus thiocfá ar ais aríst ag tóigeál na ndual, agus ag cur isteach duailíní is 'chuile áit dhá bhfeilfidís" (sliocht as cuntas ar dhéanamh mapaí nó mataí — ó m'athair)
Foighid ort anois. Dual beag — duailín a bhéas mé a iarraidh. Caithfidh mé an dual seo a chur isteach idtosach. Ní leigfidh an mapa seo puth isteach feicfidh tú féin air
Ní mór do'n tsnáth lín a bheith in a dhuailíní len a dhul sa seol = ceann an tsnáithe a cheangal suas agus slat nó maide a chur thríd. Déantar le snáth ar bith é a bhíos sa seol ach go gcaithfidh sé a dhul thríd an tslinn agus thríd an ughaim idtosach sul a gcuirtear ar an ngarmain é