Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dálaí (gálaí)
ainmfhocal
deirtear dálaí scaití in áit gálaí ach is cosúil gur gálaí é ó cheart (fc. gála). Rinne g i gálaí d, agus b'fhéidir gur chuidigh an focal dola leis an athrú (fc. dola)
sraitheannaí airgid.
·
Shílfeá mura mbeadh le n-íoc aige ach dálaí beaga mar sin go n-íocfadh sé iad — suimeannaí beaga airgid ó am go ham

Féach freisin

dola