Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
dola
fc. dol

Féach freisin

dola in iontrálacha eile (50)

 
Ar ndóigh bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agat, níor ceart go mbeadh aon chall duit an deachma a chur ar cairde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithidese é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
 
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an dea-dhíolaí ann, tá triúr ina aghaidh sin atá ina ndrochdhíolaithe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saol a ríochan chomh maith le duine
 
déan 1
Is fear é atá ag fáil rud le déanamh ar an saol seo agus a mhuirín a thógáil. Is beag an t-ionadh sin. Tá dola mór air, agus gan thairis sin de ghaisce ar a bhfuil de shlí aige
 
Dhíol sé deascán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú
+
deis
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) — caitheann sé a dhul faoi chostas i dtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air srl., ach tá deis airgid aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aici anois. Measaim nach mbeidh aon duine le dhul ina béal ort. Tá chuile dhuine róchruógach le na fataí
 
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
 
díol 2
Théis a raibh de theacht isteach aige, bhí a sheacht sáith le déanamh aige agus díol a fhreastail a bheith aige. Ar ndóigh bhí dola mór air lena raibh de mhuirín aige
+
dol 1
Thógadar dola bradáin arú aréir. Chaitheadar ar an abhainn ó oíche go maidin. Níl poll ná linn ná geadán láibe ó Ch. na gC. go dtí D. na mB. nár shaighid siad. Deirimse leat go ndearna siad sladadh, agus sladadh spleách freisin, ach thapaigh siad an oíche cheart — an oíche a mbeadh an bheirt is dainséaraí de na maortha ó bhaile. Tuilleadh diabhail ag bradáin muis, mura bhfuair siad garbh anois le coicís é. Is iomaí dola tógtha ag W. i mbliana
TUILLEADH (37) ▼
Is diabhlaí an dola éisc a d'éirigh le fear an phosta inné. Bhí suas le trí chéad aige, agus gan é amuigh thar chupla uair an chloig. Chaith muid an lá arú inné ar fad amuigh agus dheamhan a shúil a bhí againn, i gcruthúnas duit go mbíonn ádh éisc ar dhaoine thar a chéile
Dhá n-éiríodh sí de na héanachaí, bhéarfadh sí dola eile uibheachaí (cearc) — líne nó sraith eile
Níl an uair briste fós. Níl mórán cosúlacht claochmú ar an aer sin ó thuaidh. Dola eile sneachta atá air chomh siúráilte agus atá cluais ar do cheann — níl an claochmú ar fáil fós (ó shioc go báisteach). Tá tuairt eile shneachta air
Beidh sé sa gcéad dola eile dochtúirí a gheobhas dintiúirí. Tá sé in am sin aige. Dheamhan lá le mo chuimhne nach bhfuil sé ag dul ag an Ardscoil sin, agus iad ag rá chuile lá gur gearr uaidh a bheith ina dhochtúr
Teagann dola leabhar chuige chuile sheachtain hé brí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé chomh maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad duine dhá chine é a raibh focal scoláireachta ina phluic
Sin é anois an dola litreachaí a fuair tú inniu. Tiocfaidh dola eile anois amárach ó dhuine eicínt eile chugat — glac
Tá sé buailte anois, arae ní fhéadann sé an poitín a fháil ach ina dholaí beaga. Níl sé ann. Murach sin bheadh sé ina ridire faoi seo. Feicfidh tú fhéin air gurb iúd é atá deas ar a dhíol, agus nach mbéarfar air ach oiread
Tá dolaí móra airgid aige. Meas tú cá'il sé dhá fháil. Níl a fhios agam nach bhfuil ciste aige in áit eicínt: bheadh ciall ina leithide thar is daoine eile nach bhfuil ciste ná stór acu
Is áibhéil an dola airgid é sin. Dhá bhfaighinnse an méid sin, chuirfinn ól go haer
Tá sé ag fáil dola mór anois, cupla céad punt nó gar dhó — suim airgid ag teacht chuige. Amantaí ciallaíonn sé tuarastal nó teacht isteach
Tá dola mór dó, ach tá dola air freisin — tá go leor airgid ag teacht isteach dó, ach tá rudaí ag glaoch nó ag teacht trasna air freisin
Ara níl só ná sásamh air ar an gcaoi sin dhá tharraingt ina dholaí beaga i bhfad ó chéile. B'fhearr liomsa gan a bheith ag sceidínteacht leis chor ar bith ach a tharraingt in éindí, agus an fhad is a rachadh sé téadh sé ansin, mura seasadh sé ach seachtain
Mura bhfaigheann sé é ach ina dholaí beaga fhéin, tá páí sheasta dó, agus is mór is fiú dhó é sin. Bíonn sé gearr scaití is dóigh, ach cuireann cupla seachtain go dtí n-a dhóthain é ina dhiaidh sin
Tá dola poor-rates le n-íoc agam anois, agus gan fhios agam ó Dhia anuas cá bhfaighidh mé é. Tá leisce orm scaradh leis an nglaicín mhóna atá ansin thiar agam, nó go n-ardaí sí romhainn amach. Maidir le beithígh, is fear gan fáltas atá ina gcleithiúnas anois
Bail ó Dhia ort, níor íoc mé an chéad dola féin fós i mbliana, ní hé amháin an dara dola a íoc. 'Sé an cíos céanna an chloch is faide siar ar mo phaidrín. Cuiridís an sirriam agam más breá leo, agus cuiridís as an tseilbh mé. Is beag sin agam. Maidir lena mbuachfaidh duine ar bith ar thalamh sa saol atá ann, 'sé cuid an bheagáin é
Tugaim corrdhol dhó de réir mo láimhe, léar (de réir) mar a fhaighim ionú air. Is iomaí dola éisc a d'éireodh liom murach go bhfuil mo chuid eangachaí roiste ar fad, agus ní féidir scair eangaí a fháil anois
Dola amháin de na heangachaí atá acu sin (ag na Francaigh), agus chíorfaidís cupla míle farraige leo. Is furasta a aithinte é. Thréig an t-iasc an cuan ar fad ó thaithigh siad sin ann. Ar ndóigh níl aon fheithideach beo dhá gcastar sna heangachaí sin nach bhfuil cniogtha chomh maith leis an iasc
Bhí an líon ag an dream sin as Gaillimh a bhí ag saighdeadh na habhann anuraidh. Chuala mé gur thug siad dhá chéad bradán leo d'aon dola amháin. Nach beag an rath atá ar do lucht aitheantais, nach mbuailfeadh amach oíche eicínt agus an cleas céanna a dhéanamh. Ba chuma dóibh cén chaoi a dtiocfadh an bhliain ina dhiaidh
Meas tú an dtabharfaidh tú aon dola as na ronnaigh seo atá isteach. Chuala mé go bhfuil siad ina mbáirí le cloich
Chuaigh sí síos tigh T. K. i nGaillimh agus thóg sí dola uaidh nár íoc sí ariamh — lastas earraí a fháil ar cairde; aon lá amháin nó d'aon iarraidh amháin a rinneadh an margadh agus frítheadh na hearraí
Tá dola mór air — caitheann sé go leor a chur amach. Tá an-chaitheamh airgid air.
Tá siad deisiúil, ach m'anam má tá fhéin go bhfuil an t-an-dola ar an teach siúd. Ar ndóigh, ní teach é ach beairic. Cén chaoi ar dheisigh siad é? Is maith an poll i gcéad punt a chuirfeadh a bhfuil de throscán i seomra amháin ann. Diabhal bréag!
Níl léamh ar bith ar a bhfuil de dhola air sin ina dhiaidh sin. Tá carr agus lorry aige ar an mbóthar agus péire capall, agus tá cíos trom agus rates ar an áit sin. Diabhal a fhios agam féin dá bhfanadh sé mar a bhí sé, nach mb'fhearr na gnaithí a dhéanfadh sé. As na tithe beaga a théitear sna tithe móra adeir siad, ach diabhal a bhfuil na tithe móra gan a ndonacht féin freisin
Pé ar bith cén t-airgead atá sé a dhéanamh nó nach bhfuil, tá sé báite i bhfiacha. Is furasta a rá go bhfuil sé ag saothrú an oiread seo céadta punt. Ach cá'il a bhfuil de chéadta de dhola air. Tá seisear clainne aige ag dul ag coláistí, agus measann tusa nach gcosnaíonn siad sin airgead, idir éadach, leabhra agus luach na scoile. Bí siúráilte go gcosnaíonn
Níl aon tSatharn dhá n-éiríonn ar a súil nach mbíonn seifte aici, agus teagann chuile leithphínn di abhaile cé is moite de bheagán a chuireas sí amach ar tae is siúcra (groceries). Nach dtiocfadh céad mine ráithe uirthi, agus í gan sac gan mac gan muirín. Níl aon dola uirthi ar fiú trácht air
An bhfuil an oiread agat agus a dhíolfadh do dhola — a d'íocfadh do bhealach
Tá an coláiste in aisce aige, agus sílim go bhfaigheann sé pínneachaí beaga dhó fhéin, ach níl an oiread aige ina dhiaidh sin agus a dhíolfadh a dhola. Duine an-chríonna é, ach más ea féin, caitheann a mhuintir airgead a thabhairt dó go minic
Bhí sé in ainm is an oiread seo céadta punt a bheith ag teacht isteach dó, agus ina dhiaidh sin agus uileag, is minic a chonaic mé é agus gan an oiread aige agus a dhíolfadh a dhola. Diabhal é muis. I gceann a beith caifeach dhó, bhí dola mór air
Má tá sé ag teacht isteach féin, tá an dola ann dhá réir. Níl a fhios ag aon duine cá luíonn an bhróig ar an duine eile
Tá a fhios ag chuile dhuine céard é do shlí ach níl a fhios ag mórán céard é do dhola. Sin é an buille (leathfhocal é) — tá a fhios ag chuile dhuine céard atá ag teacht isteach duit ach níl a fhios ag aon duine céard a bhíos ort a chaitheamh aríst; ní bhreathnaíonn daoine ach ar do shlí agus ní chuimhníonn siad gur call duit tada a chaitheamh, ainneoin scaití nach mbeadh díol do fhreastail agat
Tá a fhios ag chuile dhuine acu céard é dola an chinn eile más fíor dóibh féin
Seo é aríst é. Comhairfidh sibh é sin go maith ach ní chomhairfidh sibh an méid a chuirim amach leath chomh maith. Tá a fhios ag chuile dhuine céard é mo shlí ach ní bhreathnaíonn aon dhuine ar mo dhola
Bíonn a dhola chomh mór amantaí, agus nach mbíonn an teas ag breith ar an bhfuacht aige
Cén dolaí atá ort? — díth, mairg, clóic srl.
Bíonn a fhios ag chuile dhuine acu dola(í) an duine bhoicht, ach is beag aird a bhíos acu air, ach a bhfaigheann siad iad féin istigh (sa Dáil, ina dteachtaí Dála)
Má ghníonn sé dolaí, íocfaidh sé ann. Ní cóir a ligint leis. Rófhada atá na daoine ag éisteacht leis
Dhéanfadh sé dola dhá bhfaigheadh sé cead a chinn, ach ní bhfuair
 
Tá siad ag dolaíocht thíos anseo le cupla lá. Thóg siad dola mór tráthnóna inné. Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tógtha acu. Sin é a bhfuil siad in ainm is a thógáil de réir an mhargaidh, ach ar ndóigh mo chreach, is beag aird a bheas ar an margadh sin
 
draoi
Maraíodh an draoi breacach díobh ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm is thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil ina dhiaidh sin
 
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh, tabharfaidh siad isteach dúbailte dhuit é lá an aonaigh feicfidh tú féin air — tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread buntáiste agat dhá bharr
 
Cén dola amach atá air — costas (fc. amach agus dol)