Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
dola
fc. dol

Féach freisin

dola in iontrálacha eile (50+)

 
Ronnachaí ar fad a bhí san eangach. Chuile bhreac ar an bhfeadhain acu. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
fág
Tá do chuid dola dhíot agat aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
 
Dheamhan mórán dola a bhí air chor ar bith leis an teach nua. Rinne sé fhéin an choirpéis, agus chuir an mac is sine suas cuid mhaith den cheann.
 
bocht 1
Is suarach an t-ionadh dhó a bheith bocht agus an dola atá air
+
amach
Tá an-dola amach air — dola; go leor rudaí ag teacht trasna air; go leor éileamh le freastal aige; go leor le n-íoc aige.
TUILLEADH (18) ▼
Cén tslí atá aige le hais an dola amach atá air.
Má tá slí féin againn, tá an dola amach mór dhá réir.
Níl seifte ar bith anois ag na daoine (againn) agus an dola amach céanna i gcónaí orainn.
Ní fhéadfaidh muid freastal don dola amach seo i gcónaí — ní fhéadfaidh muid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraithe srl. i gcónaí.
Níl pínn ar bith ar an rud a bheas duine a dhíol, agus an dola amach céanna i gcónaí air.
Tá sé furasta go leor a bheith ag caint, ach cén chaoi a leagfaidh duine airgead i leataobh agus an dola amach atá air.
Má tá an pháí mór fhéin i nGaillimh, tá an dola amach dá réir.
Is fusa d'fhear na tuaithe maireachtáil mar níl an dola amach chomh mór air agus atá ar fhear an bhaile mhóir.
Dhá mbeadh a fhios agat mo dhola amachsa le seachtain, ní fhiafhrófá cén fáth nach bhfuil airgead agam.
Is deacair dhó riar a cháis a bheith aige chor ar bith agus an dola amach atá air.
Tá dola amach áibhéil ar fhear muirín ar an saol seo.
Níl a theacht isteach baol air chomh mór lena dhola amach.
Tá teacht isteach maith aige, ach cár fhága tú an dola amach atá air?
Le strapadóireacht mhór atá muid ag coinneáil tí ar bith anois agus a bhfuil de dhola amach orainn.
Tá teach áirgiúil aige ach m'anam go bhfuil dola amach mór air.
'Suarach an t-ionadh go mbeadh an-dola amach air agus lán an tí de mhuirín air.
M'anam, go lige Dia slán na daoine, má tá siad ag saothrú fhéin go bhfuil an dola amach orthub freisin.
Murach chomh tíobhasach agus a bhí mé, ní choinneoinn teach ar bith leis an dola amach a bhí orm, ag iarraidh éadach agus beatha a choinneáil ar lán tí.
 
Hé brí cén dola a bheas orainn, ní fhéadfar aon phínn den airgead sin a chur amach.
 
Féacha an dola atá orainn: naonúr acu bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu. Is deacair a dtógáil agus éadach a chur orthu, agus gan slí gan fáltas ó fhlaithis Dé againn
 
lón
Is olc an lón duit an méid sin, más leat an lá a chaitheamh ar an aonach — níl do sháith airgid ann le dola an lae a chur thart
 
Bhí dola mór feamainne in íochtar an chladaigh inniu
 
Théis a bhfuil de dhola air, agus lán tí de mhuirín air bail ó Dhia orthu, dar príosta tá sé ag coinneáil snáth faoin bhfiacail
 
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an dea-dhíolaí ann, tá triúr ina aghaidh sin atá ina ndrochdhíolaithe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saol a ríochan chomh maith le duine
 
Ar ndóigh bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agat, níor ceart go mbeadh aon chall duit an deachma a chur ar cairde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithidese é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
 
Dhíol sé deascán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú
+
deis
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) — caitheann sé a dhul faoi chostas i dtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air srl., ach tá deis airgid aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aici anois. Measaim nach mbeidh aon duine le dhul ina béal ort. Tá chuile dhuine róchruógach le na fataí
 
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
 
Tá siad ag dolaíocht thíos anseo le cupla lá. Thóg siad dola mór tráthnóna inné. Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tógtha acu. Sin é a bhfuil siad in ainm is a thógáil de réir an mhargaidh, ach ar ndóigh mo chreach, is beag aird a bheas ar an margadh sin
+
dol 1
Thógadar dola bradáin arú aréir. Chaitheadar ar an abhainn ó oíche go maidin. Níl poll ná linn ná geadán láibe ó Ch. na gC. go dtí D. na mB. nár shaighid siad. Deirimse leat go ndearna siad sladadh, agus sladadh spleách freisin, ach thapaigh siad an oíche cheart — an oíche a mbeadh an bheirt is dainséaraí de na maortha ó bhaile. Tuilleadh diabhail ag bradáin muis, mura bhfuair siad garbh anois le coicís é. Is iomaí dola tógtha ag W. i mbliana
TUILLEADH (14) ▼
Is diabhlaí an dola éisc a d'éirigh le fear an phosta inné. Bhí suas le trí chéad aige, agus gan é amuigh thar chupla uair an chloig. Chaith muid an lá arú inné ar fad amuigh agus dheamhan a shúil a bhí againn, i gcruthúnas duit go mbíonn ádh éisc ar dhaoine thar a chéile
Dhá n-éiríodh sí de na héanachaí, bhéarfadh sí dola eile uibheachaí (cearc) — líne nó sraith eile
Níl an uair briste fós. Níl mórán cosúlacht claochmú ar an aer sin ó thuaidh. Dola eile sneachta atá air chomh siúráilte agus atá cluais ar do cheann — níl an claochmú ar fáil fós (ó shioc go báisteach). Tá tuairt eile shneachta air
Beidh sé sa gcéad dola eile dochtúirí a gheobhas dintiúirí. Tá sé in am sin aige. Dheamhan lá le mo chuimhne nach bhfuil sé ag dul ag an Ardscoil sin, agus iad ag rá chuile lá gur gearr uaidh a bheith ina dhochtúr
Teagann dola leabhar chuige chuile sheachtain hé brí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé chomh maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad duine dhá chine é a raibh focal scoláireachta ina phluic
Sin é anois an dola litreachaí a fuair tú inniu. Tiocfaidh dola eile anois amárach ó dhuine eicínt eile chugat — glac
Tá sé buailte anois, arae ní fhéadann sé an poitín a fháil ach ina dholaí beaga. Níl sé ann. Murach sin bheadh sé ina ridire faoi seo. Feicfidh tú fhéin air gurb iúd é atá deas ar a dhíol, agus nach mbéarfar air ach oiread
Tá dolaí móra airgid aige. Meas tú cá'il sé dhá fháil. Níl a fhios agam nach bhfuil ciste aige in áit eicínt: bheadh ciall ina leithide thar is daoine eile nach bhfuil ciste ná stór acu
Is áibhéil an dola airgid é sin. Dhá bhfaighinnse an méid sin, chuirfinn ól go haer
Tá sé ag fáil dola mór anois, cupla céad punt nó gar dhó — suim airgid ag teacht chuige. Amantaí ciallaíonn sé tuarastal nó teacht isteach
Tá dola mór dó, ach tá dola air freisin — tá go leor airgid ag teacht isteach dó, ach tá rudaí ag glaoch nó ag teacht trasna air freisin
Ara níl só ná sásamh air ar an gcaoi sin dhá tharraingt ina dholaí beaga i bhfad ó chéile. B'fhearr liomsa gan a bheith ag sceidínteacht leis chor ar bith ach a tharraingt in éindí, agus an fhad is a rachadh sé téadh sé ansin, mura seasadh sé ach seachtain
Mura bhfaigheann sé é ach ina dholaí beaga fhéin, tá páí sheasta dó, agus is mór is fiú dhó é sin. Bíonn sé gearr scaití is dóigh, ach cuireann cupla seachtain go dtí n-a dhóthain é ina dhiaidh sin
Tá dola poor-rates le n-íoc agam anois, agus gan fhios agam ó Dhia anuas cá bhfaighidh mé é. Tá leisce orm scaradh leis an nglaicín mhóna atá ansin thiar agam, nó go n-ardaí sí romhainn amach. Maidir le beithígh, is fear gan fáltas atá ina gcleithiúnas anois