Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imeartha
+
Tá sé an-imeartha — glic, críonna, in ann dobeart a dhéanamh; in ann a bheart a tharraingt
'Sé is imeartha dá bhfuil sa tír
TUILLEADH (3) ▼
Ní imeartha go dtí é, a mhic ó mo chroí
Bheadh ciall imeartha, ach níl a leithide faoin mbogha gréine inniu — ní hé an oiread sin iontais amach is amach a chuirfeá i nduine glic, ach tá sé thar a bheith glic: níl ríochan ar bith lena cuid glicis. (fc. ciall)
Tá an sionnach sách imeartha, ach beirtear air sa deireadh (cineál leathfhocail)
·
Nach imeartha an mhaise dhó é — tá sé an-ghlic!

imeartha in iontrálacha eile (20)

 
Tá sé fánach ag aon duine a bheith ag ceapadh go bhfaighidh sé an ceann is fhearr uirthi siúd. Is beag an baol. Tá sí siúd ró-imeartha
 
biorach 1
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
 
Tá briotais eicínt aige le na cártaí go bhfuil bua imeartha aige i gcónaí.
 
aer
Níl aon oíche san aer nach ndéanann siad geábh imeartha.
+
buail
Tá na heascannaí sin an-imeartha, an-bheachtaithe go deo. Íosfaidh siad an baoite agus dheamhan a mbuailfidh siad an duán ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bualadh na banríona agam, ach scaoil mé léithe ag faireadh ar thitim imeartha.
 
buille
Tá sé imeartha. Is deas a chuir sé as mo bhuille mé agus mé siúráilte go raibh liom.
 
Is mór an fhosaíocht a bhí agat léithe nár chuir isteach faoi Sh. í agus bheadh titim imeartha agat aríst. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú — imreoir a choinnigh an t-aon a hairt rófhada ina ghlaic
 
imir
Bhí an-chóisir mámhaisí agat ach níor chuir tú cuma ar bith imeartha orthu — bhí go leor mámh agat ach níor thug tú imirt na muice orthu
 
istigh
Is imeartha an cailín báire í, lá is go ndeachaigh sí taobh istigh de Neilí.
 
Bheadh S. sin ar siúl go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach in ann na cártaí a dhathú. Murach go bhfuil, ní bheadh bua imeartha aige mar atá.
 
Tá boc thar cionn aige, ach mar sin féin, is corruair a theagas sé abhaile glanoscartha ón daoradh bualadh. Tá sé rófhaiteach, agus iad seo eile ró-imeartha
 
domlas
Meas tú nár tháinig sé isteach inné ag iarraidh deoch uisce, ach ní uisce a gheobhadh sé uaimse ach domlas, dá mbeinn istigh roimhe. Ba bheag an lua a bheadh aige a theacht isteach nuair a d'fhéadfadh sé fairnéis eicínt a thabhairt dúinn faoin gcúirt. Baol air. Tá sé sin sách imeartha agus fios maith aige faoina bhealach féin
 
Níl drabhlás airgid ar bith ar ndóigh is mó ná drabhlás cártaí. Is minic a chaill daoine a raibh istigh is amuigh acu leo. Is minic a chuala tú ariamh faoi dhuine uasal a bháigh a dhúiche nuair a bheadh an imirt ag dul ina aghaidh. Agus nár chuala tú freisin faoin bhfear a gheall a anam don Diabhal as ucht bua imeartha a thabhairt dó
+
dris
Tá bua imeartha againn anocht ach d'éireodh dhúinn. Chuaigh mo pháirtí — P. anseo — faoi dhris ansin thíos i Logán an Fh. shula tháinig muid isteach. Ní bheidh aon oíche beo feasta nach ndéanfaidh duine againn an rud céanna. Is maith sportha a bheas sibh faoi Fhéil Pádraig seo chugainn ach a gcaitear suas na cártaí
TUILLEADH (1) ▼
Tá muide ar an mbun chreidim. Ach mura dté muid fhéin an cluiche, ní ligfidh muid an bun amach agus beidh geábh eile air. Bainfidh muid deatach asaibh ansin. Is muid atá deas air! Chuaigh muid faoin dris anocht. Tá ádh imeartha orainn
 
déan 1
Rinne tú do chríonnacht nuair a chuir tú an t-aon a hairt sin uait. Dhá bhfaighinnse titim imeartha, chniogfainn istigh in do ghlaic í
 
Tá a fhios agat go maith nach call lomadh le seisear ag imirt dólámha agus gan duine ar bith fiche. Dhá gcoinníteá do chuileata, ní fhéadfadh sé a dhul amach. Ba bun istigh é. Ach thug tú titim imeartha dhó. Ar ndóigh ní ghabhfadh duine ar bith ag lomadh mar sin, nuair nach mbeadh sé in ann lomadh in athuair. Cén bhrí ach thú ar an gcúig!
+
Ní dheachaigh leat a ghleacaí an babhta sin dhá imeartha thú. Shíl tú go raibh mise feidheartha agus go n-éireodh cúig leat ar do dheich san achar gearr. Is cosúil nach miste leat faoin mbun ard, ach do chúig féin a fháil
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh léithe sách fada, ach rugthas uirthi sa deireadh dhá imeartha dá raibh sí