tabhair isteach
1.
·
Thabharfadh slabhra (nó adhastar) sneachta isteach é — ní mórán call iarratais ná brostaithe air le dhul isteach ann
+–
Tabhair isteach í feasta — déarfaí le duine a bheadh ag déanamh cruaiche choirce, coca féir, nó cruach mhóna nó eile, agus a bheadh dhá déanamh ródhíreach agus gan é dhá tabhairt le chéile chor ar bith
Níl tú dhá thabhairt isteach sách maith — níl tú dá biorú (cruach choirce srl.)
TUILLEADH (3) ▼
Tá sí tugtha isteach rómhór anois agat — tá sí róbhioraithe (cruach choirce srl.)
Tá sí róthugtha isteach agat, mar tá cion deich stuca le dhul uirthi fós (cruach choirce)
Tabhair isteach í i leaba a chéile anois — bioraigh í de réir a chéile anois
2.
a chúiteamh, a dhéanamh suas.
+–
Caithfidh mé an t-am a chaill mé a thabhairt isteach arís — caithfidh mé cúiteamh ar a shon; cion an méid aimsire a chaith mé le leadaíocht nó le díomhaointeas nó tinn srl. a chaitheamh le obair
Tiocfaidh sé rite leat an t-achar a chaith tú tinn a thabhairt isteach arís
TUILLEADH (8) ▼
Ní mór dhom oibriú go dtí an naoi anocht leis an lá a bhí briste orm a thabhairt isteach — bhí lá briste air (tháinig sé fliuch, nó b'éigean dó scoireadh d'obair i ngeall ar rud eicín) agus chaithfeadh sé cion an achair a bhí briste air, a oibriú le cois i riocht is go bhfaigheadh sé íocaíocht iomlán
Má ligeann tú uair an chloig thart le siléig, is deacair í a thabhairt isteach arís — má bhíonn tú uair an chloig in do chónaí le cion faillí, is deacair cúiteamh ar an uair sin arís
Cinnfidh sé orm an lá sin a thabhairt isteach go héag aríst
Tabharfaidh (bhéarfaidh) mé isteach an tseachtain seo chugainn gach is a raibh briste orm an tseachtain seo
Níl a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a dtugann sé isteach chor ar bith a gcaitheann sé le díomhaointeas — cén chaoi a gcúitíonn sé ar shon an méid aimsire a bhíos sé ina chónaí le corp leisce
Mura dtuga tú isteach gach nóiméad a chailleanns tú, tiocfaidh sé in t'aghaidh féin as deireadh na faidhleála — mura gcúití tú as ucht an méid ama a chuireas tú amú, beidh tú fhéin síos leis i ndeireadh na cúise
Tabharfaidh sé siúd an caillteamas isteach nó is crua an cás é — an méid a chaill sé, gnóthóidh sé aríst é
Má tá costas mór féin air, is gearr a bheas seo dhá thabhairt isteach aríst — dhá ghnóthachan
tabhair isteach in iontrálacha eile (50+)
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
+
→
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach é a bheas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
→
freagair
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha agus choinnigh sé greim uirthi sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Murach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudairnéis seo sa teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcónaí
'Sé a chlochneart a dhul isteach. Ar ndóigh, níor tugadh vote ar bith dhó siar faoi Chonamara. Nach é an ceann eile a fuair uileag iad?
Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhá bheith aimsithe ag an madadh rua, agus é ag dhul isteach béal an choinicéir. Bhain sé fíonnach as, ach mar sin fhéin, thug sé a bheanna leis.
+
→
comaoin
Thug sé cupla gáilleog dhom, agus leis an gcomaoin a chúiteamh, d'iarr mé isteach é le aghaidh leathghalún pórtair.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé moltanach fhéin ar an gcliamhain, leabharsa, ba chomaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige murach a dtugann sé de laethantaí isteach dó.
→
cóisir
Anois b'fhéidir! Seo é isteach an coileach agus a chóisir! Tabhair rud eicínt le n-ithe dóibh (do na cearca), nó sceanfaidh siad istigh sa teach muid.
→
bealach
Má bhíonn do bhealach isteach tigh W. A., tabhair abhaile chugam an cléibhín a d'fhága mé ann i ndearmad Dé Sathairn seo chuaigh thart.
+
→
bealaigh
Tá béasaí agus bealaí Sheáin Bhuí chomh bealaithe isteach i muintir Chúige Uladh sin agus nach dtabharfadh an saol Ádhaimhe ar slí na Críostaíochta iad.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.
→
beanna
Thug sé a bheanna leis ar éigean. Murach go raibh sé imithe nuair a tháinig Peaits isteach ullmhaithe, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus dhá bhfaigheadh fhéin, ní bheinnse ina dhiaidh air.
→
coiric
Lig tú an iomarca coiricín suas uirthi. Dúirt mé sin leat, arae d'aithin mé ort go raibh tú dhá tabhairt isteach róluath — cruach arbhair a bhí róbhiorach as a barr.
+
→
crinn
Is aibéiseach an bearradh a tugadh air, hé brí cé a bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrína mhullach agus iad crinnte isteach go cnáimh, agus in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
TUILLEADH (1) ▼
Mise a bhí casadh (na mbord) agus eisean ag cur isteach na claise, agus dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneáil leis.
→
cuach
B'fhurasta a aithinte, murach go raibh an ceann seo cuachta suas go maith aige, nach dtabharfadh sé aon lá isteach dhó.
→
beo 2
An greim a d'ith mé, chuaigh sé go beo isteach in m'fhiacail agus bhuail daitheachaí mé, agus dheamhan foras ná suaimhneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na hoíche.
→
boigréis
Cáid ó tháinig an bhoigréis ann le go bhfuil sé ag tabhairt rudaí isteach do dhaoine? — siopadóir a thabharfadh riar earra dhuit in aisce.
→
bruach
Thug sé (an gluaisteán) cor agus chuaigh sé isteach ar bhruach an bhóthair d'aon iarraidh (bruach an bhóthair = colbha an bhóthair in aice leis an móinín bán)
→
buail
Níl siad ag tabhairt leathbhualadh ar na dornáin. Dheamhan an miste leob ach an lá a chur isteach.
+
→
buille
Bhí sé leis ariamh ariamh go dtug sé buille spleách isteach faoin gcroí dhó.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhuille rámha, tabharfaidh siad isteach ar an oileán thú. Níl sé achar ar bith ón tír.
→
buinne 1
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasaí, cuirfidh sé buinne isteach ansin duit a líonfas suas é. 'Sé an trua na bróga sin a ligean i léig, arae tá uachtair mhaithe orthub fós.
→
ágóid
Ní raibh sé ina ghamal ariamh gur thug sé an ágóid sin isteach faoina theach (ar an teallach aige fhéin) — gur phós sé í
+
→
aire
Tuilleadh ghéar choscartha den diabhal aige. Breá nár thug sé aire dhó fhéin; muran fada isteach a thug a chosa é! (déarfaí le duine é, a thiocfadh i dtromásc, i dteach bruíne, nó áit a mbeadh achrann ar siúl.)
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair aire don pháiste go dtaga mé isteach — fan i gcionn an pháiste, agus cumhdaigh é, go dtaga mé ar ais.
Dhá mbeadh aon duine agam a thabharfadh aire don chairt dom ar an bhFaiche Mhóir inniu, b'ait an lá óil a bheadh agam mar bhí Máirtín Rúnú ag strócántacht liom go dtugadh sé isteach mé (fc. strócántacht)
Tá na gardaí ag tabhairt aire dhó mar caitheadh isteach sa teach aige gairid ó shin — tá na gardaí dhá chumhdach srl.
Ba chomaoin di aire mhaith fhéin a thabhairt don tseanfhear agus a liachtaí punt mór pinsean a thug sé isteach aici.
+
Thug sé isteach an chulaith éadaigh lena hathnuachan — í a ghlanadh agus caoi a chur as an nua uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhaidh tú athnuachan ar an recate(receipt) má thugann tú isteach sa mbainc é
→
failic
Tabhair isteach failicín de na screacháin (creacháin) sin; agus caith síos orthu iad. Déanfaidh siad cearca
→
faolchú
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúige Uladh fós. Tá cuasnóig acu ansin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar de Valera iad a scagadh amach as choíchin. M'anam go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.
→
faon-
Céard a rinne an fionnoscal sin sa doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug pound dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin chomh lag leis an luachair?
+
→
fianaise
Ní hé M. M. a thug an buille dhó chor ar bith. A fhianaise sin ar an bhfocal a sciorr uaidh fhéin agus é dhá chur isteach i gcarr an easpaicil. 'Buille feille na gCurraoinigh,' adeir sé. D'inseodh sin duit go raibh a fhios aige gurb é an Curraoineach a theangaigh leis. Ach is mian leis a bhualadh thall ar an gceann eile ós iad na Curraoinigh an chuid eile dhó fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tugadh M. isteach i bhfianaise. Bhí sé sa láthair le linn an achrainn — tugadh chun cúirte é le fianaise a thabhairt
→
forás
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thabharfadh sé dhá chuid fataí anuraidh cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíobhais é
→
fáiteall
Caithfidh siad (beithígh) fáiteall eicínt a dhéanamh nuair nach bhfuil aon tseamaide ar a chuid féin. Tá na Barra Garbha siúd thuas ite isteach go grinneall anois acu. Is diabhlaí an rud beithígh a cheannacht mar sin agus gan gionnóid (deannóid) le n-ithe agat le tabhairt dóibh
→
fás 1
Dúirt sé nach raibh na bicycles ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanraigh mé gur goidte a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … Ar ndóigh ba é P. a thug isteach sa teach iad