tabhair isteach
1.
·
Thiubhradh slabhra (nó adhastar) sneachta isteach é = ní mórán call iarratais ná brostuighthe air le dhul isteach ann.
+–
Tabhair isteach í feasta = déarfaidhe le duine a bheadh ag déanamh cruaiche choirce, coca féir, nó cruach mhóna nó eile, agus a bheadh dhá déanamh ro-dhíreach, agus gan é dhá tabhairt le chéile chor ar bith.
Níl tú dhá thabhairt isteach sáthach maith = níl tú dá biorrú (cruach choirce etc)
TUILLEADH (3) ▼
Tá sí tugtha isteach ro-mhór anois agad = tá sí ro-bhiorruighthe (cruach choirce etc).
Tá sí ro-thugtha isteach agad, mar tá cion deich stuca le dhul uirre fós (cruach choirce).
Tabhair isteach í i leaba a chéile anois = biorruigh í, de réir a chéile anois.
2.
a chúitiú, a dhéanamh suas.
+–
Caithfidh mé an t-am a chaill mé a thabhairt isteach arís = caithfidh mé cúitiú ar a shon; cion an méid aimsire a chaith mé le leaduidheacht nó le díomhaointeas nó tinn etc. a chaith le obair.
Tiocfaidh sé righte leat an t-achar a chaith tú tinn a thabhairt isteach arís.
TUILLEADH (8) ▼
Ní mór dhom oibriú go dtí an naoi anocht, leis an lá a bhí briste orm a thabhairt isteach = bhí lá briste air (tháinig sé fliuch, nó b'éigin dó scuireadh d'obair ingeall ar rud eicín) agus chaithfeadh sé cion an achair a bhí briste air, a oibriú le cois, i riocht's go bhfuigheadh sé íocuigheacht iomlán.
Má leigeann tú uair an chluig thart le siléig, is deacair í a thabhairt isteach arís = má bhíonn tú uair an chluig in do chomhnuidhe le cion faillighe, is deacair cúitiú ar an uair sin arís.
Cinnfe sé orm an lá sin a thabhairt isteach go h-éag aríst.
Tiubhra (bhéarfa) mé isteach an tseachtmhain seo chugainn gach's a raibh briste orm an tseachtmhain seo.
Níl fhios agam beirthe ná beo, cé'n chaoi a dtugann sé isteach chor ar bith a gcaitheann sé le díomhaointeas = cé'n chaoi a gcúitigheann sé ar shon an méid aimsire a bhíos sé in a chomhnuidhe le corp leisce.
Mara dtuga tú isteach gach nóiméad a chaillea(nn)s tú, tiocfa sé in t'aghaidh féin as deire na faidhleála = mara gcúitighe tú as ucht an méid ama a chuireas tú amudha, beidh tú fhéin síos leis, indeire na cúise.
Tiubharfa sé siúd an caillteamas isteach, nó is cruadh an cás é = an méid a chaill sé gnothócha sé aríst é.
Má tá costas mór féin air, is gearr a bheidheas seo dhá thabhairt isteach aríst = dhá ghnothachan.
tabhair isteach in iontrálacha eile (50+)
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
→
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
→
freagair
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha, agus choinnigh sé greim uirri sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Marach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudarnéis seo san teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcomhnaí
'Sé a chloch-neart a dhul isteach. (D)ar ndóigh, níor tugadh 'vote' a' bith dhó, siar faoi Chonamara. Nach hé an ceann eile a fuair uiliog iad?
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighe Dia, dhá bheith aimsighthe ag a' madadh ruadh, a's é a' dhul isteach béal a' choinicéir. Bhain sé fionnach as, ach mar sin fhéin, thug sé a bheanna leis.
+
→
comaoin
Thug sé cupla gailleog dhom, a's leis a' gcumaoin a chúitiú, d'iarr mé isteach é l'aghaidh leath-ghalún pórtair.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé moltanach fhéin ar a' gcliamhain leabharsa badh chumaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige, marach a dtugann sé de laetheantaí isteach dó.
→
cóisir
Anois b'fhéidir! Seo é isteach an coileach a's a chóisir! Tabhair rud eicínt le n-ithe dóibh (do na cearca) nó sceannfa siad istigh sa teach muid.
→
bealach
Má bhíonn do bhealach isteach tigh W. A. tabhair abhaile chugam, a' cléibhín a d'fhága mé ann indearmad Dé Sathairn seo (chuai)dh thart.
→
beanna
Thug sé a bheanna leis, ar éigin. Marach go raibh sé imthighthe, nuair a tháinic Peaits isteach oll(mh)uighthe, gheobhadh sé faoi na for(bh)aí é, a's dhá bhfaghadh fhéin, ní bheinnse in a dhiaidh air.
→
coiric
Leig tú an iomarca coirricín suas uirre. Dubhairt mé sin leat, arae d'aithin mé ort, go raibh tú dhá tabhairt isteach ro-luath = cruach arbhair a bhí ro-bhiorach as a barr.
+
→
crinn
Is aibéiseach a' bearradh a tugadh air, hébrí cé' bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrídh na mhullach a's iad crínnte isteach go cnáimh, a's in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
TUILLEADH (1) ▼
Mise a bhí casadh (na mbord) a's eisean a' cur isteach na claise, a's dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneál leis.
→
beo 2
An greim a d'ith mé, chuaidh sé go beo isteach in m'fhiacail a's bhuail doightheachaí mé, a's dheamhan forus ná suaimneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na h-oidhche.
→
boigréis
Cá'ideo tháinic an bhoigréis ann, le go bhfuil sé 'tabhairt rudaí isteach do dhaoine? = siopadóir a thiubharfadh riar earradh dhuit in aisce.
→
bruach
Thug sé (an gluaisteán) cor a's chuaidh sé isteach ar bhruach a' bhóthair d'aon-iarraidh (Bruach an bhóthair = colbh an bhóthair in aice leis an móinín bán).
→
buail
Níl siad a' tabhairt leath-bhualadh ar na dornáin. Dheamhan a' miste leo(b) ach an lá a chuir isteach.
→
buinne 1
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasuidhe, cuirfe sé buinne isteach annsin duit a líonfas suas é. 'Sé'n truaighe na bróga sin a leigean i léig, arae tá uachtair mhaithe orra(b) fós.
→
ágóid
Ní raibh sé in a ghamal ariamh gur thug sé an ágóid sin isteach faoi'na theach (ar a' teallach aige fhéin) = gur phós sé í.
+
→
aire
Tuille ghéar chascartha de'n diabhal aige. Breagh nar thug sé aire dhó fhéin; maran fada isteach a thug a' chosa é! (déarfaidhe le duine é, a thiocfadh idtromfhásc, i dteach bruighne, nó áit a mbeadh achrann ar siubhal.)
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair aire do'n pháiste go dtaga mé isteach = fan i gcíonn an pháiste, agus cumhdaigh é, go dtaga mé ar ais.
Dhá mbeadh aon-duine agam a thiubhradh aire do'n chairt dom ar a' bhFaithche Mhóir indiu, b'ait a' lá óil a bheadh agam, mar bhí Máirtín Rúnú a' strócántacht liom go dtugadh sé isteach mé (féach strócántacht)
Tá na gárdaí a' tabhairt aire dhó, mar caitheadh isteach sa teach aige, goirid ó shoin = tá na gárdaí dhá chumhdach etc.
Ba chumaoin di aire mhaith fhéin a thabhairt do'n tsean-fhear, agus a liachtaighe punt mór pinsean a thug sé isteach aice.
+
Thug sé isteach an chulaith éadaigh le na h-athnuadhchan = í a ghlanadh agus caoi 'chuir as a nuadh uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Gheobha tú athnuadhchan ar an 'recate' (receipt), má thugann tú isteach sa 'mbeainnc' é
→
failic
Tabhair isteach failicín do na scriocháin (criocháin) sin; agus caith síos orra iad. Déanfaidh siad cearca
→
faon-
Céard a rinne an fíonn-oscal sin san doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug "pound" dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin cho lag leis an luachair?
+
→
fianaise
Ní hé M. M. a thug an buille dhó chor ar bith. A fhiainise sin ar an bhfocal a sciorr uaidh fhéin agus é dhá chur isteach i gcarr an aspuicil. "Buille feille na gCurraoinigh", adeir sé. D'innseódh sin duit go raibh a fhios aige gurb é an Curraoineach a theanguigh leis. Ach is mian leis a bhualadh thall ar an gceann eile ós iad na Curraoinigh an chuid eile dhó fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tugadh M. isteach i bhfiainise. Bhí sé san láthair le linn an achrainn = tugadh chun cúirte é le fiainise a thabhairt
→
fáiteall
Caithfidh siad (beithigh) fátall eicínt a dhéanamh, nuair nach bhfuil aon-tseamaide ar a chuid féin. Tá na Barra Garbha siúd thuas ite isteach go grinneal anois aca. Is diabhlaí an rud beithigh a cheannacht mar sin agus gan gionnóid (dionnóid) len ithe agad le tabhairt dóibh
→
fás 1
Dúirt sé nach raibh na "bicycles" ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanruigh mé gur goidhe a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … 'Ar ndú' ba é P. a thug isteach san teach iad
→
féirín
Is deas an féirín a thug sé isteach san teach againn; an ghrís sin. Ní fhágfaidh sí aonduine againn anois ó liath go leanbh nach siúilfidh sí = "éadáil"
→
imir
Cé'n sórt imirt a thug tú orra(b)? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtidhe = níor dhrann sé le cártaí duine de'n chomlán a bhí in aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin.
+
→
isteach
Sé'n conórtas a thug isteach ann é
TUILLEADH (6) ▼
Sé'n cúram a thug isteach ann é (féach cúram)
Nach bocht nach mbrughfadh sé isteach oraí(bh) agus sib a' tabhairt a chead dó.
Tabhair na h-ailt (dornaí) amach dó, mar má fhaghann sé greim isteach ort, sínfe sé thú.
Tháinic sé isteach fúm, agus thug sé taobh cúl mo chinn dhom ar an talamh = tháinic sé in íochtar faoi mo lár, agus chuir sé siar mé gur leag sé mé ar mo dhruím.
Ó thug mé an eang liom, an uair sin, is fada aríst go gcuirfe mé isteach fút = ó tháinig mé slán; ó rug mé cúig; ó d'eirigh le mo chárta téaltú leis, gan bualadh uait.