Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh ó
gníomhra coirp a bhíos i gceist le téigh ó. Malrait téigh ar é go minic .i. chuaigh sé ar chaitheamh na gcloch; chuaigh sé ó chaitheamh na gcloch
1.
+
Tá mo chuid oibre ag dul ó dhéanamh orm — ní fhéadaim a déanamh; tá an iomarca le déanamh agam agus ní fhéadaim freastal dhá leath
Chuaigh an pota ó thógáil air — ní raibh sé in ann a thógáil
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh an mhóin ó ghróigeadh orainn i mbliana lena raibh againn di. Bhí sé fánach ag beirt freastal di, bhí sin
Tá an fheamainn dubh siúd — fás trí bliana — ag dul ó bhaint orainn lena bhfuil ann di. Ní fhaca mé chomh maith le fada cheana í
Chuaigh an tine ó lasadh orm ar maidin nó go bhfuair mé cupla fód coise isteach as tigh M. le cur inti. Níl sponc ar bith sa móin sin againn anois
Chuaigh an chaint sin ó thuiscint orm — níor thuig mé í
Bhí an gamhain ag dul ó shiúl orm — bhí sé ag luí nó bhí sé ag cinnt orm aon tsiúl a bhaint as
Tá mé ag dul ó shiúl — ní fhéadaim siúl
+
Rachaidh an fheoil sin ó ithe oraibh mura mbruithe sibh í feasta. Níl coinneáil ar bith ag caoireoil an tráth seo bhliain
Bhí iasc glas ag dul ó ithe orainn an bhliain sin lena raibh againn dhe. Bhí sé ina bhrachlainn amach ansin sna garrantaí agus na madraí féin gráinithe air
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go bhfuil an pórtar ag dul ó ól oraibh. Is dona an lucht póite sibh ina dhiaidh sin má chinneann oraibh cupla buidéilín pórtair a chaitheamh siar
+
Chuaigh sé ó aithne orm — níor aithin mé é, cé go raibh aithne agam air
An bhfuil na daoine ag dul ó aithne ort, nó cheal nach n-aithníonn tú mise
TUILLEADH (2) ▼
Rachaidh duine ó aithne air go maith nuair nach mbíonn sé ag iarraidh a aithneachtáil, ach mise i mbannaí, an té atá sé ag iarraidh a aithneachtáil gur beag an baol air a dhul ó aithne air
Shílfeá go ndeachaigh do dhuine muintreach ó aithne air tráthnóna. Ní measa beirthe é a mhic ó!
+
Tá sé ag dul ó ithe a chodach — é ag cinnt air a ithe
Ní féidir gur ag dul ó ól an phórtair atá tú. Dar fia muise, tá athrú eicínt ag teacht ar an saol
TUILLEADH (8) ▼
Chuaigh sí ó bhreith clainne an-aibéil air — ní raibh aici ach cupla páiste
Tá an lao sin ag dul ó dhéanamh a cuid uisce — níl sé ag déanamh a uisce anois, nó is beag é
Chuaigh sé ó imirt na gcártaí ar fad — d'éirigh sé astu
Cáid ó chuaigh sé ó chaitheamh na gcloch? — cáid ó lig sé de chaitheamh na gcloch
Chuaigh sé ó bheith dhá bhearradh féin — duine; lao a bheadh ag cangailt a dhriobaill
Nach maith sciobtha a chuaigh sé ó chaitheamh an tsneachta ina dhiaidh sin — chuaigh sé ar chlaochmú; d'éirigh sé as an sneachta
Chuaigh na daoine ar na bailteachaí seo ar fad ó thógáil caorach — ní thógann siad caoirigh anois
Bhí páiste ann agus chuaigh sé ó bhaisteadh ar chuma eicínt — níor baisteadh é; níor éirigh leis gur baisteadh é
+
Ná bac le bó ar bith a ghabhfas ó éirí ina seasamh. Bó réidh í — bó nach raibh in ann fanacht ina seasamh
Shílfeá go bhfuil tú ag dul ó éirí in do sheasamh, mura neart leadaíochta atá ort
TUILLEADH (1) ▼
Luigh siad (muca) ar an mbóthar orm agus chuaigh siad ó éirí ina seasamh. Ní raibh a fhios agam ó Dhia céard a dhéanfainn leo nó go dtáinig P. leis an gcarr
+
Tá na meaingeals sin thíos ag dul ó rath cheal a mbainte. Má theangaíonn sioc leo, ní bhuachfaidh sibh aon cheo go deo orthu
Tá mé ag dul ó rath ag daitheachaí
TUILLEADH (5) ▼
Tá cur ag dul ó rath ag an mbáistigh
Tá an tlú sin gaibhte ó mhaith. B'fhéidir dhá dtugtá ag an ngabha é go dtáthódh sé aríst é
Ní raibh aon tsop féir ag gabháil leis nach ndeachaigh ó mhaith ar an talamh anuraidh cheal giollaíochta. Bhí agus féar breá
Cheal a ghlanta a chuaigh an bicycle sin ó rath
Gabhfaidh chuile shórt ó fhás anois ag an triomach
+
Tá na ba ag dul ó dháir ar fad i mbliana — níl siad dhá ndáir, nó má tá, doirtear agus athdhoirtear iad
Shílfeá go ndeachaigh do bhodóigín, bail ó Dhia uirthi, ó dháir, nó an ndeachaigh. Nach deacair leo dáir a thabhairt leo?
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh an chráin ó chlíthe (an capall ó eachmairt, an madadh ó adhall, an cat ó chatachas, an chaora ó reithe srl.)
+
Chuaigh a bhean ó chlainn (ó mhuirín, ó phaistí srl.) — ní raibh aon chlann uirthi
Chuaigh an crann sin ó úlla ar fad i mbliana, pé ar bith tuige — ní raibh aon úll air
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh an gort sin ó fhataí ar fad — ní bhíonn aon fhata ann
2.
+
Níl tada ag dul uaidh — braitheann sé gach rud; bíonn fios gach rud aige; tá sé suas le gach uile mhí-ádh nó gach uile ealaín
Níl rud ar bith ag dul ó Shéamas má thug sé an méid sin faoi deara
TUILLEADH (8) ▼
Meas tú cén chaoi a bhfuair sí fios air sin. An bhfuil tada ag dul uaithi? Dheamhan é muis
An bhfuil a fhios agat cén cheird atá anois air? Ag déanamh deise a chuirfeadh solas ar fud an tí. Sin é an fear agat. Níl ní ar bith beo ag dul uaidh, agus ní raibh ariamh féin
Deir tú leo a chum do SheanMh. gur isteach sa gColáiste ag múineadh Gaeilge in áit Ph. Dh. a d'imigh T. Agus dheamhan easna dhó nár chreid é. Níl mí-ádh ar bith ag dul uathu. Chuimhneoidís ar rud ar bith. Ná hiarr ina ndiaidh é
Tá an scéal sin féin barrúil go leor. An chéad oíche ar chuir sé seo thíos an radio ar siúl, amach ar an tsráid a bhí an chaint uileag ag dul. Cén bhrí ach bhí an teach ag dul thar maoil. Chasadh sí féin cnó. 'Na bheailbheannaí atá calctha,' adeireadh sí. 'Go gcalca an diabhal agat iad, nár fhága é san áit a raibh sé,' adeir sé féin. 'Ní raibh muid dhá iarraidh luath ná mall.' Chuaigh duine eicínt amach ar an tsráid. Ba ghearr go ndeachaigh duine agus duine eile amach. Níorbh fhada go raibh an teach fré chéile amuigh, agus a raibh a dul thart an bóthar … Ba í an oíche ab fhearr ariamh í a fuair Haw-Haw nó gur thosaigh na madraí ag tafann … Na buachaillí báire seo síos a chuaigh ag méirínteacht lena wireannaí agus chuir siad an bhail sin air. Cá'il an rud atá ag dul uathu …
Ní fhéadfadh an méid sin féin a dhul uaithi. Chaithfeadh sí é a fheiceáil. Nach mór a bhain sé di. Is fada fada a bheinnse ag dul isteach ina teach sise go bhfaighinn aon chaidéis d'aon cheo dhá mbeadh ann. Ach sin é an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
Níl rud ar bith ag dul uait. Nach maith go gcaithfeá an méidín sin féin a chloisteáil. Ar ndóigh is agat atá a dheis. Tá bleid buailte agat ar an bhfear soir agus ar an bhfear siar
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoin saol ag dul uathu; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraí iontu, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh ina dhiaidh sin. Nach mallaithe an intreacht í sin. An t-áibhirseoir fhéin — diúltaí muide dhó! — atá ina bpáirt
Ní fhéadfadh scéal ar bith a dhul ó Ph. mar tá sé sactha sa teach sin thíos ó mhaidin go faoithin agus tá tarraingt na tíre ansin
+
Níl dul ó bhás ag aon duine — níl dul thar an mbás ag aon duine; tá an bás le haghaidh chuile dhuine; faigheann chuile dhuine bás
Más é an bás a gheall Dia dhó é, ní raibh aon dul uaidh aige
TUILLEADH (8) ▼
Má tá sé i ndán duit, níl aon dul uaidh agat, agus sin é a bhfuil ina thimpeall
An rud atá i ndán do dhuine, níl aon dul uaidh aige, pé ar bith céard é féin
Níl aon dul uaidh. Caithfear a dhéanamh — ní féidir a sheachaint
Níl aon dul uaidh. Caithfear a íoc. Ní hionann cíos agus rud ar bith eile
Dheamhan dul uaithi agaibh. Is rud í an bhruitíneach a theagas ar chuile ghasúr, agus caithfidh sibh a cur daoibh. Dhá thúisce dhá gcuirfidh sibh daoibh í, sea is fearr é dhaoibh féin
Chreidim nach bhfuil aon dul uaidh mar shlaghdán. Níl ag duine ach a chur dó (de) chomh sciobtha agus a fhéadfas sé. Sin é a bhfuil de leigheas air
Dhá mbeadh a dhul uaidh agam, ní dhéanfainn é, ach níl
Mura bhfuil a dhul uaidh agat, buail faoi ar an bpointe agus bíodh sé dhíot chomh luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul chun drogaill, ná a bheith idir dhá chomhairle, más rud é atá romhat

Féach freisin

ó