Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul ó
gníomhra cuirp a bhíos i gceist le "dhul ó". Malrait "a dhul ar" é go minic .i. chuaigh sé ar chaitheamh na gcloch; chuaigh sé ó chaitheamh na gcloch
1.
+
Tá mo chuid oibre ag dul ó dhéanamh orm = ní fhéadaim a déanamh; tá an iomarca le déanamh agam agus ní fhéadaim freastal dhá leath
Chuaidh an pota ó thógáil air = ní raibh sé indon a thógáil
TUILLEADH (6) ▼
Chuaidh an mhóin ó ghróigeadh orainn imbliana len a raibh againn di. Bhí sé fánach ag beirt freastal di, bhí sin
Tá an fheamainn dubh siúd — fás trí bliana — ag dul ó bhaint orainn, len a bhfuil ann di. Ní fhaca mé cho maith le fada cheana í
Chuaidh an teine ó lasadh orm ar maidin, nó go bhfuair mé cupla fód coise isteach as tigh M. le cur innte. Níl sponc ar bith ins an móin sin againn anois
Chuaidh an chaint sin ó thuiscint orm = níor thuig mé í
Bhí an gamhain ag dul ó shiúl orm = bhí sé ag luighe nó bhí sé ag cínnt orm aon-tsiúl a bhaint as
Tá mé ag dul ó shiúl = ní fhéadaim siúl
+
Rachaidh an fheoil sin ó ithe oraibh, mara mbruithidh sib í feasta. Níl coinneál ar bith ag caoirfheoil an tráth seo 'bhliain
Bhí iasc glas ag dul ó ithe orainn an bhliain sin, le na raibh againn dhe. Bhí sé in a bhrachlainn amach annsin ins na garrantaí agus na madraí féin gránuighthe air
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá go bhfuil an pórtar ag dul ó ól oraibh. Is dona an lucht póite sib in a dheidh sin, ma chinneann oraibh cupla buidéilín pórtair a chaitheamh siar
+
Chuaidh sé ó aithne orm = níor aithin mé é, cé go raibh aithne agam air
An bhfuil na daoine ag dul ó aithne ort, nó cheal nach n-aithnigheann tú mise
TUILLEADH (2) ▼
Rachaidh duine ó aithne air go maith 'nuair nach mbíonn sé ag iarraidh a aithneachtáil, ach mise i mbannaí an té atá sé ag iarraidh a aithneachtáil gur beag an baoghal air a dhul ó aithne air
Shílfeá go ndeachaidh do dhuine muintreach ó aithne air trathnóna. Ní measa beirthe é a mhic ó!
+
Tá sé ag dul ó ithe a chodach = é ag cinnt air a ithe
Ní féidir gur ag dul ó ól an phórtair atá tú. Dar fiadh muise, tá athrú eicínt ag teacht ar an saol
TUILLEADH (8) ▼
Chuaigh sí ó bhreith cloinne an-aibéil air = ní raibh aice ach cupla páiste
Tá an laogh sin ag dul ó dhéanamh a cuid uisce = níl sé ag déanamh a uisce anois, nó is beag é
Chuaigh sé ó imirt na gcártaí ar fad = d'eirigh sé asta
Cá'id ó a chuaigh sé ó chaitheamh na gcloch? = cá'id ó a leig sé de chaitheamh na gcloch
Chuaigh sé ó bheith dhá bhearradh féin = duine; laogh a bheadh ag cangailt a dhriobaill
Nach maith sciobtha a chuaigh sé ó chaitheamh an tsneachta in a dheidh sin = chuaigh sé ar chlaochmú; d'eirigh sé as an sneachta
Chuaigh na daoine ar na bailteachaí seo ar fad ó thógáil caorach = ní thóigeann siad caoirigh anois
Bhí páiste ann agus chuaidh sé ó bhaisteadh ar chuma eicínt = níor baisteadh é; níor eirigh leis gur baisteadh é
+
Ná bac le bó ar bith a ghabhfas ó eirghe in a seasamh. Bó réidh í = bó nach raibh indon fanacht ina seasamh
Shílfeá go bhfuil tú ag dul ó eirghe in do sheasamh mara neart leadaíocht' atá ort
TUILLEADH (1) ▼
Luigh siad (muca) ar an mbóthar orm agus chuaigh siad ó eirghe in a seasamh. Ní rabh a fhios agam ó Dhia céard a dhéanfainn leo, nó go dtáinig P. leis an gcárr
+
Tá na meaingeals sin thíos ag dul ó rath cheal a mbainte. Má theanguigheann sioc leo, ní bhuachfaidh sib aon-cheo go deo orra
Tá mé ag dul ó rath ag doigheachaí.
TUILLEADH (5) ▼
Tá cur ag dul ó rath ag an mbáistigh
Tá an tlú sin gaibhte ó mhaith. B'fhéidir dhá dtugthá ag an ngabha é, go dtaitheochadh sé aríst é
Ní raibh aon-tsop féir ag gabhail leis nach ndeachaidh ó mhaith ar an talamh anuiridh cheal giollaidheacht'. Bhí agus féar breagh
Cheal a ghlanta a chuaidh "an bicycle" sin ó rath
Gabhfaidh 'chuile shórt ó fhás anois ag an triomach
+
Tá na ba ag dul ó dháir ar fad imbliana = níl siad dhá ndáir, nó má tá, dairtear agus aith-dhairtear iad
Shílfeá go ndeachaidh do bhudóigín bail ó Dhia uirre ó dháir, nó an ndeachaidh. Nach deacair leo dáir a thabhairt leo?
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh an chráin ó chlíthe (an capall ó eachmairt, an madadh ó adhal, an cat ó chatachas, an chaora ó reithe agus rl.)
+
Chuaidh a bhean ó chloinn (ó mhuirín, ó phaistí agus rl.) = ní raibh aon-chlann uirre
Chuaidh an crann sin ó ubhla ar fad imbliana, pé'r bith tuige = ní raibh aon-ubhall air
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh an gort sin ó fhataí ar fad = ní bhíonn aon-fhata ann
2.
+
Níl tada ag dul uaidh = brathann sé gach rud; bíonn fios gach rud aige; tá sé suas le gach uile mhíádh nó gach uile ealadhain
Níl rud ar bith ag dul ó Shéamas má thug sé an méid sin faoi deara
TUILLEADH (8) ▼
Meastú cé'n chaoi a bhfuair sí fios air sin. An bhfuil tada ag dul uaithe? Dheamhan é muis
An bhfuil a fhios agad cé'n cheird atá anois air? Ag déanamh deis' a chuirfeadh solas ar fud an tighe. Sin é an fear agad. Níl ní ar bith beo ag dul uaidh, agus ní raibh ariamh féin
Deir tú leo a chum do Shean-Mh. gur isteach ins an gColáiste ag múineadh Gaedhilge in áit Ph. Dh. a d'imigh T. Agus dheamhan asna dhó nachar chreid é. Níl míádh ar bith ag dul uatha. Chuimneochaidís ar rud ar bith. Ná h-iarr in a ndiaidh é.
Tá an scéal sin féin baramhail go leor. An chéad-oíche ar chuir sé seo thíos an "Radio" ar siubhal, amach ar an tsráid a bhí an chaint uiliog ag dul. Cé'n bhrigh ach bhí an teach ag dul thar maoil. Chasadh sí féin cnoth. "Na bheailbheannaí atá calctha" adeireadh sí. "Go gcalcaidh an diabhal agad iad, nachar fhága é ins an áit a raibh sé" adeir sé féin. "Ní raibh muid dhá iarraidh luath ná mall". Chuaidh duine eicínt amach ar an tsráid. Ba ghearr go ndeachaidh duine agus duine eile amach. Níorbh fhada go raibh an teach fré chéile amuigh, agus a raibh a dul thart an bóthar … Ba í an oíche ab fhearr ariamh í a fuair "Haw-Haw", nó gur thosuigh na mádraí ag tafann … Na buachaillí báire seo síos a chuaidh ag méirínteacht lena "wireannaí" agus chuir siad an bhail sin air. Cá'il an rud atá ag dul uatha …
Ní fhéadfadh an méid sin féin a dhul uaithe. Chaithfeadh sí é a fheiceál. Nach mór a bhain sé di. Is fada fada a bheinnse ag dul isteach in a teach-sise go bhfaghainn aon-chaidéis d'aon-cheo dhá mbeadh ann. Ach sin é an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
Níl rud ar bith ag dul uait. Nach maith go gcaithfeá an méidín sin féin a chloisteáil. 'Ar ndú' is agad atá a dheis. Tá bleid buailte agad ar an bhfear soir agus ar an bhfear siar
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoi'n saoghal ag dul uatha; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraidhe ionnta, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh in a dheidh sin. Nach mallaighthe an íntreacht (intleacht) í sin. An t-aidhbheirseoir fhéin — diúltaigheamuide dhó! — atá in a bpáirt.
Ní fhéadfadh scéal ar bith a dhul ó Ph. mar tá sé sactha ins an teach sin thíos ó mhaidin go faoithin agus tá tarraint na tíre annsin.
+
Níl dul ó bhás ag aonduine = níl dul thar an mbás ag aonduine; tá an bás le h-aghaidh 'chuile dhuine; faghann 'chuile dhuine bás
Má sé an bás a gheall Dia dhó é, ní raibh aon-dul uaidh aige.
TUILLEADH (8) ▼
Má tá sé indán duit, níl aon-dul uaidh agad, agus sin é a bhfuil in a thímpeall
An rud atá indán do dhuine, níl aon-dul uaidh aige, pé'r bith céard é féin
Níl aon-dul uaidh. Caithfear a dhéanamh = ní féidir a sheachaint
Níl aon-dul uaidh. Caithfear a íoc. Ní h-ionann cíos agus rud ar bith eile
Dheamhan dul uaithe agaibh. Is rud í an bhruithtíneach a theagas ar 'chuile ghasúr, agus caithfidh sib a cur daoib. Dhá thúisce dhá gcuirfidh sib daoib í, 'seadh is fearr é dhaoib féin
Chreidim nach bhfuil aon-dul uaidh mar shlaghdán. Níl ag duine ach a chur dó (de) cho sciobtha agus a fhéadfas sé. Sin é a bhfuil de leigheas air
Dhá mbeadh a dhul uaidh agam, ní dhéanfainn é, ach níl.
Mara bhfuil a dhul uaidh agad, buail faoi ar an bpuinte agus bíodh sé dhíot, cho luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul 'un drugaill ná a bheith idir dhá chomhairle, má's rud é atá romhat.

Féach freisin

ó