Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Luain (25)

 
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
 
'Marach a' taoille sa mbealach, dhéanfainn eolus a' bhaile a mbíonn tú; Rachainn dod' fhéachaint 'chaon Satharn, a stóirín, a's ar maidin Dé Luain' (as 'Neilí')
 
Bhí biseach aige Dé Domhnaigh, a's d'eirigh sé. Ach bhí sé buailte síos Dé Luain aríst.
 
ainm
Bhí sé in ainm's a bheith a' sleághdóireacht Dia Luain, ach níl an oiread móna indiaidh a láimhe, a's a bhruithfeadh pota fataí dhuit.
 
failic
Is diabhlaí an fhailic a rinne sib ar an móin le cupla lá. Dheamhan dhá chaorán ann anois, th'éis gur Dé Luain a bhí mé i gcoinne aistir. Is suarach an t-íonadh nach ndíolann sib aon-fhód, agus a bhfuil sib a dhóghadh
 
fuacht
Fuair mé fuacht ar aghaidh na riteacht annsin thuas Dé Luain, agus tholg mé slaghdán as
 
Ní hé baladh na deataighe a bhí air maidin Dé Luain … bhuel ní móide gurb é. B'fhéidir gur baladh airgead luachra nó baladh eicínt eile mar sin a bhí air
+
deilbh 1
"Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, níor dearnadh ariamh gan osna nó éagcaoin" (pirseog faoi gheis oibre atá ar laetheantaí áiride de'n tseachtain)
TUILLEADH (2) ▼
Ní dheilbheochamuid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin, a dheirbhshiúr mo chroidhe. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagcaoin"
Diabhal a ndéanfaidís aon-deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaghaidís Éire bronta orra. Bhidís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon-lá de'n ádh orra. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
 
Dhá mbeadh 'chuile dhuine cho deiseamhail le chéile, ní bheadh fear mór ná fear beag ann, agus bheadh an saoghal ar deil. Ach níl sé mar sin, ná ní bheidh sé mar sin go lá an Luain
+
dia 2
'Bhfeiceann tú í sin thuas nach leigfeadh aon-luaith amach Dé Luain. Deir sí nach bhfuil sé sonaí. Sin í an chailleach a bhfuil na pirseógaí aice
TUILLEADH (10) ▼
Tá mise réidh leis an ngrifisc sin aríst go lá an Luain, agus a údar agam faraor
Má fhaghann na tincéaraí sin leigean ar t'asal, go lá an Luain aríst, ní bhfuighidh tú aon-dé air. Do chumhachta cínn ní aithneóidh é
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn = tá geis ar na ceann-oibreachaí sin na laethantaí sin
"Lomadh Luain agus Deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
Mo lomadh Luain ort!
Lomadh Luain ort le cleas a dhéanamh!
Lomadh Luain air le am a theacht, i lár a (ar) gcruadhóige!
Mo lomadh Luain agus mo sheacht ndóláis, nachar fhan mé mar a bhí mé agus gan an tabhairt seo a chur orm féin, 'scáth a bhfuil ar a shon agam
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mara bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas
Lomadh Luain ar an bpiodarlánn sin nach dteagann isteach agus gan é fhéin a chailleadh ag déanamh spraoi amach annsin. Meastú an bhfuil spíonán ag gabhail linn nach bhfuil bainte aige aríst!
 
"Diomdha Rí na h-Aoine do'n té a thóigfeadh mo ghrádh uaidhm (uaim); Nach bhféadfainn a dhul dá féachaint aon-oíche Dhomhnaigh ná go moch Dé Luain". (Diomdha Rí na h-Aoine; diomdha Dé; ná raibh Dia buidheach dó!; go n-agruighidh Dia air é!)
 
Tús Aoine agus Deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Diardaoin sonaí soir nó siar: anois a bhfuil aon-cheann eile aca agad. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caithte in aer anois
 
díol 2
Rugthas air ins an oíche Dia Luain agus gan an chruithneacht ach cruaidhte aige. Chaith póilí trí h-uaire tigh Sh. an lá sin, agus bhí a fhios ag muintir Sh. go raibh an iarraidh fuisce ar na bocáin. Nach shin é do dhíol!