Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dias

ceanna (11)

 
dall 3
Chaith M. an oíche ag dalladh T. Mh. Mh. le bréaga: árd-cheanna críochnuighthe. Agus má chaith féin chreid sé iad
 
Níl na ceanna cruacháin ná na malraí cháit sin len ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an dubhán agad, caith ag an deachma iad. A mhaltraid níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann-cruacháin. Bhí mé lá i mbliana annsin thíos ar an storráinín, agus bhí siad do mo bhualadh cho tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfairrge. Ach dhá mbeinn ann go dtuiteadh déidín agam, ní bhfuighinn priocadh ó thada eile. Ghlionndáil mé suas mo dhorugha faoi dheire le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin.
 
Bhí rud a dhéanamh leis sin: cúig nó sé de cheanna dá chuid starrógaí a chur síos in a bholg. Dhúinfeadh sin a bhéal, d'fheicfeá féin air
 
deis
Níl duine ar bith thart ins na bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóib is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lugha beithidhigh annsin, bheadh suas agus anuas le cúig nó sé de cheanna aige.
 
dias
Tá sí in a ceanna déas ar fad (fc. ceanna)
 
Tá an oiread dinndiúirí ar an teirghéis bheag sin de leath-choróin "dole", agus a bheadh ar dhúithche L. K. dhá mbeadh sí dhá díol. Níl aon-leota de pháipéar dhá bhfuil mé a fháil faoi nach ndéanfadh stráca do'n teach. Fuair mé ceathair nó cúig de cheanna le mí …
 
An bhfaca tú aon-áit ariamh atá foiricighthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na h-abhann. Tá agus Carraig an tS. bratuighthe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad 'san an-mhéid. Tá diúilicíní i bhfus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad l'aghaidh baoite: tá siad ro-bheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
 
Is diabhlaí go deo an fad atá is na giúiríní sin. Ní fhaca mé ceanna cho fada sin ariamh. Ní fiú do sheacht mallacht an t-adhmad sin anois. Tá sé rodtha ar fad aca. Bhí sé cho maith a fhágáil annsin 'dtigh diabhail, agus gan a bheith ag cur easonóir ort féin dhá iompar abhaile, agus nach dóigh an Cháisc ar an Domhnach nó go dtuitfidh sé in a mhionús ort shul a bhéas tú ag an teach
 
2
Tá a dhú nae trí de cheanna agam
 
Chonnaic mé cúig nó sé de cheanna de na duibhéin sin an uair faoi dheireadh a raibh mé ag an gcladach
 
Meastú dhá dteighinn féin agus thú féin agus an C. faoi churrach nach ndéanfadh muid gnatha is measa ná é. Tá coirrleach agus ceanna slat ar an O. F. nachar baineadh le chúig bhliana déag. Ba mhór ab fhiú dhuinn l'aghaidh leasú iad