Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de

dhe (50+)

 
fios
Cén fios atá agamsa ar a ghnaithí. Fiafruigh dhe fhéin é
 
focal
Ná leig aon-fhocal dhe sin amach = bíodh fascadh ionad faoin scéal sin
 
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad = íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe in a dhroch-ghníomh
 
cab
Mara dteighe [tú] dhó go deas anois, dóirtfe tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal a' tsoithigh.
 
Chonnaic mé thiar annsin thiar é (an gasúr) ar ball a's é caidhleadh suas chloch in a gcárnán — a' déanamh tighthe beaga dhó fhéin mar dhóigh dhe!
 
Tá sí sin chomh caidéiseach, a's nach mbeadh rud istigh faoi chaolach do thighe nar mhaith léithe cainnt a dhéanamh dhe. B'fhearr liom go mór go bhfanadh sí amach uileag uainn.
 
cailm
Tá fhios ag a' lá gur beag a' chailm atá air, a's an ruaig thinnis atá dhe aige. Ach reanglamán bradach roighin é.
 
cairt
Thug sé ualach cartach dhe leis.
+
Ní fhaca mé ariamh an camán luaithe sin 'sa teine, nach droch-uair a bheadh air. Tá dalladh dhe ann anocht muis.
TUILLEADH (1) ▼
'Íosfa an camán luaithe orainn iad' adeireadh muid fadó a's muid a' cur síos bruithneogaí. Chlúduigheadh muid le luaithe iad, mar dhoigh dhe nach bhfeicfídhe iad.
 
Níl caolóid a' gabhail leis an ngarrdha, nach bhfuil cis ar asair déanta ag na beithidhigh dhe.
 
ceas
Bhí sé nuaidhe ag a' gceathile, a's d'ith sé an oiread dhe, a's gur chuir sé ceas air fhéin leis.
 
Is beag dhe a d'fhéadfá 'ithe 'na dheidh sin. Tá sí an-cheasamhail.
 
Ceadh nach bhfuil tú indon an 'bicycle' a chinnireacht fós. Shílfeá go bhfuil sé in am aghad a bheith indon ceart a bhaint dhe feasta.
+
Chuaidh mac Sh. P. Mh. a' carruidheacht le C. L. indiu, a's dar príosta má chuaidh féin, rinne an ceann thiar ciseach dhe, gan mórán stró a' bith.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan duine a thiocfas ar 'bhicycle' ar a' mbóthar sin siar, nach ndéanfa sé ciseach dhe. Puiteach ar fad é. Sáthach righte a thiocfadh sé le duine é 'shiubhal fhéin, ní áirmhighim a dhul ar 'bhicycle' air.
Ní raibh sé in a chiseach ariamh go dtí anois muis, má bhaintear an pinsean dhe. Ar ndóigh, dheamhan bonn bán air siúd. = tá sé idteannta. Má bhaintear an pinsean de, beidh sé in an-chaoi.
 
Níor thug sé a dhóthain coirpéise chor a' bith de'n teach sin. Sáthach cumhang a bheidheas a' chisteanach, feicfidh tú féin, nuair a bheidheas seomra bainte as 'chaon cheann dhe.
 
colg
'Tharraingeochaidís thríd an tlú gairmid é (an líon) le na ghairmid nó a scóthadh nó leis an mbarrach agus an colg a bhaint dhe. 'Sé a mbeadh fágtha annsin, an chois, gan colg ná barrach, a's í an-mhín. Deiridís go mbíodh leigheas pian bhuilg sa mbarrach. Ní bhaistfeadh a' sagart fadó gan a' bharrach, mar sa gcolg a rugadh Mac Dé (Sliocht ó Sh. Ó. Ch. a' cur síos ar a' líon).
 
Bhí sé chomh maith dhó a dhul a's í a iarraidh i gcoimhfhios le bheith ag imtheacht ingan-fhios mar sin. Mar dhóigh dhe go bhfuil an oiread de chaomhamhaint in a muinntir sise, a's nach n-innseocha siad do'n tír é! A mhaisce, sé 'bhfuil uatha é!
 
cora
Ba mhór a' t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imtheacht ar fud an aonaigh indiu, a' cur carra chainnte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muinntreacha dhó iad! Ach th'éis a bhfuil de ghairéad a's de ghaisce aige, is dona í a léine, ach an oiread liom fhéin!
 
Tá sé corradh ar leath-chéad míle as seo do'n Ch. a's shiubhail mo shean-mháthair chuile mhíle coisméig dhe, in a cosa buinn! Siar go gceaduigheadh sí cailleach luibheannaí a chuaidh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aonduine!
 
Tá tú ar a' gcéithireacht aríst. Dheamhan easna dhíot, nó tá sé ort. Ach ní fhéadfá é (an slaghdán) a leigean thart, gan poc dhe a fhághail.
 
baing
Chuile uair dhá mbriseann sé an scair (i.e. an saor clo(íche)) cuireann sé baing isteach, mar dhóigh dhe, gur bshin cuid de'n cheird.
+
bannaí 1
Fuair sé fear a' tighe seo, mar 'bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul imbannuidhe air, faoi dheich bpunt sa mbeainnc, trí bliadhna sa taca seo. Meastú ar íoc sé leithphighinn ruadh ariamh dhe, 'gur thosuigh an beainnc a' cur leitreachaí (ch)uig an gceann seo, a's a' strócántacht leis faoi'n íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air, 'íoc an uair sin fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidhear i dteannta na bannuidheachaí (i.e. na daoine a chuaidh i mbannaí), mara n-íoca sé gála eicínt dhe go goirid.
+
Is teach é, nar leigeadh fear bóthair ná bealaigh amach as ariamh, gan a' t-ocras, a's a' tart a bhaint dhe.
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a bhí an chuid eile annseo, bhíod sé a' clamhsán nach raibh sé 'fághail cead pósta, a's anois nuair nach bhfuil duine 'bith sa mbealach air, dheamhan a bhfuil 'a' corruighe' dhe.
Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, ní fhaca mé imbealach ná i ndearmad dhe.
Ní aireochthá a' giorrú an bhealaigh é, le na bhfuil dhe nathaidheacht a's de dheagh-chainnt aige.
 
beann
Bain amach bínn de'n stoilín dhe-sin thall.
+
beart
Sé'n beart is fhearr dhuit é 'ghlacadh go réidh. Dheamhan maith 'bith dhuit a dhul 'un droch-(mh)úineadh leis. Má theigheann, ní bhainfe tú ceart a' bith dhe.
TUILLEADH (1) ▼
Is baramhail a' beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chuir 'na shuidhe, leis an uncail a dhíbirt as a' teach. Ní bhíodh iabh air chuil' oidhche, ach a' toirnéis, a's a' déanamh troimpléisc ar fud a' tighe, nuair a bíodh an t-uncail in a chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach sídheamhail! Ach (dh)ar ndó(igh), bhí fhios ag a' gceann eile go maith, céard a bhí dhá dhéanamh.
 
crinn
Ná bac le bearradh! Tá sé crínnte. Thóig sé an for-chraiceann dhe fhéin idteannta na féasóige.
+
Má imthigheann sé aríst as, déanfa mise cleas leis — maistín de chromnasc 'fháisceadh air. Feicfe tú fhéin air, go mbainidh sin an t-uabhar dhe.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' carghaos gan an chromnasc a bhaint de'n asal sin thuas, arae tá a chois ithte isteach go cnáimh aice. Ach dar ndóigh má bhaintear dhe í, beidh sí imthighthe faoi scuir aríst.
 
Is maith a chruthóchas sí nó tiocfa sí ó chrích. Ní hé a mhalrait dhe chosamhlacht atá uirre anois. Tá'n ghrian a' dul siar a's gan aon-fhear dhá h-iarraidh.
 
cúl
Ní choinnigheann aon-teach ósta anois é (an poitín) mara gcoinnighidís ar chúla téarmaí é go díreach. (D)ar ndóigh, dá bhfáightí amach, go ndíolfaidís aon-deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíob, a's ba mhaith an ceart é freisin.
+
beo 1
Níorbh bheo thú ariamh fhéin, mara mbeadh duine eicínt agad, le dóigh mhagadh a dhéanamh dhe.
TUILLEADH (2) ▼
Níl caoi beo is fhearr duit, ná é 'ghlacadh go réidh: má theigheann tú 'un droch-mhúineadh leis, ní bhainfe tú ceart a' bith dhe.
Iasc beo! Chaithfead sé gur ionnadsa atá an t-iasc beo ar fad, a's nach bhfuil tada dhe in aon-duine eile.
 
beo 2
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige, ach bun eicínt a dhul i mbeo na h-iongan — sa ladhairicín — a's shéid sí suas, go raibh sí an aoirde sin slán a' tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í bhaint dhe, arae dubhairt siad, go dtiocfadh a' droch-adhbhar suas thríd a' láimh, fré chéile.
 
Ní thaithnigheann a' biadhú sneachta seo liom — thob ann a's thob as aige. Dhá gcaithead sé tuairt bhreagh in éindigh dhe, bhainfeadh sé an fhuaraidheacht as an aimsir.
 
Mhill diabhalánach de ghasúr ámhuilleach leath-chéad scolb orm, mar dhoigh dhe, go raibh sé dhá mbiorrú.
+
bior
Chuir an gabha bior iarainn sa teine gur thug sé goradh dhó, a's annsin, lúb sé é, go ndearna sé tlú dhe.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois sé'n mhaith amháin duit é, ní bhfaighe tú greim dhe.
+
blogam
Má fhaghann tú blogam dhe sin i dteas na pluide beidh tú 'do bhriain óg ar maidin.
TUILLEADH (1) ▼
Is fearr blogam easbadhach ná blogam iomarcach dhe sin (d'ól)