Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

dhuinn (49)

 
dall 1
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhuinn againn sa dorchadas féin é. Is léar do'n dall a bhéal, adeir siad
 
danra
Chaith muid an bhliain ag athchuinghe air an garrdha thíos a chur. Bhí sé comhgarach agus so-leasuighthe. Dubhrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasuighthe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhuinn. An garrdha seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon-chúl air, ná an chreafóig chloch bheag a dteastuigheann riar maith uaithe len a leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach scriocháin (creacháin). Tabhair scriocháin orra. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
de
B'fhearr dhuinn go fada dhaoinn (dhínn) ná romhainn é = ceann oibre eicínt atá le déanamh. B'fhearr déanta í ná í a bheith le déanamh
+
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
TUILLEADH (1) ▼
Tá 'chuile thomsachán anois idtoll a chéile, ach an méid féir ascalla a d'fhan ingarrdha Sh. Uí E. Ní bhacfamuid leis an scaipiúch sin sílim. Teastuigheann sé ó'n deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhuinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na h-aistreáin sin siar, ingeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na h-iothlann, ní léar dhom go mbeidh aon-áit len a chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuighleach freisin
 
Ní miste dhuinn é ó a dhealuigh siad leo. Bhí faitíos mo chroidhe orm an fhad agus a bhí siad istigh, agus a raibh de shíothmálachaí [aca], go dtarraingeochaidís achrann istigh faoi chaolachaí an tigh againn. An bhfac[a] tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
 
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhuinn a bheith deireannach
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst
 
Ní fiú dhuinn a dhul ag bacadh anois leis. Tá sé in a dheireadh lae
 
Bhí deireannas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóruigh muid go h-íseal agus go h-árd in a ndiaidh, ach chinn orainn aon-amharc a fháil orra. "Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo níos fuide a Ph." adeirim fhéin. "Cá bhfios nach romhainn 'san mbaile a bheidís sin." Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
+
deis
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr de'n talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé cho maith dhuinn a bheith in a(r) gcomhnaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinic seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú dhuinn an méid sin deis' a bheith ar gharrantaí bharr an bhaile againn thar agus mar bhí siad. Ní raibh goir ar bith againn a dhul dhá gcur cheana ach féadfar a gcur anois
 
dia 2
Ba chóir dhuinn a dhul ar meath inniu. Mara raibh aon-mharú orra (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cíonn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
 
diaidh
Ní beag dhuinn a bhfuil muid a dhéanamh faoi láthair, agus gan bacadh le teach. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Déanfar an teach ach a bhfaightear an deis amach annseo faoi'n a bheith slán do na daoine
+
díle 1
Fuair mise mo sháith de'n áit cheana. Chuaidh muid isteach ag ithe béilí ann lá. Dhá bhfeictheá an scudalach de tae a thug sí dhuinn — níor baisteadh ariamh é. Agus an builín a fuair muid, bhí sé ceannuighthe ó'n Díle
TUILLEADH (1) ▼
Má ghníonn sé díle bháistighe anocht agus tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin in a chiseach. Nach bhfuil sé cho maith dhuinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chluig leis, má tá sé deireannach orainn féin
 
Tá an aimsir an-dí-mheasctha. Ní túisce in a shamhradh ná in a gheimhreadh é. Bhí scathamh de'n trathnóna indé go h-aoibhinn, ach chuaidh sé ar ghála annsin ag dul a chodladh dhuinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
Níl aon-lá san aer nach ag déanamh díobhála dhuinn atá sí. Tá bó léithe i mbradaíl, nó tá claidheachaí leagtha ag a cuid asail 'chuile phuínte
+
díol 2
Dheamhan díol dhár chuala tú ariamh nachar thug an máistir ar an gceann se' againne an lá cheana, faoi nachar thug sé aon-mhóin ag an scoil fós. Ach dheamhan fód againn féin má's é is measa dhuinn. Tá cás againn ann go deimhin — é féin agus a chuid móna!
TUILLEADH (1) ▼
Diúltaigheamuid dóib sin. Ná tarraing orainn aríst iad, ó atá siad suaímnighthe. Shíl sé féin mise a mharbhú cheana le iarraidh chorrán, agus 'ar ndú' dheamhan díol faoi'n domhan nar thug an bhean orainn. Bhíodh sí annseo amuigh 'chuile lá agus stiúir uirre ag cur di. Ní thugadh muid áird ar bith uirre. Nach raibh sé cho maith dhuinn. An té a thiubharfadh áird uirre, dhéanfadh sí ceann cho dona léithe féin dó
 
Níl aon-mhaith dhuinn craos a dhéanamh. Tá ar ndóthain ólta againn. Má ólann muid níos mó, diomdha a bhéas orainn ar maidin
 
Orainne a tháinig sé ag roint idtosach. Thug sé dhá mhuigín an duine dhuinn. Nuair a shroich sé siar cho fada leis an mbroscán a bhí ins an iothlainn, ní raibh aon-chosamhlacht ar mhórán eile a theacht, agus bhí sé ar phuintí an trí an uair sin. Thaosc sé amach an pórtar aca sin. Ach bhí an bóithrín aníos dubh le daoine ag leath-uair th'éis an trí agus ag an ceathair, agus gan faice le fáil aca, mar rinne sé plaicín ghabhair dó (de) ins an iothlainn. Maidir linne, ní bhfuair muid ach an dá mhuigín. Ní raibh muid buidheach ná diomdhach: sin é an chaoi len a rádh. Ní bhíonn an chéad-fhear buidheach ná diomdhach arsa tusa (Ól dhá roint ag sochraide)
+
dligh
Teigheadh sé i gcurrach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Maran bog a fhaghas sé na daoine má's fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne an uair a dhlighfeas sé lá oibre dhuinn, rud nach ndligheann. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imighthe ag obair aige 'chuile lá ins an mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin cho cóir sin faoi'n rud a bhíos aige. Cut (cat) bradach a gheobhadh brabach air
TUILLEADH (1) ▼
Is mór de na gasúir seo thoir nar dligheadh an dá phunt dóibh, a fuair é. Ach ní fhaca mise aon-cheo ag teacht amach ariamh ins an saoghal nach mbeadh éagcóir in a bhun nó in a bharr. An bhfeiceann tú aos óg an bhaile sin. Ar chuala Dia ná duine aon-fhocal Gaedhilge aca ariamh. Dheamhan é muis le mo chuímne-sa ar chaoi ar bith, mara mbeadh focal a thóigfidís uaimse nó uaitse, agus leagan aca ar an bhfocal sin fhéin. Ní taise do na gasúir atá ann anois é ach oiread. Agus tá siad ag fáil dhá phunt na Gaedhilge in a dhiaidh sin. Meastú nach shin caimiléaracht. Ach má abruighim-se (má deirimse) nó thusa nach bhfuil sé dlighte dhóib is droch-dhaoine muid. M'anam nach h-eadh nach gur gearr gur bainte dhuinn (dhínn) féin a bheidheas sé. Tá an "power" aca a mhic ó!
 
do 1
Níl an lá faoi dhuinn le dhul le féar = níl an lá feileamhnach, nó in araíocht
 
Bhí muid ag baint roinn fheamuinne annsin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindigh linn. Ó thárla go mba stráinséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'eireochadh sé dhuinn féin sáthach éascaidh má's muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirre. Chuir sí stiúir ropaireacht' uirre féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm as comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céadna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá dórainneach ceart. Diabhal bréag!
 
Ní bhfuair muid tada ann ach an doicheall. Dheamhan láimh féin a craitheadh linn ná fáilte a cuireadh romhainn. Bhí siad cho gruamánta, agus gan smid de'n chaint aca … Bail ó Dhia ort! Tae muis! Bhí cosamhlacht mhór orra siúd go deimhin, a dhul ag réidhteach dhuinn. D'imigh linn ar an dá luath agus a bhfuair muid an deis
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh anois do'n triúr againn a dhul agus greim a ithe. B'fhéidir nach mbeadh sé cho h-éascaidh dhuinn a fháil aríst. Ní beag dhuinn a bhfuil romhainn agus gan gearradh ocrais a bheith orainn ar ball
 
dóigh 3
Tabhair leat na sceidíní ar aon-chor. Ná fág ag aonduine eile iad. Ó thárla go raibh sé de smál orainn a bhriseadh, níl aon-mhaith dhuinn a bhrabach a fhágáil ag aonduine. Dhá ndóightí an teach badh le bean an tighe an luath
 
Nuair nach bhfuil ann ach an ceathrar againn, ní fiú dhuinn bacadh le páirtidhthe. Is fhearr an imirt a bhéas ar dhólámha. Cé mhéad a chuirfeas sib air?
 
domhain 2
Ní fiú dhuinn a fhágáil in a ndiaidh (ar ndiaidh), ar scáth a bhfuil ann, ach tá sé an-domhainn 'san oíche
 
Is deas í mo chruach choirce agus nach bhfuil dhá dhornán istigh ar a corp. Má's gláimhthéisc de'n tsórt sin é, d'fhéadfadh muid cheithre chruach a chomhaireamh dhuinn féin
 
Tabhair drad-líonadh ar an mbosca sin agus caith thuas aice é, má's rud é a chuirfeas ó bhánrán í. Tá sí ag fáil cuid is mó ná a thug sí dhuinn.
 
dreas 1
Rinne sé dreas ceoil dhuinn
 
dris
Tá buadh imeartha againn anocht ach d'eireochadh dhuinn. Chuaidh mo pháirtidhe — P. annseo — faoi dhris annsin thíos, i Logán an Fh. shul dhá tháinig muid isteach. Ní bheidh aon-oíche beo feasta nach ndéanfaidh duine againn an rud céadna. Is maith sportha a bhéas sib faoi Fhéil Pádraig seo chugainn ach a gcaithtear suas na cártaí
 
Is lugha an drugall a bheadh orm a dhul go h-Ifreann féin ná isteach 'san teach sin, ach má's rud é atá romhainn, tá sé cho maith dhuinn é a chur dínn
+
droim
Tháinig sé annseo thoir ins an samhradh anuiridh. Chuaidh cúigear nó seisear againn soir aige, ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhuinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dteigheadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ar) ndroma ó shoin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo 'bhliain ag dul thar druim. Níl ann ach go ndúineann sí ar éigin, agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpuinte. Ag fágáil na tórradha dhuinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin
 
dubh 3
Tá an Sunda Salach ag dubhachan. Tiubharfaidh sé cnáimh le creinneadh dhuinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shul á thiocfas an dórtadh
 
Is gearr uaidh ráig eile. 'Bhfeiceann tú an dubhachan atá thiar. Is fhearr dhuinn tarraingt ar chaladh eicínt thar an áit seo, maran linn a bheith bog báithte
 
dúil
Níl a dhath maitheasa dhuinn a' (ar) ndúil a bheith le Meiriocá an Nodlaig seo. Tá Meiriocá réidh. Níl sciúrtóig ag teacht anois as
 
dul
Ní raibh dul ar bith orainn nó gur rug muid anoir ar an mbrachlainn atá annsin thoir san sunda. Thug sí sin rud le déanamh dhuinn. Cuireadh ar ar miotal ceart críochnuithe muid. Bhí fairrgí ann an lá sin. Shíl mé dheamhan ar tír a thiocfadh muid go deó
+
Má theigheann tú ar ól an phoitín anois ní maith an dóigh dhuit é. Tá a' gceart againn cheana. Níl aon-mhaith dhuinn únlaoighis (ionlaoighis) phocaide a bheith in a' (ar) mbolg ag dul abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Nach mb'fhearr dhuinn a dhul ar leagan na mbruachannaí anois. Ní bheidh siad romhainn
 
Níl tada ag dul duit, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Níor chuir tú pighinn ar bith amach ó shuidh muid ag clár anocht. Agus go deimhin agus go dearbhtha ní mórán conganta a thug tú dhuinn le na cártaí
+
Ní fuláir dhuinn a bheith ins an mbaile le dul-faoi na gréine
TUILLEADH (1) ▼
Meastú dhá dteighinn féin agus thú féin agus an C. faoi churrach nach ndéanfadh muid gnatha is measa ná é. Tá coirrleach agus ceanna slat ar an O. F. nachar baineadh le chúig bhliana déag. Ba mhór ab fhiú dhuinn l'aghaidh leasú iad
 
Níl aon-cheo a chuaidh thríom ariamh in mo shaoghal ach a bheith ag éisteacht leis annsin ag strócadh le pian, agus gan duine ar bith indon aon-mhaith a dhéanamh dhó. Ba mhór an suaímneas dhó féin agus dhuinn féin é nuair a thug Dia Chuige Féin é