Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dreoghchan (3)

+
'Bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreoghchan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dteighinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é cho h-éascaidh in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní fuláir dó an t-ionbhadh a fháil in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaidh mé síos leis an gcarr ann. Cheannuigh mé trí folaigh coirce le' aghaidh síl. Thiubharfá an leabhar go mbadh é an chéad-scoth é, agus badh é freisin. Ach lá dubh-fhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis 'sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laetheantaí, bhreathnuigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhágaidh mé seo mara raibh sé 'tosuighe ag dreoghchan. Fhobair go gcaillfí mé leis an gcantal
 
Nachar dhubhairt mé leat go mbeadh dreoighteacht air, agus ní chuirfeadh fear agus píce iallach ort a leigint amach aríst in a dheidh sin. Oibrigh ort anois! A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Ara diabhal dreoghchan ná dreoghchan ar an bhféar sin. Céard a bhéarfadh dreoighte dhó, scáth an dá bhraoinín báistighe sin a buaileadh air. M'anam dhá mbeadh dreoighteacht air, gurbh fhurast aithinte é