Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dubhshlán (45)

 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
Tá sé siúd cho dúrainneach agus má tá sé caithte in a cheann aige, nach leigfidh sé uaidh lag labhartha as an dá phunt dhéag í. Má tá ceapadh ar bith aige go bhfuil saint ar bith aige innte seasfaidh sé ar an airgead sin, agus dubhshlán aonduine é a chur cianóg as.
 
M'anam muise nach bhfuil de chailleadh ar an donn-réidh féin má dheisigheann tú amach ceart í. 'Sí atá ar an teach nuadh sin uiliog ag clann Mh. Ph. — an teach a rinne siad fhéin. 'Ar ndú, is annsiúd buailte orra atá a tabhairt amach. Dubhshlán aonduine drannadh léithe feiceamuist. An t-éan féin, ní chorróchadh d'oíche ná de ló nach mbeadh braithte ag duine eicínt aca
+
Thiubharfadh sé siúd dubhshlán an tseairsint féin, dhá gcaitheadh sé ina cheann é. Is air nach mbeadh an mhoill. Chonnaic mé ag tabhairt dubhshláin an phóilí ruaidh é annsin thoir lá aonaigh. D'iarr sé ar a dhul abhaile, agus thug sé a dhubhshlán é a chur abhaile. Dheamhan tréas ná a dhath a chuaidh air faoi
TUILLEADH (41) ▼
Níl a dhóthain guis ann! Níl b'fhéidir. Is maith atá sé sáthach gusamhail le dubhshlán a mháthar a thabhairt uair ar bith dhá mbagruigheann sí air. Is beag dhá chuid cluanuidheacht' sin an tseafóid bheag sin
Diabhal easna dhi nar thug dubhshlán an ghiúistís istigh ins an gcúirt. Tháinig dath na n-uibheachaí lobhtha ar an ngiúistís. "Punt eile uirre sin" adeir sé, an uair a tháinig a chuid cainte dhó. Ní raibh sé ach ag borradh léithe, a dhearbhráthair mo chroidhe. Thug sí a dhubhshlán in athuair. "Dúblóchaidh mé anois é" adeir an giúistis. "Dhá phunt eile ar an mbean sin." Narbh shin í an raicleach agad
D'eirigh sé suas in a stuithneachán i lár an tighe agus thug sé dubhshlán a raibh i láthair é a chur amach. "Is dona a fríothadh sib" adeir sé "má tá faitíos ag lán tighe roimh fhear amháin." Diabhal an deoruidhe féin a chorruigh in a dheidh sin
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thoisigh sé dhár saghdadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin in ar bpleibeanna cho mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Annsin chuir sé faoi ndeara dhúinn dubhshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin
Thug sé dubhshlán athar agus máthar, agus ghread leis annsin
Ní beo é gan a bheith ag tabhairt dubhshlán duine eicínt
Sin é an dubhshlán a thiubharfas sé sin i gcomhnuí — rith. Ach is fearr rith maith ná droch-sheasamh adeir siad
Bhí dubhshlán a chéile tugtha aca, agus marach go ndearnadh eadarascán bheadh bualadh ann
Is furasta leis an bhfear taghdach dubhshlán duine a thabhairt, ach is fusa go mór an dubhshlán a thabhairt ná cur leis
Sin é an dubhshlán ach an bhfuil a chur leis ionnad anois?
Is dubhshlán dona atá aige. Ach níor bheo é mara mbeadh sé ag gleo agus ag bruighin mar sin. Ní fiú le duine ar bith a láimh a shalú leis. Marach sin is fadó an lá a bheadh sé marbh
Is dubhshlán é a mh'anam nach bhféadfadh duine a leigean thairis dá mbeadh fuil ar bith ann
A dubhshlán anois fear a fháil. Tá sí fágtha ar an tráigh thirm annsiúd
Baineadh sí leis an malrach sin anois, a dubhshlán. Má bhaineann rachaidh mise soir de mhaol mo mhainge go dtí an póilí go bhfuagruighidh mé í
Dubhshlán an tsagairt cur faoi ndeara dó siúd a dhul chuig an Aifreann. Ó a chaith sé in a cheann fanacht as, tá sé fánach a bheith ag gabhail dó.
Dubhshlán an bhaile seo a dhul suas annsin ag baint mhóna, mara bhfuil siad sásta smíochadh a dhéanamh. Má tá bainfidh siad móin ann
Dubhshlán a bhfuil "d'engineers" inGaillimh teach a leagan amach cho maith leis siúd
Dubhshlán a bhfuil de phóilíos ar an T. é siúd a thógáil, mara dteighidh sé féin leo as réidhteach
Dubhshlán an dá shleaghdóir is fhearr ar do bhaile an oiread móna a bhaint leis lá
Dubhshlán Mhac Ph. Dh. a bheith in a scoláire cho maith le S. se'agaibhse th'éis a bhfuil d'aois aige air
Dubhshlán do bhaile a bheith cho maith leis an áit siúd. Is fhearr acra de'n áit siúd ná a bhfuil istigh ar do bhaile frén a chéile
Dubhshlán a raibh ag an damhsa é a chur amach
"Dubhshlán feara(bh) Éireann gur bréag atá mé a rádh" (líne as amhrán)
"Each caol dubh agus a h-aghaidh ins an sruth agus dubhshlán feara Éireann a dhul i gcois dhá leith ar a cruit" (Tomhais: eascon)
Dubhshlán feara Éireann locht a fháil ar an teach sin anois. Tá sé ar deil. Níl a dhuth ná a dhath thuas ar a chorp nach mé féin a dhion (déan)
Chonnaic mise é ag tógáil gró mór mar sin i súil a dhá láimh, agus ag cur a ingne mar sin faoin a dhrad, agus [ag] caitheamh an ghró thar chúl a cinn gan a ordóga a bhaint as a bhéal. Ba é dubhshlán a raibh ann é a dhéanamh, aindeoin go raibh fir a raibh meas aca orra féin ann
Ba é dubhshlán a raibh thart annseo ariamh an léim sin a bhualadh amach. Féach thusa thú féin léithe anois, má tá aon-mheas agad ort féin
Chuir sé an dorus isteach as dubhshlán ("le dubhshlán" amanntaí, ach is coitiannta an leagan eile) = chuir sé isteach le teann fórsa nó nirt é; chuir sé dhá lúdrachaí é
Tháinic sé isteach chuig an damhsa as dubhshlán = de'n bhuidheachas; níor féadadh a choinneál amach, níor íoc sé; "gate crashing"
Cuirfidh sé siúd suas iad as dubhshlán. Ná bac le clocha cinneamhaint air siúd
Tá sé ag cur fhataí as dubhshlán = níl sé ag glacadh ionbhadha ná staidéir ar bith leis féin, ach ag dubhachan leis go h-uathbhásach, agus bacainn nó triompán ar bith dá bhfuil air, a chur as a bhealach go dásachtach
'Sé an chaoi a mbíonn sé le 'chuile obair: a ghabhail di as dubhshlán. Déanann sé creachlaois, ach bíonn sí gan mórán slacht
Chuaidh an bhó dhá báthadh i sean-bhoglach atá ann ach chuaidh sé fúithe as dubhshlán agus chuir sé aníos as í. Ach níl cnáimh ag gabhail léithe nach bhfuil as a riocht déarfainn
Glac staidéar anois! Ní chuirfidh tú as choidhchin as dubhshlán í. Stúaim a dhéanfas é. Is fhearr stuaim ná neart a deir siad
Sé'n chaoi a ndearnadh na sean-bhallaí sin uiliog fadó as dubhshlán. Chuiridís gruadháin mhóra ionnta, agus gan iad ag luighe le chéile chor ar bith. Ach ba chuma sin leo, 'fhad agus a bheadh balla láidir aca. Ar ndú' níl cinneadh go deo le cuid de na clocha a d'fheicfeá ins na ballaí fuara sin. Ní bhíonn saoirsinn ar bith orra, ach putráil ar bith go bhfanaidís in a seasamh
Scoiltfidh sé siúd a bhfuil de chlocha ann as dubhshlán. Beidh cat agus dá rioball déanta aige annsiúd sul á aireochas na daoine é
Tá sé ag déanamh cró as dubhshlán ann = cró a bhéas an-láidir, ach nach mbeidh ro-shlachtar agus gur mó an neart ná an stuaim a chaithfí leis
Tá sé ag baint mhóna as dubhshlán. As dubhshlán muise atá sé ag baint na bportach siúd. Tá siad an-deacair le "feoil chapaill".
Chinnfeadh orainn an capall a chur isteach ins an scioból chor ar bith, marach gur cuireadh isteach as dubhshlán í. Ó a baineadh an gheit aisti annsin, ní mian léithe a dhul isteach ann beag ná mór
Níl sí le coinneál as anois ach as dubhshlán, ó a fuair sí a bhlas chor ar bith. Ba mhór ab fhiú do na daoine dhá mbeadh sí díolta as an mbealach
Ní raibh an fuisce ag teacht leis, ach chuaidh sé dhá ól as dubhshlán in a dheidh sin. Fhobair gur ghiorruigh sé leis = bhí an fuisce ag dul in a aghaidh, ach d'ól sé é, aindeoin sin. Chuir sé faoi ndeara dhó féin é a ól