Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ga (10)

 
Cé'n chaoi a bhféadfadh aon-déantús maitheasa a bheith ann, nuair nachar cuireadh fír na m[aith]easa ann an uair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca truaigh[e.] 'Sí an pheataidheacht sin a d'fhága é ins an gcruth a bhfuil sé, gan maith ga[n] maoin
 
díth
Tá díth bróg orm as éadan anois le dhá bhliain. Cheannaigh mé péire bróg thoir 'san mB. tá cheithre bliana go Cáisc seo caithte. Seacht fichead a thug mé orra. Chaith siad trí phéire tosaigh dhom. Dhá bhliain go Féil Bríde seo (gha)bh thart a thug mé do thincéara iad a tháinic annsin. Ní raibh aon-bhróig faoi shásamh agam ó shoin
 
Coicís ó'n Domhnach seo (gha)bh thart a bhéas sé ann
 
drann
Ní bhfuighidh tú cead drannadh leis an airgead beag, dhá gcuirtheá do shúile ar chipíní dá iarraidh. Is beag an baoghal. Fuair tú coróin gheal Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart, agus is diadhachta dhuit a deireadh a bheith caithte fós agad
 
Shílfeá go bhfuil drántán ceoil in áit eicínt siar annseo. Ní féidir gur ag dul ag damhsa ar an mbóthar a bheidís aríst, th'éis gur dhíbir an sagart as iad 'san oíche Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart
 
driog
Rug mé ar an "article" sin atá ar an mballa l'aghaidh an tsoluis thíos tigh J. Ph. agus chuir sé driog thríom. Tabhair ga air a mhic ó: mar 'bheadh meanuí do do tholladh. Ní h-eadh ach an oiread, ach mar a bheadh iasc beo ag rith suas in do láimh. Ní mise an chéad duine aríst a ghabhfas ag méirínteacht leis an rud siúd
 
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhastú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhastuigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba ach ar thea[nga] ar na daoine". Is daor a chuaidh na cupla focal cainte sin air
 
droim
Dar diaguidhe, dhéanfadh an cráidhteachán sin slí amach ar dhruim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-eirigheadh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann Seascach na gCearc len a cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó lá 'eil Míchil go Lá 'eil Bríde
 
dubh 2
Ní dhearna sé a dhuth ná a dhath (nó: ní dhearna sé a dhath báistí. Fc. dath) báistí le trí seachtainí go Satharn seo (gha)bh thart. Tá chuile shórt spalptha críochnuithe anois
 
[Ga]ol dáimhe na dúchais (fc. dáimh)