Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ding

geanntrachaí (15)

+
Tá an Béarla cho daingnighthe sin isteach i gcuid de na daoine, agus nach mbainfeadh geanntrachaí amach é.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí 'chuile áit ar foghnamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach i gcruthamhnas duit go bhfuil sí cho daingnighthe anois, agus nach féidir a cur amach. Nar ba fearr a bhéas sí muise mara ndeachaidh sé righte go leor léithe ins an gcogadh seo. Mo choinsias chuaidh!
 
danra
Bail ó dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin, ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar agus a chuid feamuinne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorróchadh geanntrachaí (uathaidh — ding) as siúd é.
 
Is beag an luadh a bheadh aige na geanntrachaí a thabhairt dhom th'éis gur iarr mé air iad. Cé'n bhrigh ach ní leis féin iad. Sin geanntrachaí a bhí ag lucht an bhóthair agus choinnigh seisean iad an uair a bhí an oirnis thuas ann. Rinne sé a chuid féin dhíob. Dhá mbadh leis féin féin iad, nar dhaoitheamhail an chaoi dhó gan a dtabhairt do chomhursa — ní áirighim nach mba leis. Mhúinfeadh cuid de na daoine críonnacht duit, ach dheamhan a fhios agam an de'n chríonnacht an cheird sin ach oiread
+
ding
Níl annsin ach clocha reatha. Ní clocha choiléir iad. Bhainfeá le gró agus geanntrachaí iad. Is breagh seasúch (seasmhach) na clocha iad, dá mbeadh glac bainte dhíob
TUILLEADH (7) ▼
Measaimse nach dteastóchadh púdar ar bith uaithe sin. Tá siuntaí uirre agus d'eireochadh sí in a scramhannaí de dhruím a chéile dá mbeadh geanntrachaí maithe agad. Ach níl aon-ghinn 'e rath agad. Sin é an buille
Ní ginn ar bith a thastuigheas uait léithe sin ach spéice maith agus borradh a choinneál léithe, go dtugtaí aníos ar a corr í. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid geanntrachaí! Níl tú ach ag cur anró ort féin má shíleann tú a scoilteadh
Is diabhlaí cascartha an leac í. Níl gínn ar bith indon aon-cheart a bhaint di. Chaith muid an lá ag saimhseáil léithe le geanntrachaí, ach sin é a raibh dhá bharr againn. Caithfidh mé eadarshuth eile léithe imbáireach, agus má chinneann orm aon-sceabhadh a bhaint di, fágfaidh mé annsin ins an tubaiste í, nó go dteagaidh púdar
Gínn dá cuid féin a scoilteas an liomhán; le ginn dá geanntrachaí féin a scoiltear an dair = is píosa di féin is fhearr a thiomáint innte, leis an liomhán (nó an dair scaithtí) a scoilteadh; ní h-iad a náimhde ach a gcáirde gaoil agus a ndaoine muintreacha féin a chuireas cine, muirghín, teallach, baile nó lucht aon-cheird de dhruim seoil
Céard a d'fhága ar lár iad, ach a ndaoine féin. 'Siad a fhágfas an dream seo ar lár freisin muis. Duine eicínt mar sin a bhíos geanntáilte isteach a theigheas ag allúchan (ollmhúchan) na scléipe i gcomhnuí. Le ginn dhá geanntrachaí féin a scoiltear an dair
Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir. Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
 
docht 2
Tá a geanntrachaí cho docht idtalamh ag Sasana sin agus nach féidir a bualadh. Níl indán buailte dó a mhic ó, nuair nach n-ionnsóchadh an Domhan fré chéile í
 
droim
Sílimse nach call "blast" ar bith de'n chloich sin. Tá siuntaí innte agus scoiltfeá í le geanntrachaí. Dhá bhféadthá sceabhadh ar bith a bhaint di, d'eireochadh sí de dhruim a chéile. Is furasta 'aithinte uirre é
 
Dá mbeadh sé cho dubhshlánach le balla an phríosúin, cuirfidh sé siúd in aer é, len a chuid gróití agus geanntrachaí.