Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

snámh (44)

 
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
+
Tá rud eicínt ag snámh orm. Tá a mhaisce! Fáideóg fhuar! Nar fheice Dia an t-ádh ort! Dhá mbeadh maith ionad, ní annsin a bheitheá, ní hea sin
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin (gasúr) aréir, bhí sé ag snámh le fáideógaí fuara. Bhí siad ag tuitim as a chrioslaigh in a gcuasnógaí, de bhárr a bheith dhá ionnfairt fhéin san bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaithneóidís liom chor ar bith
 
fána
Chaith sé amach é féin le fánaidh na céibhe agus shnámh sé isteach ar an tráigh
 
Chuaidh [sé] ar snámh thíos ag Carracán na Dúirlinge.
 
Bhí 'chaon chlársach de smugairle dhár chaith sé amach ar an teallach annsin an oidhche cheana, chomh mór, a's go bhféadfá a dhul ar snámh ionnta(b).
 
cora
Báthadh é 'sa gcarra, i sruth lán mhara. Scuab an sruth leis é, ach dhá mbeadh aon-bhuille snámh' aige, bhí leis.
 
Tá Baile Átha Cliath corradh ar shé scóir míle as Gaillimh. Meastú cáide a bheadh seilmide maith storramhail a' snámh ann?
+
D'éaluigh sé sa snámh uatha(b) treasna an choigéilín fairrge siúd ar dhíth-thráigh.
TUILLEADH (1) ▼
Ara cé'n stró atá orra(b) a theacht treasna an choigéil, má bhíonn snámh ar bith aca(b). A's [nach] bhfuil fhios agad go maith nach gcuirfe siad aon-phóilidhe 'san áit mara mbí snámh aige. Déanfa muinntear an oileáin cúis anois d'uireasbha poitín, ar chuma ar bith.
 
crinn
Is olc a chruthuigh sibse nuair a bhí sib fhéin a's bád R. a' creinneadh a chéile ar a' mbord amach, nar shnámh sib amach os a gcionn a's iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaidhe.
+
beo 1
Tá'n cladach beo le mná riaghalta indiu ar snámh ann. Shíl mé nach raibh an oiread siúd aca(b) uileag in Éirinn.
TUILLEADH (2) ▼
Tá'n tuighe seo beo le cnuimhe. Airighim a' snámh orm péin iad.
Chomh luath a's a tháinic siad isteach ó shnámh, tháinic siad aníos i mbun na dúirlinge, a's thosuigh dhá n-ionnfairt fhéin sa ngaineamh beo. Dheamhan snáth a bhí orra(b) ach an oiread leis an oidhche a (ar) rugadh iad.
 
bruach
Chonnaic mé toirt eicínt a' snámh ar bhruach na taoille, a's shíl mé gur barrille a bhí ann.
 
Ar thráigh gainimh a buaileadh a' luing, a's ní raibh aon-ghoir aice é 'fhágáil, arae bhí an rabharta a' cúlú, a's ní raibh a díol uisce snámha aice. Tharraing luing eile as í, faoi dheire, le griféid mhóra.
 
buille
'Chonnaic sé chuige an currachán snámha, iomramh céad, a's gabhail dháréag a's gan uirre ach aon-bhuille amháin' (as "Céadtach Mhag Fhinn Rí Éireann").
 
Báithte bheidheas tú ar ball. Ní hé athrú de chosamhlacht atá ort, a's an tóir atá ar shnámh agad.
 
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air marach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapuigh mé é! Bhí sé in a shuí thíos ar cholbh an Characáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí shoir ar an Meath-Dhúirlinn a bhí mé fhéin. "Lá breá é" adeir sé … Bhain muid amach san seanchas. "Gaeilgeóir thú" adeirimse. "Ní hea" adeir sé. "Ag fámaireacht atá mé". D'fhiafraigh sé annsin tuige na cuailleachaí. D'innis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. "An 'sbáinfeá dhom é" adeir sé … = ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneóireacht air
 
A Thiarna, a Thiarna, nach deacair a rá nach bhfuil an fear sin folláin? Fear ar bith a theigheas ar snámh geimhreadh agus samhradh cho maith le chéile
 
Tharraing sé amach daba muicfheola, agus dheamhan focal ar bith bréige a dhéanfas mé leat. Ba mhór an uais í! Bhí na cnuimhe innte. Bhí go corpanta. Diabhal blas di siúd nach raibh seachtain fínithe. Chuir sé síos dá róstadh í, agus thosuigh sé dhá placadh, agus na cnuimhe ag snámh ar fud an phláta. Déarfá go raibh coimpléasc aige sin! Ní fhéadfainn fhéin a bheith breathnú air! Chuirfinn mo liathachaí amach!
+
folc
Níl aon-mhaith do dhuine snámh a bheith aige mara bhfuil [sé] indon folcadh a dhéanamh air fhéin = a bheith indon a dhul faoin uisce agus a chur suas ort féin le oibriú na gcos agus na sál (fc. folc shnámh)
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh mé a dhul síos agus folcadh beag a thabhairt dom fhéin. Is fadó an lá nachar raibh mé ar snámh
 
Teagann fámairí as gach uile cheaird ar snámh annseo san samhradh
 
Tá an iomarca fuaireadais san uisce le dhul ar snámh inniu
 
Ar snámh a bhí againn a dhul. Ba mhór an fuarú é agus an meirbheadas atá san lá
 
fuar 2
Tá fáideógaí fuara ag snámh ort as an tuí sin. Coinnigh i leith nó go mbaine mé dhíot iad (fc. fáideóg)
+
Tá an dubhán alla ag snámh. Cuirfidh sé éadaighe nua chugad = chítear an dubhán alla ag snámh scaithtí. Deirtear an uair sin go gcuirfidh sé éadaighe nua chuig duine
TUILLEADH (1) ▼
Éadaighe nua riu! Breathnuigh suas annsin 'sna cúinní fea'int a bhfeicfeá aon-dúbhán alla ag snámh ionnta. 'Sé a chuirfeas na h-éadaighe nuadh chugad. Tá tú asta dhá fhuireasbhaidh.
 
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
 
D'fheicfeá dearga daol is 'chuile áit. Is minic a bhíos siad ag snámh ar an urlár annsin. Bíonn brat aca i móin freisin. Níl sé dhá lá fós ó a chonnaic mé maistín de dhearga daol annsin amuigh ar an mbóthar. Brugh do chois air sin is 'chuile áit dhá bhfeicidh tú é. Is ceart é a mharbhú. Leis an Diabhal an dearga daol. Nach ndearna sé feall ar Mhac Dé! = creidtear seo. Buailtear cois air i gcomhnaí
 
Th'éis cho galánta agus atá sí, bhí mé taobh thiar di ag an Aifreann Dé Domhnaigh agus meastú nach raibh páin de dhreancaid ag snámh uirre
 
driog
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
 
droim
D'fheicfeá é mar a bheadh corc ann ag snámh ar dhruim na fairrge
 
Is minic a chonnaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc annsin agus mé ag breathnú orra as seo. Tá faoi na h-uláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agad, ba gearr a bheitheá ag marú stropa éisc ann …
 
Is dochreidthe an scéal go mbeadh dubhshnámh an méid sin ag bád ar bith: dhá fhichead lá faoi uisce. Nach diabhlaí nach bplúchtar iad. Ach ní chreidfinn go mbeidís an t-achar sin ag dubhshnámh. Seachain th'éis an oiread seo dubhshnámh nach gcaitheann siad a dhul ag snámh. 'Ar ndú' ar an gcaoi a bhfuil tusa ag caint sháraigh siad na faidhtíní.
 
Tá Tóchar na Dúrlinne tachttha aríst, agus an garrdha báithte. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon-mhaith go dteighidh comhla taobh amuigh ins an dúrlinn
 
Tá sé indon snámh idir dhá uisce
 
dán
"An té nach bhfuil fhios aige le snámh níl indán dó ach é a bháthadh" (sean-fhocal) = ("Námhaid í an cheird gan í a fhoghluim"): an té a rachas ag plé le rud chor ar bith, ba cheart dó fios a bheith aige len a dhéanamh, mar níl sé ach ag cur as dó féin mar a mbeidh fhios
 
Mise i mbannaí muis nach de'n díogha an cupán tae a bhí sí a ól. Bhí sé cho buidhe le ór agus shnámhfadh an spúnóg ann, bhí sé cho láidir sin. Ba bheag ab ionann é agus an scudalach tae agus "coffee" a bhíos againne. Tá sí siúd ag fáil tae as éadan as Sasana. 'Deile cé as a bhfuigheadh sí é
 
dóirt
Ná bac le ól! Bhí sé in a dhórtadh ann. Thiocfá ar snámh ann
 
dúil
Bhí a shúile ag snámh in a cheann le dúil i dtobac
 
Ba snámhóir thar cionn é, ach bhí dul ag an bhfairrge air in a dheidh sin. Nach iomdha geábh mór a shnámh sé ariamh go ndéanaidh Dia grásta air!
 
Ní féidir a dhul as an bhfairrge mar a bhfuil snámh agad