Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

teanga (70)

 
abair
Diabhal a chois ná a chnáimh a ghabhfadh ann, dhá mbeinn leis nó go gcaithfinn mo theanga. Anois céard deir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Nach maith luath atá sé ag dul ó smacht
 
daigh
Bhí doigh ghoile le cupla lá uirre agus chuir sé ó ithe a codach í, ach níor chuir sé aon-champirín ar a teanga. Mo léan géar sé nachar chuir!
 
dairt
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
 
dána
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orra fanacht as ach mo léan géar, dheamhan lá áird aca sin ar a máthair. Dhá n-abruigheadh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
 
daor 1
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneál ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
 
Ní raibh aon-ghangaide ann, ach go raibh sé an-deáchainteach mar sin. Sháródh sé críochnuithe thú scaithtí. Ní fhéadfá rud ar bith a rá nach mbéarfadh sé thall ar theanga ort
 
dealg
Dealg sceiche a thóig sé an chéad uair agus ní thiubharfadh sé cead d'aonduine a dhul in a goire nó go ndearna sí cois bhocht ins an deire. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeochadh sé an droch-adhbhar, ach dheamhan cosamhlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith adeir siad is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnuigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeochadh sí sin de ghort an gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille.
 
déan 1
Ar an dá luath agus ar ól mé é, rinne mo theanga cairt. Chaithfeadh sé nach raibh sé ar foghnamh dhá réir sin
 
An "feaig" deireannach déidheannach a bhí agam scar mé leis ar ball. Bhí an leota seo thuas ag imeacht scrúdtha, agus banlá dhá theanga amuigh. Chaith mé aige é!
 
deara
Nach gránna an faisean a thug sí faoi deara di féin, a bheith ag cur banlá dhá teanga amach faoi 'chuile dhuine. Tá a muíntir náirighthe aice. Is mór an úais í
 
Bíodh sé olc maith anois: sin rud nach bhfuil a fhios agam leisce na bréige. Ach níl aon deá-theanga aige = níl aon-deá-bhéal air; bíonn sé ag gáirsiúlacht, nó ag déanamh bréag nó ag coireadh ar an gcomharsa
 
Bhí déidín tuithte againn leis an ocras an uair a fuair muid aon-ghreim, agus an uair sin féin ba gann gortach uatha é a thabhairt duinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg indo mhéir thríd, agus scudalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart brutha. Méaracáinín beag fuisce annsin nach n-aireochthá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
 
Tá deimheas uirre sin i gcomhnaí. Is mór an t-iongnadh nach dtiocfadh tuirse ar a teanga uair eicínt nuair a bhíos sí in a claibín muilinn i gcomhnaí = bean agus díle cainte aice i gcomhnaí
 
Fuair mé chúig cinn de "fags" — Sweet Afton" trathnóna agus deirimse leatsa go mbadh bhuidhe déirce liom an teirgéis sin féin [a] fháil. Bhí mo theanga bheag amuigh ó mhaidin cheal ghail
 
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirghe aice. Thosuigh Mícheál ag magadh fúithe: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deireadhachaí? Ise: Dhá mbeitheá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agad sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. Scaoil sé cnaipe. Mícheál: Tóig é sin uaim. Ise: Níor tóigeadh aon-laogh ó aon-bhó ariamh go ligheadh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaidé' adeir an mac (.i. mac Mhichil) 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirre. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uiliog gáirseamhail. Tá mé dhá thabhairt annseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoi'n ngréasaidheacht deireadhachaí, lasca)
+
deis
Bhí mé istigh tigh S. G. trathnóna agus go deimhin má 'bhíos féin bhí deis chainte (stiúir nó slis chainte) ar Mh. Bhí sé ag scilligeadh bréag mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Is iongantas liom go seasann a theanga dhó chor ar bith ar an gceird siúd.
TUILLEADH (6) ▼
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agad é: ag lígheachán do smaoise le do theanga. Cé'n áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní annseo é ar aon-chor. Beidh duine ar bith ceart a thiubharfas comhluadar do'n bhrothtuinn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
Déarfaidh mé leis é, ach a dteagaidh sé ar mo dheis. Ní bhfuighinn ionnam féin a ionnsuighe faoi láthair. Tá mé faoi chumaoin aige. Ach a gcúitighidh mé an chumaoin sin, beidh mé díreach leis, agus féadfaidh mé mo rogha rud a rádh leis. Beidh a shliocht air: gheobhaidh sé an teanga uaimse, feicfidh tú fhéin air
Tá a theanga ar a dheis aige ar chuma ar bith = tá sé paiteanta ag caint; is cainteoir maith é
Ná h-iarr in a dhiaidh siúd é, má theigheann sé ag cóiriú aonduine. Tá a theanga ar a dheis aige. Ba dual dó. Cainteoir maith a bhí in a athair féin.
Tá a theanga ar a dheis aige, ar chuma ar bith. Is geall le 'tornae (atornae) é, ag scoilteadh cainte.
Chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí ag caint. Mo léan géar nach aice atá an teanga ar a deis. Bheadh sé fánach ag mo leithide-sa a dhul ag coinneál cabaireacht' léithe
 
'Bhfaca tú deoruidhe ar bith ariamh is gráinne teanga ná é. Ní fhaca mise ar aon-nós
 
diabhal 2
Coirce a bhaint! Go mbaine an diabhal an teanga assan ar chuma ar bith, mara mór a bhaineas mo chuid coirce dhó le caidéis ar bith a fháil dó!
 
Ní léar dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caithte ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nar thug tú cead dó lascadh leis go Sasana an uair a bhí sé ag éiliú a dhul ann, thar agus é a bheith ag tarraint droch-chliú air féin agus ar 'chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mbadh ag tobar dheire an Domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainn-se é ach moladh leis, go n-imigheadh sé as an mbealach
+
diaidh
Beidh tú ag teacht isteach uirre indiaidh (i leabaidh) a chéile. Deir siad gur teanga chruadh í an Ghaedhilge le foghluim
TUILLEADH (3) ▼
D'eirigh sé as an nathaidheacht sin. D'fhága sé in a dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraint an iomarca siothmálachaí air féin len a chuid deagh-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corr-chriogaide a fháil
Ní fhaca mé aon-duine de na Loideáin chéadna ariamh nach mbeadh an criotán sin ina dhiaidh. Bhí sé in a lionnán (leannán) ag Micil, agus ní fhaca tú Peait aon-lá ins an mbliain — an lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach cho maith le chuile lá eile — bheadh slócht air
Bhí sé i gciúin-chomhrádh liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh ba spleodaraighe ná é. Maidir le scéalta bhí siad aige: bás na caillighe, pósadh na mná óige, cogadh, aontaigh agus eile. Ach hébrí cé'n dearcadh a thug sé indiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ó'n oíche fadó ar ionnsuigh sé é ag teacht aniar ó'n R.
 
Badh shin iad an dream a bhí díbheirgeach len a gcuid buachaillí. Mara mbeidís in a suidhe le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas in a n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor eirigh sé ar chuma ar bith an uair a glaodhadh air. Suas le sean-Sh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó ins an leabaidh. Diabhal asna de'n bhuachaill nar eirigh in a chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoigligheann faoi ins an leabaidh é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithidheach é marach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ó'n lá sin go ndeachaidh sé idtalamh, níor thóg sean-Sh. maide ag aon-bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
 
Deir siad go dtug an sagart díbliú an mhíádha air indiu. Rug sé air ag teacht amach as tigh Bh., agus má's thuas a fríothadh é, is thíos a fágadh é shul a bhí sé réidh leis. Tá teanga nimhe-neannta ag an sagart sin, 'nuair a áitigheas sé duine. Sagart soineannta go leor é, nó go mbaintear as é, ach má bhaintear, bí ar do shon féin annsin
 
Níl aon-lá le mo chuímne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála annsin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dheidh sin ann, th'éis go bhfuil mo theanga caithte agam dhá iarraidh orra. An deá-ghealladh, agus an droch-choimhlíonadh, d'eile
 
Is díobhálach an teanga atá aice sin = damáisteach, mioscasach
 
dioc
Ghróig sí í féin istigh ins an gclúid, agus chuir sí gioc uirre féin go mbadh gheall leis an gceann-cait sin í a d'fheicfeá ins na sean-bhallaí. Ach mo léan géar ba bheag an ghioc a bhí ar a teanga.
 
Tá an coca sin sáthach díogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhíogáil sin, arae is gearr gur in a phlaicín gabhair a bhéas sé mar a bhí sé anuiridh. Ní bheadh aon-mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá annseo. D'eireochaidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé aca. Sin é a gcuid sleamchúise
 
Chonnaic mé díogarnach sholuis isteach thríd shiuntaí na gcláir. Bhí a fhios agam annsin go raibh daoine ins an siopa. Thosuigh mé ag bualadh agus ag cnagairt, ach dá mbeinn ag bualadh ó shoin ní bhfuighinn aon-áird. Cé'n bhrigh ach nach raibh mé thart d'fhuireasbhaidh deoch cho mór ariamh agus a bhí mé. Ach dá dtuiteadh an teanga amach asam badh aon-chás amháin dom in a gcleitheamhnas siúd é
 
díol 2
Siúd é atá indon an díol a thabhairt ar dhuine. Fainicíodh 'chuile dhuine a theanga, mar go deimhin, níl sí ar fónamh
 
"Hector" ceart í sin. Maidir le goid a dhearbhráthair mo chroidhe thú, ghoidfeadh sí an ubh ó'n gcorr agus an chorr in a diaidh. Ach thiocfá ó'n ngoid féin marach an teanga atá aice. Sciollfadh sí thú go dtí an cnáimh. Diúltaigheamuid di agus do 'chuile dhuine dhá cineál
 
dlí
Is furasta breith ar theanga ar dhuine ins an dlí
 
dligh
Níor dhligh mise a cuid cúlchainte di chor ar bith. Duine mise nach dteigheann ag coireamhaint ar aonduine ach mo ghna (gno) féin a dhéanamh, ach nach maith nach bhféadfadh sí leigint dom in a dheidh sin (dhiaidh) gan mé a tharraint thrín a teanga.
 
dlúth 2
An bhfuil siad cho dlúth sin le chéile. Shíl mise nach raibh gaol ar bith ann, nó má bhí go mbadh gaol scaipthe é. Is fánach an chaoi a mbéarfaí ar theanga ar dhuine in a dheidh sin
 
1
Níl dóghadh teine leath cho dona le dóghadh uisce. Cneasuigheann an dóghadh tine gan aon-stró mar is dóghadh glan é, ach is drochlot é an dóghadh eile. Bíonn an oiread learsachaí (leasrachaí) agus puchóideachaí in a dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon-rath le teanga an tsionnaigh ar dhóghadh. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
 
dochar
Is danra an lot é sin anois, nach féidir an dochar a thabhairt as. Má chinneann seo anois ort, caithfidh tú teanga an tsionnaigh a chur léithe. Sin í an cailín a thiubharfas an dochar amach. Ní fhágfaidh sí a dhath ann ar feadh lá amháin
 
Cé'n sórt sdodaireacht' í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaoim (snaidhm) ar a theanga, le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cé'n t-údar feirge a bhí aige!
 
dóigh 1
Is olc an rud dóigh a dhéanamh de do bharamhail. Nach maith atá a fhios agad gurb é a ghoid í. An bhfaca tú é? … Cé'n chaint sin ort mar sin. Nach feasach duit, dhá gcloiseadh sé an chaint sin in do dhiaidh go mb'fhéidir gur dlí a d'fháiscfeadh sé ort. Ar adharca a bheirtear ar na ba, agus ar theanga ar na daoine
 
dóigh 3
Tá mo theanga dóighte aige (poitín)
 
Ní thiubharfainn trumpa gan teanga ar dhóigheamhlacht an domhain fré chéile d'fhuireasbhaidh rud eicínt in a theannta. Ní breaghaichte a ghníos brachán ach min, adeir siad. Is beag an mhaith an dóigheamhlacht mara mbeidh rud agad.
 
dóirt
Dhóirt an laisc bhradach a raibh de "mheangeals" ins an mála amuigh ar an tsráid, aindeoin go bhfuil mo theanga caithte agam ag rádh léithe a ndóirteadh thoir ins an scioból. Aon-mhaith amháin a bheith le cuid de na daoine!
 
domhan
Níl aon-teanga ann ach an Béarla in a dheidh sin. Thiubharfadh sí ar fud an domhain thú
 
domlas
Dheamhan maith dhuit ag caint mar sin. Tá an oiread aithne agamsa uirre agus atá agadsa, agus níor chuala mé aon-fhocal domblais ar a teanga ariamh. Chítear dhomsa go bhfuil sí cho feilmheanach le aon-bhean dhár casadh orm ariamh
 
don
Don h-iaraí agus mo chuid tubaiste oraibh marab í an chaint atá in a díle oraibh. Breá nach dtiúrfadh sibh scí dhá dteanga (dho ur) uair eicínt. Shílfeá gurb í an taoille atá ag teacht oraibh leis an anbhá cainte atá oraibh!
 
Bhí beithidheach istigh ann ar dhéanamh cuit. B'áithbhéalta an beithidheach é, igcosamhlacht. Bhí sé cuibhrighthe istigh annsiúd i mbosca. Marach go raibh; dhéanfadh sé mísc. Chuaidh mé féin suas go dtí an bosca agus chuir mé bannlá(mh) de mo theanga amach faoi. Dhá bhfeictheá an dranntán a tháinic air, agus nocht sé a dhranndal agus thosuigh sé ag stealladh smugairlí mar 'bheadh easóg ann. Dar príosta is beag a thaithneochadh liom a bheith in aon-pháirc leis dá mbeadh cead a choise aige … Bíodh a fhios agad gurb é an beithidheach is mó é dá dtug mé sunntas annsiúd dó, aindeoin a raibh aca ann.
 
dreas 2
Ní fiú trumpa gan teanga iad sin anois, na sean-iarainn sin. Tá siad ithte le meirg. Dhá mbeidís taobh le dreas bheadh an scéal ceart. Ach dhá dteightheá ar a mbualadh sin anois, bheadh dreasannaí ag eirghe dhóib (dhíob) go faoithin, agus bhrisfidís ort 'sa deireadh
 
Ní choinneochadh an teanga a bhí aige muis coinneal do'n teanga a bhí ag dreolán de mháistirín scoile a bhí annsin thoir. Bhí sí thrídh lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad in a bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé'n chaoi a raibh siad ag scairtighil gháire faoi.
+
droch-
Tá droch-theanga aice (droch-bhéal)
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair a theacht ón té a bhfuil an droch-theanga aice
 
Níl ag duine drúcht ná báisteach a rá leis an bpóilí. Is maith ann é, ach leigeadh duine thairis é cho réidh agus a fhéadfas sé. Ar adharca a bheirtear ar na ba, adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn annseo uair: madadh mór gliobach ruadh. Chonnaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag ligheachán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhí-nádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile cho glórach len a bhfaca tú ariamh, agus claon-fhéachaint i gceann aca. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlá dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann in a ghiall déarfá. Dheamhan asna dhó nach n-eirigheadh ar a chosa deireadh agus thugadh sé farradh 'san aer. Bhí tart céadtach air, agus síon chráidhte aige, agus é ag cur chubhair amach. Dhá bhfeictheá na creaithtí a bhí air. Agus bhíodh sé caithte anuas in a phleibistín 'chuile phuínte. Cailleadh é th'éis cúig nó sé de laetheantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeithí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
 
Rug mé ar dhúdán air, agus bhí mé dhá thachtadh nó gur chuir sé bannlá dhá theanga amach. Ní leigfinn uaim é nó go mbeadh sí aniar ó'n dúid aige, marach gur coisnigheadh orm é
 
dúil
Dúil gan fághail muis dúil ins na "cigarettes", annseo. Dhá mbeadh cruadhóg ola ort dhá bhfuireasbhaidh, dheamhan tiomanta ceann a gheobhthá, na cuid de cheann. Is minic a bhí mo theanga amuigh ag imeacht ag forcabhás annsin thiar ins an mbaile caillte sin, agus gan tada agam ar a shon
 
Is beag an dúnárus a bhéas air deirimse leat ag leagan a bhúrla nútaí (nótaí) isteach thíos ins an mbeainc. 'Sé an cainteoir é annsin. Agus mara bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go rabh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór annseo.
+
Má's dubhradán atá faoi do shúil, bheadh fear a chuimleochadh a theanga trí h-uaire in aghaidh stuif d'ath-luachra go maith aige. Is minic ariamh a chuala mé é. Tá daoine ann a ghníos é th'éis cho gránna agus atá an ath-luachra.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an úis (uais) iad agus an teanga atá aca. Tá an tír tarraingthe thrín a bhfiacla aca agus gan dream ar bith a chinnfeadh orra féin le brocamas agus le tuataighil. Ach feiceann siad an dubhradán i súil an duine eile agus ní fheiceann siad an tsail mhór in a súil féin. Is amhlaidh é
 
Dearg suas an sean-dúda. Tá mo theanga bheag amuigh cheal gail.
 
Chuaidh an leitir sin daor go leor air. Dar príosta ní fiú leitir ar bith dhá chéad punt. Múinfidh sin é céard adéarfas sé aríst. Beirtear ar adharca ar na ba adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
 
Dhá mhéad dhá bhfuil sí ag dul 'un laige, níl aon-cheo ar a teanga fós, ná dheamhan é.
+
Bhí a theanga ag dul amach thar a bhéal le dúil ionnta
TUILLEADH (2) ▼
Tá a theanga ag dul amach thar a bhéal le tóir ar an bpórtar
Ar an dá luath agus a bhfacaidh sé an fuisce thosuigh a theanga ag dul amach thar a bhéal
 
Tá sé ag dul thríom fód móna a sháthadh siar in do bhéal, dhá gceapainn go mbadh rud é a chuirfeadh ó chlabaireacht thú. Nach breagh nach dtiubharfá scíth de do theanga uair eicínt, agus gan a bheith ar an táirm chéadna igcomhnaí