Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

teanga (50+)

 
Chas bean an Ch. léithe é, a fhearacht siúd, nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga ar ndóigh. Deile! Sílim muise nach róbhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraingt uirthi fhéin. Roinn sí an onóir léithe. 'Sí atá i riocht
 
fios
Dhá mbeadh fios mo labhartha agamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thabharfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mura sonnta é!
+
focal
Dhá dtéadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
fág
Níor fhága an ghangaid a theanga aon uair, dhá dhonacht dhá mbeadh sé
 
fáir
Nach in í an cuaille agat! Dhá gcaithinn mo theanga léithe, dheamhan fáir ná freagra a thabharfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus drochmhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithe
 
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí ina dhiaidh air ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
 
Dheamhan duine dhá dtiocfaidh an bóthar nach bhfaighidh an rúisc sin caidéis dhó. Ní thugann sí scíth ar bith dhá teanga.
+
Cén sórt claibín muilinn tú fhéin nach dtabharfadh scíth do do theanga uair eicínt?
TUILLEADH (1) ▼
Éist do bhéal agus ná bí in do chlaibín muilinn i gcónaí. Shílfeá nár gheall Dia teanga d'aon duine ach dhuitse, a shacáin!
 
Is beag an mhaith a bheith ag cur chomhairle ar an gcloigis sin. Dhá gcaiteá do theanga léithe, ba aon chás amháin duit é. Dheamhan mórán a dhéanfas sí choíchin faoi shlacht, tá faitíos orm.
 
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar an teallach ann, agus í ag cur púir thobac go doras dúnta. Is mé a bhí ina dhiaidh uirthi, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasa gail an uair chéanna.
+
coirt
Tá coirt ar do theanga.
TUILLEADH (5) ▼
Cuir amach do theanga go bhfeice mé an bhfuil aon choirt uirthi.
Tá airde coirte ar do theanga.
Is furasta a aithinte go bhfuil tú tinn, agus a bhfuil de choirt ar do theanga.
Tá mo mhuineál calcaithe le réama agus mo theanga faoi choirt fré chéile.
Níl tú ar biseach fós muis, agus a bhfuil de choirt ar do theanga.
 
colg
D'éirigh sé suas chomh stoithneach i lár an tí agus colg air, agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ina ghaire agus an teanga a bhí aige. Mhaslaigh sé faoi is thairis a raibh ann.
 
cora
Tá cora spairtithe ar bruach ann nár tógadh as an scaradh ariamh. Dheamhan an fiú trumpa gan teanga anois í, ná aon mhóin eile a fhaigheas an sioc ina scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
 
cíble
Is beag an dochar de do theanga a bheith tuirseach agus an scíble atá fúithi. Shílfeá go dtabharfá scíth di uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí.
 
Tarraingeoidh do chuid cóipíse an mí-ádh ort, ó fhada go dtí é. Breá nach ndéanfá foras agus scíth eicínt a thabhairt do do theanga ar nós chuile dhuine eile.
 
baorsa
Siúd í úll na haithne má théann sí le baorsa. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith fhoisceacht míle dhá teanga nuair a bhuaileanns an ghadhraíocht í.
 
Má chastar in mo bhealachsa é, gheobhaidh sé an teanga uaim.
 
Murar chuir sé bealadh faoina ioscadaí ag teacht, chuir sé bealadh faoin teanga — siúl righin a bhí aige, ach bhí neart le rá aige.
+
Nach bealaithe atá an teanga aige?; nach ar a theanga atá an bealadh — tá ruibh na cainte air; ní thagann iamh ná foras ar a theanga ach ag ropadh léithe; tá an díle cainte air.
TUILLEADH (7) ▼
Sin é an buachaill a bhfuil an teanga bealaithe aige ar maidin — fear polaiteachta ag caint le slua.
M'anam gur maith bealaithe atá a theanga ar maidin. Dheamhan Haraístatail a choinneodh a dhíol cainte anois leis.
Chuir sé bealadh faoin teanga tráthnóna shular bhog sé amach ar a chuairt.
Ní thiocfaidh sé gearr sa gcaint ar chuma ar bith. Nach beathlaithe atá an teanga aige.
Is beag an stró air sin, coc a choinneáil leis an oiread eile. Tá an teanga bealaithe go maith aige sin, deirimse leat.
Nach í an teanga atá bealaithe leis an gclár mín a chur ar an mbréig.
D'fhéadfá teanga bealaithe a thabhairt uirthi. Ní dhéanfaidh sí staic air mar a dhéanfadh sí ar dhuine eile nuair a bheadh rud le rá aige.
 
crinn
Ní mór don bhó féar a fháil a mbeidh sí in ann a teanga a chasadh air, ach tá an capall in ann é a chrinneadh. An áit a gcaillfí an bhó, mhairfeadh an capall ann, an chaora ar an gcapall agus an ghé ar an gcaora.
 
cuach
Oibríodh sé leis anois ar a rogha caoi. Tá mo theanga caite agam ag cur chomhairle air, agus ag iarraidh air fanacht as sin, agus is aon chás amháin dom é. Ar an dá luath agus a gcasfaidh duine acub leis aríst, cuachfaidh sin suas é agus meallfaidh siad isteach é.
 
bior
Tá bior ar a theanga — duine a mbeadh an-díle cainte aige, nó a bheadh abartha, gangaideach sa rud adéarfadh sé
 
Dhá mbeifeá ar an mbollaireacht sin anois go dtitfeadh an teanga asat, is aon mhaith amháin duit é. Dheamhan a dhath tortha a gheobhas tú!
 
aer
Níorbh fhearr liom a teanga níos gaire dhom ná an t-aer — bean a mbeadh teanga ghéar aici
 
Má tá sé buailte suas as na cosa, dheamhan bualadh suas ar a theanga muis — tá neart le rá aige
+
buille
Tá sé chomh maith dhom a rá nach raibh uirthi ach aon bhuille amháin, arae níorbh fhiú trumpa gan teanga an t-iomróir eile. Is mó a bhí sé ag cur as dhúinn.
TUILLEADH (1) ▼
Duine ar bith a n-aireoidh siad siúd aon bhuille bog ann ag glaoch óil, suífidh siad ina bhun. Dheamhan sileadh a thabharfainn dóibh, dá dtiteadh an teanga amach astub le dúil ann.
 
burla
Bhí sé craptha suas ina bhúirlín sa gcúinne ach ní raibh a theanga ina cónaí, mise i mbannaí.
 
Is beag an dochar dhá theanga a bheith caite aige ag déanamh áibhéil
 
ailleog 2
Bhog an ailleog sin an teanga aige.
 
ainm
Ní chuirfeadh sé ainm ar aon duine thar a chéile ar fhaitíos go mbéarfaí ar theanga air — níor thug sé ainm ar aon duine thar a chéile ar fhaitíos go bhfaighthí brabach ar an rud adéarfadh sé
 
Ní fiú trumpa gan teanga thú ag aireachas ar thada. Dúirt mé leat na fataí a thógáil chomh luath agus a d'aireofá ag cnagadh iad, ach ina leaba sin, d'fhága tú ag bruith iad go raibh siad ina mionbhas
 
aire
Tá mo theanga caite agam ag rá leis aire a thabhairt dó fhéin agus 'sé an mhaith amháin dom é — níl a dhath airde aige orm.
 
airigh
Ní aireodh sé aon teas dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, pé ar bith cén sórt scruit é thar dhuine ar bith.
+
amuigh
Ná feicimse do theanga amuigh agat níos mó nó beidh mé ag gabháil ort an fhad is gheobhas mé teas in do chraiceann.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a theanga bheag amuigh aige leis an tart.