Creinneadh
—briathar
—Creinnte etc., cnámh le creinneadh
—Foghar — crínneadh, crínnte etc. Ach i gcuid de na sean-leaganacha, cuirim igcás "cnámh le creinneadh", "creinneadh" a deirtear
1.
rud a ithe, a dhiúl, a changailt, a phiocadh, a lomadh nó a bhearradh isteach go cnámh nó go grinneal. Cnámh le creinneadh (féach thíos). cnámh crínnte na fírinne.
a.
+–
Níl seamaide féir anois ann. Tá sé crínnte síos go grinneal aca(b) = beithidhigh a bheadh i bhféar.
Is diabhalta an tomsacht a rinne siad ann a's é a chrinneadh (chreinneadh) chomh mór sin. = beithidhigh i bhféar.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí fásach annsin, an uair a cuireadh ann iad, a's tá sé crínnte go créafóig anois, i gcruthamhnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor a' bith aige, nar mhór dhó an-fhairsinge le na n-aghaidh.
Bail ó Dhia ort! Nach bhfuil Garrdha an Bhóthair crínnte go leic cheana, a's dhá cholapa ann, ó Shamhain seo (chuai)dh thart. 'D'eile cé'n chaoi 'mbeadh sé.
Tá leath-chrinneadh maith tugtha ar na bairr-gharbha sin thuas anois ag an beithidhigh, ó tháinic a' bhliadhain.
Ní bheidh sé crínnte ceart muise go dteighe na caoirigh air. An áit nach bhfaigheadh an bhó tomsacht, dhéanfadh an chaora solamar amach air.
Is beag an dochar dá chuid beitheadhach gan bior-eanga a bheith thuas ar a' gcraiceann, ag iarraidh [bheith] a' crinneadh na mbreaclach sin, a's gan solamar ná súighteán orra(b).
Tá'n cladach sin síos anois chomh crínnte, a's nach bhfaightheá lán de ghlaice de charraigín ó bhéal an Bhranntra go dtí Gob na Céibhe.
Tá tú as feamuinn muis, má's i dtuilleamuidhe na roinne siúd atá tú. Nar chrinn muid 'chuile chloch amháin a' gabhail léithe imbliadhna. Dheamhan dosán ann anois, a's ní bheidh aon-fhás a (de) rath fúithe go ceann cupla bliadhain aríst.
Ní mór do'n bhó féar a fhaghail a mbeidh sí indon a teanga a chasadh air, ach tá'n capall indon é a chrinneadh. An áit a gcaillfidhe an bhó mhairfeadh an capall ann, an chaora ar an gcapall a's an ghé ar a' gcaora.
+–
Tá na h-ingne crínnte dhíom ag fleascannaí = tá na h-ingne roiste anuas díom de bhárr sceabhannaí feamuinne a's sceallógaí de'n tsórt sin a dhul fúthu.
Ná bac le bearradh! Tá sé crínnte. Thóig sé an for-chraiceann dhe fhéin idteannta na féasóige.
TUILLEADH (2) ▼
Is aibéiseach a' bearradh a tugadh air, hébrí cé' bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrídh na mhullach a's iad crínnte isteach go cnáimh, a's in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
Tá a ghiall chomh crinnte caithte le gob siosúir.
+–
I dteannta thú 'ithe chrinnfead sé do chnámha = duine a bheadh an-ghearrballach, an-ghéar faoi na theanga.
Ar an - - a crinneadh a cnámha = bó a goideadh a's a h-itheadh in áit áithrid roimhe seo.
TUILLEADH (4) ▼
Má fhaghann sé siúd aon-leigean ar do choileaichín, an bord ní fhágfa sé go gcrinne sé an cnáimh deireannach, arae tá sé dúlaidhe ag a' bhfeoil.
Tá sceanna aca(b) siúd chomh géaruighthe a mhic ó, a's go gcrínnidis an cnáimh, ní áirmhighim thú 'sháthadh. Sin iad ar chuma ar bith a chuirea(nn)s 'an faobhar 'un sáithte' ar a gcuid sceanna.
Chrínn sé an cnámh go dtí an grinneal.
Tá sé in am aghad an cnámh sin a bheith crínnte go maith aghad feasta.
+–
Caithigidh cnámh (ch)uige, go gcrinne sé sa gcúinne é.
Tá sé mar bheadh madadh ann anois a' crinneadh cnáimh, slán a' tsamhail ag a' madadh é!
TUILLEADH (6) ▼
Caithigidh anuas na cnámha a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir chuige, a's má tá aon-sciolltar orra(b), tugaigidh cead dó iad a chrinneadh. Má tá is sciolltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasbha.
Tá sé a' cnádadh a's a' crinneadh cois' a' phíopa, nó go bhfuil sí ionann's caithte isteach go cloigeann aige anois.
"Ní hé a chaith(eamh) (an píopa) a dhéana(nn)s sé siúd chor a' bith ach an chois a chrinneadh faoi'n fhiacla. Thug mé píopa dhó an oidhche cheana, a's bhí lorga fhiacla indeich n-áit sa gcois, ar a fhághail ar ais dom.
Is gránna an faisean atá aghad a' crínneadh tráithníní.
Uair a' bith a dteastuigheadh fios ó Fhionn, chrinnead sé an ordóg isteach go smúsach. Is cosamhail gur 'san ordóig a bhí an fios.
'Dheamhan ceo feola annseo anois agad, mara gcrinne tú cnámha, a's tá mé 'ceapadh dheamhan mórán solamair fágtha orra(b) sin fhéin.
b.
+–
Níl sa méid sin ach cnámh crínnte na fírinne = níl sa méid sin ach an fhírinne ghlan; lom na fírinne; an fhírinne a's gan tada curtha léithe ná bainte dhi; corp na fírinne; corp-lár na fírinne.
Má chaith féin, níor chaith sé ach cnámh crinnte na fírinne — fear as bealach a d'fhéadfadh aon-mharach a fhaghail ar ar dhubhairt sé.
TUILLEADH (11) ▼
Tá maith mhór duit cnámh crínnte na fírinne a dhéanamh leis sin. Nach hí a cheird sin an fhírinne a chuir as a riocht!
Cnámh crínnte na fírinne! Seadh, cnámh crínnte na fírinne as clár na mbréag. Sin é é!
M'anam muise gurab shin í an chainnt a chaith sí liomsa, a's dheamhan aithne a bhí uirre, narbh í cnáimh crinnte na fírinne chuile fhocal di.
Mhionnuigh sé a's theastuigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhubhairt sé, ach cnámh chrínnte na fírinne ach d'aithneochadh aon-duine beo uirre, go raibh luighe na bréige uirre.
Tá sé indon an oiread craicinn a chur ar a' mbréig, a's go sílfeadh aon-duine a bheadh ag éisteacht leis gurb í cnámh chrínnte na fírinne 'bheadh aige.
Is cuma dhuit, cé'n caillteamas a bheidheas ort faoi, ach ná h-innis ach cnáimh chrínnte na fírinne dhó.
Sháruigh sé siar i mo bhéal gur a' sceithligeadh bréag a bhí mé aindeoin gurb é cnámh chrínnte na fírinne a bhí is chuile fhocal amháin dár dhubhairt mé.
Ná tabhair t'anam air. Is maith atá fhios agad nach hé cnámh chrínnte na fírinne é, ná tada dhá shórt.
Chuirfead sé sin an dubh in a gheal ort dá ngéillteá dhó. Chloisfeá a' cumadóireacht é, a's dheamhan aithne air nach hé cnámh chrínnte na fírinne a bheadh aige.
Sin é cnámh crínnte na fírinne, chomh maith a's dá dtagad sé ó bhéal a' tsagairt.
Géillfe siad i gcomhnuidhe do'n bhréag, ach dheamhan áird 'bith a thiubhras siad ar chnáimh chrínnte na fírinne. B'fhearr do dhuine a bhéal a choinneál ar a chéile, ná a dhul i gcleitheamhnas rud a' bith a chur isteach in a gceann.
c.
Cnámh le crinneadh = fuighleach le déanamh; é chuir go snaidhm go stothaighe, go poll a' chladhaire, nó go snaidhm a' rópa; a chur ar a mhionachaí (miondachaí?); gan tada 'bheith le reic agad, aige etc. uaidh, do chrobhneart.
+–
Foighid ort a mhic ó. Dar mo choinsias tiubhra sé siúd cnáimh le creinneadh dhuit. Feiceamuist fágh an ceann is fhearr air! = tiubhra sé fuighleach le déanamh dhuit an ceann is fhearr a fhaghail air le na fhéachaint a' troid, a' carruidheacht, ag gabhail fhuinn nó pé'r bith rud a bheadh igceist.
Dar brigh an leabhair, thug sé cnámh le creinneadh dhom é iomchur chor a' bith as a dheire, th'éis go sílfeá gur suarach a' maingín é. Seacht scíth ab éigean dom a leigean leis ó bhéal a' bhóthair go dtí seo. 'Is trom cearc i bhfad' adeir siad.
TUILLEADH (11) ▼
M'anam go dtiubharfa sé cnámh le crinneadh dhó, an garrdha a bheith críochnuighthe amach aige indeire na seachtmhaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge 'bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan 'na dheidh sin fhéin.
Deirimse leat gur thug sé cnámh le crinneadh do Sh. Mh. a bheith réidh in am. A's ní bheadh marach a bhfuair sé de chongnamh.
Dar príosta tá cnáimh le crinneadh aghad a's an baile a dhéanamh ó ló.
Thug sé cnámh le crinneadh dhom, a's é 'scothadh ar a 'mbicycle', dhá laghad de phutach é. Ach cá bhfágfad sé é? Is dual dó a bheith cruadh fíreamhail.
Gheobha sí cnáimh le crinneadh 'passáil', a's a laghad áirde a's a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinic a' bhliadhain.
Dar mo choinsias má chuireann sé mórán araoide ar Sheán, gheobha sé cnáimh le crinneadh uaidh.
Déarfainn má thagann cruadhtan mór a' bith an geimhreadh seo, go dtiubharfa sé cnáimh le crinneadh dhuit é 'shárú. Tá leath-chailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorrócha an fuacht seo leat (as greann).
Mise a bhí casadh (na mbord) a's eisean a' cur isteach na claise, a's dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneál leis.
Má tá indán's go racha sé a' dréim le S. gheobha sé cnáimh le crinneadh uaidh, feicfe tú fhéin air.
Mara bhfuair sé cnáimh le crinneadh indiu ó'n gcarracháinín beag, ní bhfaighe sé aríst go bráth é.
Dar mo leabhar gheobha sé cnámh le crinneadh a dhul isteach 'san 'election' seo.
2.
righte i gcoimhlinnt; bun-ar-aon; comh mhaith; gan ionga ná ordlach a bheith ag ceann ar a' gceann eile.
+–
Tá na báid a' crinneadh a chéile = tá siad a' coimhlinnt a's [gan] tosach ag ceachtar acu ar an gceann eile; iad a bheith bonn-ar-aon 'sna geallta.
B'fhiú dhuit an churrach thiar a's currach a' bhaile seo a fheiceál a' crinneadh a chéile 'sna geallta. Dheamhan ionga ná ordlach a bhí ag ceachtar aca(b)ar a chéile, nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaidh na maidí in ascar ar a' dream thiar, a's chailleadar an geall.
TUILLEADH (7) ▼
Is fada a chaith an dá bhád a' crinneadh a chéile, ach scoth bád Chonamara an ceann eile 'na dheidh sin. Dheamhan fhios agham a scothfadh muise, marach gur thug siad fairrge de'n bhalasta, nuair a thosuigh sé a' teacht gann ar a' ngaoith.
Bhí an dá phúcán tosuigh a' crinneadh a chéile, chomh uain's mhair flaim a' bith as aer, ach nuair a chuaidh sé ar lagar críochnuighthe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon-gheallta ó tháinic cuimne dhom, a chinnfeadh orra(b).
Is olc a chruthuigh sibse nuair a bhí sib fhéin a's bád R. a' creinneadh a chéile ar a' mbord amach, nar shnámh sib amach os a gcionn a's iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaidhe.
Ní raibh ciall a' bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sib fhéin a's an bád eile a' creinneadh a chéile. 'Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin scód a thabhairt di. Ní raibh baoghal a' bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dteighe sib ar chlár na h-imeartha. Ní fhanann fuis nó fais orraibh annsin.
Bhí an choimhlinnt chomh géar orainn, a's currach na bhF. dhá'r gcreinneadh, a's gur bhuail faitchíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais, sa gcóir, go ndéanfad sí puca dubh a's dubh dhínn.
Marach gur bhris an croga buaic orainne an uair sin a raibh muid fhéin a's currachthóirí na T. B. a' crinneadh a chéile, dheamhan fhios agam, cé'n chaoi a ngabhfadh an geall. Ach is mór a chuir an méid sin dhá'r mbuille muid.
Dhá mbeadh indán's go bhfáisceadh sibse, tuille seoil ar a' mbád se'agaibh fhéin, a's an dá bhád a' crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
·
Tá'n bheirt a' crinneadh a chéile leis an gcloich-phuis.
Is fada a chaith an dá chapall a' crinneadh a chéile, ach rug an capall donn a' geall sa deire.
Creinneadh in iontrálacha eile (12)
→
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dógh ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-"hate" (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoirfheola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh (creinneadh) liom sa gclúid.
→
dealg
Ó tá an dealg sáithte aca innte anois, níl aon-rún aca an Gearmánach a leigean uatha gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcut aríst, ní bheidh aon-smeámh ann. Is mór an feall muis. Marach a raibh in a aghaidh thiubharfadh sé siúd cnáimh le creinneadh dóibh. D'fhága sé cnead ionnta mar a bhí sé
→
deis
An fhad's 'bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le creinneadh do'n scarthóir, ach cho luath agus a d'athruigh siad, agus a mb'éigin dom tosuighe in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcabhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise = ag baint an bhínnse i riocht agus go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lugha umhlachta)
→
donán
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht. Scaoil amach aríst é. Is gearr gurb é an cut a bhéas ag creinneadh a chnámha ar aon-chor = éinín beag
→
droim
Bhí M. Ó. M. i mbád oíche. Oíche mhór a bhí innte, agus fuair sé cnáimh le creinneadh na h-aobha a thabhairt leis. Deir an dream a chonnaic é go raibh sé liath de dhruim na h-oíche sin. Ar aon-chor is len a linn a thárlaigh sé. Tá sé cho liath le broc le na cianta
→
duailín
Meastú nach hé reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chuir orm, ach ní cheannóchainn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé cho roighin sin. Tá agus sceithte ar fad th'éis na reitheadha. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag creinneadh a shean-chnámha sin le fiacla fabhtacha
→
dubh 3
Tá an Sunda Salach ag dubhachan. Tiubharfaidh sé cnáimh le creinneadh dhuinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shul á thiocfas an dórtadh
→
díocas
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dicheall agus má chuireann tú 'chuile chnámh ag gabhail leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ort-sa a ghníomh-seisean a dhéanamh. Tá sé breagh go leor agad a bheith ag rádh nach hé an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon-fhear in do thír an oiread. Thiubharfadh an méid sin cnámh le creinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleaghdóir é
Tá an t-asal in a dhithreabhach. Bhí sé cruptha isteach i lúibinn an chlaidhe ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé indon a bhiorrú leis an bhfuacht. Tiubharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le creinneadh dó
→
díthrá
Bhainfeá cairrgín ar dhíthráigh 'chuile rabharta annsin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crínneadh (creinneadh) na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orra amach ó'n gcré anois
→
dúlaí
Tá sé an-dúlaidhe go deo leis na "feaigs". Ghoidfeadh sé aníos as do phóca iad. Is mór an díol truaighe é scaithtí ag imeacht ag creinneadh bunannaí fóthannáin an uair nach mbíonn aon-ghail aige. An té a bheidheas ag obair in aice leis, sáróchaidh sé é. Ná bac le sárú a dhuine. Chaith mé cupla lá ag baint raithnighe i mbliana thíos ins an mB. Bh. agus rinne sé casán dearg anoir agam (chugam). Ní bhíodh mogal agam féin ag an dó dhéag a' chlog ins an ló. Níl a fhios agam cé againn ba mhó díol-truaighe trathnóna — eisean nó mise