crinn
—briathar
—foghar: crínneadh, crínnte srl. Ach i gcuid de na seanleaganacha, cuirim i gcás cnámh le crinneadh, crinneadh adeirtear
1.
rud a ithe, a dhiúl, a changailt, a phiocadh, a lomadh nó a bhearradh isteach go cnámh nó go grinneall. Cnámh le crinneadh (fc. thíos), cnámh crinnte na fírinne.
a.
+–
Níl seamaide féir anois ann. Tá sé crinnte síos go grinneall acub — beithígh a bheadh i bhféar.
Is diabhalta an tiomsacht a rinne siad ann agus é a chrinneadh chomh mór sin — beithígh i bhféar
TUILLEADH (8) ▼
Bhí fásach ansin, nuair a cuireadh ann iad, agus tá sé crinnte go créafóig anois, i gcruthúnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor ar bith aige nár mhór dhó an-fhairsinge lena n-aghaidh.
Bail ó Dhia ort! Nach bhfuil Garraí an Bhóthair crinnte go leic cheana, agus dhá cholpa ann ó Shamhain seo chuaigh thart. Deile cén chaoi a mbeadh sé.
Tá leathchrinneadh maith tugtha ar na bairr gharbha sin thuas anois ag an beithígh ó tháinig an bhliain.
Ní bheidh sé crinnte ceart muise go dté na caoirigh air. An áit nach bhfaigheadh an bhó tiomsacht, dhéanfadh an chaora solamar amach air.
Is beag an dochar dá chuid beathach gan bior eanga a bheith thuas ar an gcraiceann, ag iarraidh bheith ag crinneadh na mbreaclach sin agus gan solamar ná súiteán orthub.
Tá an cladach sin síos anois chomh crinnte agus nach bhfaightheá lán do ghlaice de charraigín ó bhéal an Bhrantra go dtí Gob na Céibhe.
Tá tú as feamainn muis, más i dtuilleamaí na roinne siúd atá tú. Nár chrinn muid chuile chloch amháin ag gabháil léithe i mbliana. Dheamhan dosán ann anois, agus ní bheidh aon fhás a (de) rath fúithi go ceann cupla bliain aríst.
Ní mór don bhó féar a fháil a mbeidh sí in ann a teanga a chasadh air, ach tá an capall in ann é a chrinneadh. An áit a gcaillfí an bhó, mhairfeadh an capall ann, an chaora ar an gcapall agus an ghé ar an gcaora.
+–
Tá na hingne crinnte dhíom ag fleascannaí — tá na hingne roiste anuas díom de bharr sceamhannaí feamainne agus sceallógaí den tsórt sin a dhul fúthu.
Ná bac le bearradh! Tá sé crinnte. Thóg sé an forchraiceann dhe fhéin i dteannta na féasóige.
TUILLEADH (2) ▼
Is aibéiseach an bearradh a tugadh air, hé brí cé a bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrína mhullach agus iad crinnte isteach go cnáimh, agus in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
Tá a ghiall chomh crinnte caite le gob siosúir.
+–
I dteannta thú a ithe, chrinnfeadh sé do chnámha — duine a bheadh an-ghearblach, an-ghéar faoina theanga.
Ar an — - a crinneadh a cnámha — bó a goideadh agus a hitheadh in áit áirid roimhe seo.
TUILLEADH (4) ▼
Má fhaigheann sé siúd aon ligean ar do choileachín, an bord ní fhágfaidh sé go gcrinne sé an cnáimh deireanach, arae tá sé dúlaí ag an bhfeoil.
Tá sceana acub siúd chomh géaraithe a mhic ó, agus go gcrinnidís an cnáimh, ní áirím thú a shá. Sin iad ar chuma ar bith, a chuireanns an faobhar chun sáite ar a gcuid sceana.
Chrinn sé an cnámh go dtí an grinneall.
Tá sé in am agat an cnámh sin a bheith crinnte go maith agat feasta.
+–
Caithigí cnámh chuige go gcrinne sé sa gcúinne é.
Tá sé mar a bheadh madadh ann anois ag crinneadh cnáimh, slán an tsamhail ag an madadh é!
TUILLEADH (6) ▼
Caithigí anuas na cnámha a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir chuige, agus má tá aon scioltar orthub, tugaigí cead dó iad a chrinneadh. Má tá is scioltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasa.
Tá sé ag cnádadh agus ag crinneadh cois an phíopa nó go bhfuil sí ionann is caite isteach go cloigeann aige anois.
Ní hé a chaitheamh (an píopa) a dhéananns sé siúd chor ar bith ach an chois a chrinneadh faoina fhiacla. Thug mé píopa dhó an oíche cheana agus bhí lorg a fhiacla i ndeich n-áit sa gcois ar a fháil ar ais dom.
Is gránna an faisean atá agat ag crinneadh tráithníní.
Uair ar bith a dteastaíodh fios ó Fhionn, chrinneadh sé an ordóg isteach go smúsach. Is cosúil gur san ordóig a bhí an fios.
'Dheamhan ceo feola anseo anois agat mura gcrinne tú cnámha, agus tá mé ag ceapadh dheamhan mórán solamair fágtha orthub sin fhéin.
b.
+–
Níl sa méid sin ach cnámh crinnte na fírinne — níl sa méid sin ach an fhírinne ghlan; lom na fírinne; an fhírinne agus gan tada curtha léithe ná bainte dhi; corp na fírinne; corplár na fírinne.
Má chaith féin, níor chaith sé ach cnámh crinnte na fírinne — fear as bealach a d'fhéadfadh aon mharach a fháil ar ar dhúirt sé.
TUILLEADH (11) ▼
Tá maith mhór duit cnámh crinnte na fírinne a dhéanamh leis sin. Nach í a cheird sin an fhírinne a chur as a riocht!
Cnámh crinnte na fírinne! Sea, cnámh crinnte na fírinne as clár na mbréag. Sin é é!
M'anam muise gurb in í an chaint a chaith sí liomsa, agus dheamhan aithne a bhí uirthi nárbh í cnáimh crinnte na fírinne chuile fhocal di
Mhionnaigh sé agus theastaigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhúirt sé ach cnámh chrinnte na fírinne, ach d'aithneodh aon duine beo uirthi go raibh luí na bréige uirthi.
Tá sé in ann an oiread craicinn a chur ar an mbréig agus go sílfeadh aon duine a bheadh ag éisteacht leis gurb í cnámh chrinnte na fírinne a bheadh aige.
Is cuma dhuit cén caillteamas a bheas ort faoi, ach ná hinis ach cnáimh chrinnte na fírinne dhó.
Sháraigh sé siar i mo bhéal gur ag scilligeadh bréag a bhí mé, ainneoin gurb é cnámh chrinnte na fírinne a bhí i chuile fhocal amháin dár dhúirt mé.
Ná tabhair t'anam air. Is maith atá a fhios agat nach é cnámh chrinnte na fírinne é, ná tada dhá shórt.
Chuirfeadh sé sin an dubh ina gheal ort dá ngéillteá dhó. Chloisfeá ag cumadóireacht é, agus dheamhan aithne air nach é cnámh chrinnte na fírinne a bheadh aige.
Sin é cnámh crinnte na fírinne, chomh maith agus dá dtagadh sé ó bhéal an tsagairt.
Géillfidh siad i gcónaí don bhréag, ach dheamhan aird ar bith a thabharfas siad ar chnáimh chrinnte na fírinne. B'fhearr do dhuine a bhéal a choinneáil ar a chéile ná a dhul i gcleithiúnas rud ar bith a chur isteach ina gceann.
c.
cnámh le crinneadh: fuílleach le déanamh; é a chur go snaidhm na stothaí, go poll an chladhaire, nó go snaidhm an rópa; a chur ar a mhionachaí (miondachaí?); gan tada a bheith le reic agat, aige srl. uaidh; do chrobhneart.
+–
Foighid ort a mhic ó. Dar mo choinsias tabharfaidh sé siúd cnáimh le crinneadh dhuit. Feiceamuist faigh an ceann is fhearr air! — tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhuit an ceann is fhearr a fháil air lena fhéachaint ag troid, ag coraíocht, ag gabháil fhoinn nó pé ar bith rud a bheadh i gceist.
Dar brí an leabhair, thug sé cnámh le crinneadh dhom é a iompar chor ar bith as a dheireadh, théis go sílfeá gur suarach an maingín é. Seacht scíth ab éigean dom a ligean leis ó bhéal an bhóthair go dtí seo. Is trom cearc i bhfad, adeir siad.
TUILLEADH (11) ▼
M'anam go dtabharfaidh sé cnámh le crinneadh dhó an garraí a bheith críochnaithe amach aige i ndeireadh na seachtaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge ar bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan ina dhiaidh sin fhéin.
Deirimse leat gur thug sé cnámh le crinneadh do Sh. Mh. a bheith réidh in am. Agus ní bheadh murach a bhfuair sé de chúnamh.
Dar príosta, tá cnáimh le crinneadh agat agus an baile a dhéanamh ó ló.
Thug sé cnámh le crinneadh dhom, agus é a scoitheadh ar an mbicycle, dhá laghad de phutach é. Ach cá bhfágfadh sé é? Is dual dó a bheith crua fíriúil.
Gheobhaidh sí cnáimh le crinneadh passáil agus a laghad airde agus a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinig an bhliain.
Dar mo choinsias, má chuireann sé mórán araoide ar Sheán gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh uaidh.
Déarfainn má thagann cruatan mór ar bith an geimhreadh seo go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit é a shárú. Tá leathchailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorróidh an fuacht seo leat (as greann)
Mise a bhí casadh (na mbord) agus eisean ag cur isteach na claise, agus dar príosta, thug sé cnáimh le crinneadh dhom coinneáil leis.
Má tá i ndán is go rachaidh sé ag dréim le S., gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh uaidh, feicfidh tú fhéin air.
Mura bhfuair sé cnáimh le crinneadh inniu ón gcarracháinín beag, ní bhfaighidh sé aríst go brách é.
Dar mo leabhar gheobhaidh sé cnámh le crinneadh a dhul isteach san election seo.
2.
rite i gcoimhlint; bonn ar aon; comh mhaith; gan ionga ná orlach a bheith ag ceann ar an gceann eile.
+–
Tá na báid ag crinneadh a chéile — tá siad ag coimhlint agus gan tosach ag ceachtar acu ar an gceann eile; iad a bheith bonn ar aon sna geallta.
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
TUILLEADH (7) ▼
Is fada a chaith an dá bhád ag crinneadh a chéile, ach scoith bád Chonamara an ceann eile ina dhiaidh sin. Dheamhan a fhios agam a scoithfeadh muise, murach gur thug siad farraige don bhalasta nuair a thosaigh sé ag teacht gann ar an ngaoith.
Bhí an dá phúcán tosaigh ag crinneadh a chéile chomhuain is a mhair fleaim ar bith as aer, ach nuair a chuaigh sé ar lagar críochnaithe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon gheallta ó tháinig cuimhne dhom a chinnfeadh orthub.
Is olc a chruthaigh sibhse nuair a bhí sibh fhéin agus bád R. ag crinneadh a chéile ar an mbord amach nár shnámh sibh amach os a gcionn agus iad a phlúchadh. Gheobhaidís rud le déanamh an uair sin í a thabhairt glan ar an mbuaí.
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
Bhí an choimhlint chomh géar orainn, agus curach na bhF. dhár gcrinneadh, agus gur bhuail faitíos mé, nuair a chasfadh muid ar ais sa gcóir, go ndéanfadh sí puca dubh ais dubh dhínn.
Murach gur bhris an croga buaic orainne an uair sin a raibh muid fhéin agus curachóirí na T. B. ag crinneadh a chéile, dheamhan a fhios agam cén chaoi a ngabhfadh an geall. Ach is mór a chuir an méid sin dhár mbuille muid.
Dhá mbeadh i ndán is go bhfáisceadh sibhse tuilleadh seoil ar an mbád s'agaibh fhéin, agus an dá bhád ag crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
·
Tá an bheirt ag crinneadh a chéile leis an gcloich phuis.
Is fada a chaith an dá chapall ag crinneadh a chéile ach rug an capall donn an geall sa deireadh.
crinn in iontrálacha eile (38)
→
fáideog
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheoil an-righin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thabharfá de shamhail dó ach cat ag cangailt fáideoige
→
fána
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
→
catóg
Tá plá choiníní sna crígheannaí agus sna catógaí sin siar. Tá a shliocht orthub! Dheamhan ceo geamhair agam de bhláth bliana nach bhfuil crinnte acub!
+
→
ceal 1
Baol ormsa a bheith in ann an chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le déanamh dhom aon cheart a bhaint den tsaill fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Déan do rogha ceal di má thograíonn tú. Céard atá sa méid adúirt mé leat ach cnáimh crinnte na fírinne.
Mura bhfuil mé amuigh, tá do mharcsa crinnte agam ar chuma ar bith. Bígí fairáilte nó sin éirígí as an gcloich-phuis! — mura bhfuil do mharcsa scoite agam, tá mé chomh fada leis ar aon chor. Tugaigí cothrom uaibh, nó éirígí as an gcaitheamh ar fad.
Tá fásach féir leis an gclaí thiar, ach má tá, is bréinleach é fré chéile. Tá an chuid eile den gharraí crinnte go grinneall acub (.i. ag na beithígh) — níl aon tothlú acu leis an mbréinleach, ach tá an chuid eile den gharraí ite go créafóig acu.
→
faolchú
Tá na faolchointe daingnithe isteach go maith i gCúige Uladh fós. Tá cuasnóig acu ansin a mhic ó mo chroí. Cinnfidh sé ar de Valera iad a scagadh amach as choíchin. M'anam go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dó dhá fheabhas é.
→
feamainn
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
→
fuagair
Deir tú leis (an sagart) a d'fhuagair inniu go raibh deich míle fhichead punt d'fhiacha ar an séipéal. 'Caithfidh chuile cheann tí sa bpobal deich bpunt a chur ann,' adeir sé. 'Agus tabharfaidh sin anois cnáimh le crinneadh dhaoibh'
→
fásach
Scread mhaidne orthu, muran orthu atá an t-uabhar! Tá fásach féir acu ansin, agus ní fhanfaidh siad ann ina dhiaidh sin. Is fhearr leo a dhul isteach i ngarraí atá crinnte go dtí an grinneall (beithígh)
Bhí sé chomh faillíoch anuraidh ar chaoi ar bith agus gur lig sé dhá chuid beathach an garraí seo thuas a bhí cosnaithe le aghaidh féir aige, a chrinneadh go cré, d'uireasa na mbearnaí a ardú
→
foithnín
Níl foithnín ar na garrantaí sin suas anois nach bhfuil crinnte acu. Ligidh amach chun criathraigh anois iad agus bainidís beatha as a gcrága
→
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
→
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
→
dealg
Ó tá an dealg sáite acu inti anois, níl aon rún acu an Gearmánach a ligean uathu gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcat aríst, ní bheidh aon smeámh ann. Is mór an feall muis. Murach a raibh ina aghaidh thabharfadh sé siúd cnáimh le crinneadh dóibh. D'fhága sé cnead iontu mar a bhí sé
→
deis
An fhad is a bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis, bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le crinneadh don scarthóir, ach chomh luath agus a d'athraigh siad, agus a mb'éigean dom tosaí in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcamhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise — ag baint an bhinse i riocht is go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lú umhlachta)
Den diabhal mé nach bhfuil a fhios agam muis. Dhá dtéadh an bheirt le chéile thabharfadh J. cnáimh le crinneadh dhó
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
Má tá sé de dhliteanas ort, ní ligfidh siad siúd aon fhaillí ina ngnaithe. Tiocfaidh leota de pháipéar amach agat, agus leota agus leota eile agus próis faoi dheireadh — nó go n-íoca tú é. B'fhearr do dhuine a bheith crinnte leis an lá cairde le haghaidh rudaí den tsórt sin ná a ligint thairis. Is ag tarraingt trioblóide air fhéin a bhíos sé
→
donán
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht. Scaoil amach aríst é. Is gearr gurb é an cat a bheas ag crinneadh a chnámha ar aon chor — éinín beag
→
dosán
Streachail sé dosán raithní as an talamh agus chrinn sé idir a fhiacla é le a raibh d'ocras air
→
drann
Ná tabhair blas an gharraí sin don diabhlánach de ghamhain sin anois nó ní choinneoidh do chumhachta as é. Ní fhéadfaidh sé drannadh leis sin go mbeidh na garrantaí seo thíos crinnte acu
→
droim
Bhí M. Ó M. i mbád oíche. Oíche mhór a bhí inti agus fuair sé cnáimh le crinneadh na haobha a thabhairt leis. Deir an dream a chonaic é go raibh sé liath de dhroim na hoíche sin. Ar aon chor, is lena linn a tharlaigh sé. Tá sé chomh liath le broc le na cianta
→
droinnín
Tá an lá caite agam ar na droinníní sin soir ag tóraíocht cupla mholt a d'imigh uaim, ach níl aon fháil orthu in áit ar bith. Murab é D. Dh. suas a thabharfaidís orthu féin. Más é, tá a gcnámha crinnte faoi seo
→
duailín
Meas tú nach é reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chur orm, ach ní cheannóinn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé chomh righin sin. Tá agus sceite ar fad théis na reithí. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag crinneadh a sheanchnámha sin le fiacla fabhtacha
→
dualgas
Tá sé sa dualgas aige a bheith ar an gceird sin (is dual dó). Ní fhaca mé a athair riamh nach ag crinneadh rud eicínt idir a fhiacla a bheadh sé i gcónaí
→
dubh 3
Tá an Sunda Salach ag dúchan. Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhúinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shula thiocfas an dórtadh
→
díocas
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dícheall, agus má chuireann tú chuile chnámh ag gabháil leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ortsa a ghníomh seisean a dhéanamh. Tá sé breá go leor agat a bheith ag rá nach é an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon fhear in do thír an oiread. Thabharfadh an méid sin cnámh le crinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleádóir é
Tá an t-asal ina dhíthreabhach. Bhí sé craptha isteach i lúbainn an chlaí ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé in ann a bhiorú leis an bhfuacht. Tabharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le crinneadh dó
→
díthrá
Bhainfeá carraigín ar dhíthrá chuile rabharta ansin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crinneadh na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orthu amach ón gcré anois
→
dóirt
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
→
dúlaí
Tá sé an-dúlaí go deo leis na feaigs. Ghoidfeadh sé aníos as do phóca iad. Is mór an díol trua é scaití ag imeacht ag crinneadh bunannaí fóthannáin nuair nach mbíonn aon ghail aige. An té a bheas ag obair in aice leis, sáróidh sé é. Ná bac le sárú a dhuine. Chaith mé cupla lá ag baint raithní i mbliana thíos sa mB. Bh. agus rinne sé cosán dearg anoir agam (chugam). Ní bhíodh mogall agam féin ag an dó dhéag a chlog sa ló. Níl a fhios agam cé againn ba mhó díol trua tráthnóna — eisean nó mise
+
→
dúradán
Tá dúradán de ghamhain ansin thuas aige — gamhain breac — agus níor tháinig ionga ná orlach le bliain air. Ar ndóigh, is beag an dochar dhó scáth a bhfaigheann sé le n-ithe. Tá sé cuibhrithe sa ngarraí siúd le ráithe aige agus é crinnte go dtí an grinneall fadó aige. 'Sé is fearr ar bith nach bhfuil caillte fadó
TUILLEADH (1) ▼
Tá dúradán beag de lao aige, agus ní fhaca mé an oiread díocais ar bheithíoch dhá bhearradh féin ariamh agus atá air. Tá an drioball crinnte amach aige as féin. Is diabhaltaí nach bhféachfadh sé lena dhul roimhe siúd, shula chuirfeas sé é féin ó mhaith
→
gionnóid
Níl gionnóid ar an bPáirc Thoir anois ach í chomh crinnte le croí do bhoise. Ach is beag an dochar di sin agus na caoirigh inti le leathráithe — níl foithnín féir inti