Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Daibéad
Ainm-fhocal, fireann,
iolraidh agus geineamhnach uathaidh = daibéid
daigéad, daba mór, dóid, dairt mhór, scrath mhór, fóideog nó spreab mhór. (Is iondamhail gur rud bog a bhíos igceist agus nach cloch ná a leithide).
a.
+
Is diabhaltaí na daibéid a bhain sé annseo. Cé l'aghaidh a raibh siad aige?
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhobair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé sásta mar mbeidh 'chuile spreab de'n fhóidín baic in a dhaibéid mhóra millteacha aige. Chinnfeadh air fóide deasa slachtara a ionntú. Is cuma leis ins an tubaiste é ach é a bheith casta
Is áidhbhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cé'n chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon-ghoir agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú, ar chaoi ar bith
Ní mhionuigheann sé an fód ar na fataí chor ar bith, ach a fhágáil in a dhaibéid mhóra liopastacha. Dheamhan das a thiocfas thrídh thalamh go bráth ann. Baoghal orra muis
b.
·
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear cho h-éidtreorach leis. Dhá dtosuigheadh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon-cheart a bhaint di

Féach freisin

daba