Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daibéad
ainmfhocal, fireann
iolra agus ginideach uatha: daibéid
daigéad, daba mór, dóid, dairt mhór, scraith mhór, fóideog nó spreab mhór. Is iondúil gur rud bog a bhíos i gceist agus nach cloch ná a leithide.
a.
+
Is diabhaltaí na daibéid a bhain sé anseo. Cé le aghaidh a raibh siad aige?
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhóbair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé sásta mura mbeidh chuile spreab den fhóidín baic ina dhaibéid mhóra millteacha aige. Chinnfeadh air fóide deasa slachtmhara a iontú. Is cuma leis sa tubaiste é ach é a bheith casta
Is áibhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cén chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon ghair agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú ar chaoi ar bith
Ní mhionaíonn sé an fód ar na fataí chor ar bith, ach a fhágáil ina dhaibéid mhóra liopastacha. Dheamhan das a thiocfas thrí thalamh go brách ann. Baol orthu muis
b.
·
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear chomh héidreorach leis. Dhá dtosaíodh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon cheart a bhaint di

Féach freisin

daba