Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoirse, daoirseacht
Is annamh an focal ins an gcaint leis an mbrighin seo, mara mbeadh sé ag dream a thóigfeadh as leabhra é
faoi smacht; faoi chuing.
·
Is fada an lá a chaith an tír faoi dhaoirse (daoirseacht). Shílfeá annsin an lá cheana go mbadh mhian le na Sasanaigh agus le na Puncáin muid a chur i dteannta aríst. Na creachadóirí, ba bheag a bhéarfadh orra é, dá sílidis go mbeidís indon a dhéanamh gan mórán dá gcaillteamas féin a bheith leis

Féach freisin

daoirse in iontrálacha eile (10)

+
daoire
Tá 'chuile shórt ar a dhaoirse ní áirighim ar a ghainne anois = tá 'chuile shórt an-daor agus an-ghann
TUILLEADH (6) ▼
'Ar ndú' bheadh sin ceart go leor: ceannacht ar a shaoirse agus díol ar a dhaoirse. Is gearr go mbeitheá in do cheithearnach an uair sin ar chaoi ar bith. Ach fagh thusa an té atá indon é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé geall leat go gcinnfidh sé ort
Ná taobhuigheadh duine ar bith an cráidhteachán sin nó go gcinnidh air. Tá 'chuile shórt ar a dhaoirse aige, agus a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le faitíos nach bhfuigheadh sé 'chuile chianóg. Bíonn scanradh air, má fhanann an leithphighinn féin amuigh, nach bhfeicfidh sé go deo í
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaidh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon-uaim amháin go gceannuighinn báinín. Dheamhan báinín a leigfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. "Chonnaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn aca ag dul abhaile agam air" arsa mise. "Bailigheadh leo anois. Imeochaidh mé ins na ciomachaí scathamh eile"
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earradh ar bith a bheitheá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise do'n rud a bheitheá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar 'chuile shórt nídh. Breathnuigh ar na h-aontaigh anois. Dheamhan ar fiafruigheadh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dóghadha ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tárrthála
Níl aon-cheannachthóir faoi sheacht ranna na néal is measa ná í th'éis cho taithighthe agus atá sí ar aontaigh. Ceannuigheann sí 'chuile bheithidheach ar a dhaoirse, agus cinneann uirre a cuid féin a fháil air aríst, agus í dhá dhíol. Dheamhan tógáil a thugas sí orra ar aon-nós, le tada a bheith aice asta
Má theigheann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfuighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agad go dteastóchadh sé uait — nachar cheannuigh ní ba thúisce ins an mbliain é, an uair a gheobhfá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin
 
Marach a dhaoireacht agus atá 'chuile rud, b'fhurasta do dhaoine a bheith in a ndíoluidhthe maithe, ach tá 'chuile shórt anois ar a dhaoirse, ach an rud a bhéas tú a dhíol. Níl a dhuth ná a dhath ar sin
 
Diabhal mé cupla bliain ó shoin go gcuireadh an dream sin a bhíodh ag léigheamh na nuaidheachtaí (páipéir) lán a gcruite d'fhaitíos ar na daoine. Bhí 'chuile shórt ar a ghainne agus ar a dhaoirse. Ní bheadh tada le fáil faoi cheann bliana. Dá seasadh an cogadh dhá bhliain, bheadh gorta ann, agus daoine ag fáil bháis. Ach tá sé ar srubhal (siubhal) cheithre bliana anois agus dheamhan duine a fuair bás le amhgar míle buidheachas le Dia. Is minic an doicheall mór ar bheagán fearthainn ann freisin
 
Drabhlás i bpáipéar puint anois! Cá bhfuigheadh sé é! Agus 'chuile shórt ar a dhaoirse. Má theastuigheann culaith éadaigh uait lán laidhre uirre. Má theastuigheann péire bróg uait, agus má's leat cois thirm a bheith ort ní bhfuighidh tú cianóg as coróin agus dá fhichead iad. Is gearr le dhul puintín gágach deirimse leat.