Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoirse, daoirseacht
is annamh an focal sa gcaint leis an mbríthin seo, mura mbeadh sé ag dream a thógfadh as leabhra é
faoi smacht; faoi chuing.
·
Is fada an lá a chaith an tír faoi dhaoirse (daoirseacht). Shílfeá ansin an lá cheana go mba mhian le na Sasanaigh agus le na Poncáin muid a chur i dteannta aríst. Na creachadóirí, ba bheag a bhéarfadh orthu é dá sílidís go mbeidís in ann a dhéanamh gan mórán dá gcaillteamas féin a bheith leis

Féach freisin

daoirse in iontrálacha eile (10)

+
daoire
Tá chuile shórt ar a dhaoirse, ní áirím ar a ghainne anois — tá chuile shórt an-daor agus an-ghann
TUILLEADH (6) ▼
Ar ndóigh bheadh sin ceart go leor: ceannacht ar a shaoirse agus díol ar a dhaoirse. Is gearr go mbeifeá in do cheithearnach an uair sin ar chaoi ar bith. Ach faigh thusa an té atá in ann é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé geall leat go gcinnfidh sé ort
Ná taobhaíodh duine ar bith an cráiteachán sin nó go gcinne air. Tá chuile shórt ar a dhaoirse aige, agus a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le faitíos nach bhfaigheadh sé chuile chianóg. Bíonn scanradh air, má fhanann an leithphínn féin amuigh, nach bhfeicfidh sé go deo í
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaigh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon uaim amháin go gceannaínn báinín. Dheamhan báinín a ligfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. 'Chonaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn acu ag dul abhaile agam air,' arsa mise. 'Bailíodh leo anois. Imeoidh mé sna ceamachaí scaitheamh eile'
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earra ar bith a bheifeá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise don rud a bheifeá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar chuile shórt ní. Breathnaigh ar na haontaí anois. Dheamhan ar fiafraíodh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dó ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tarrthála
Níl aon cheannaitheoir faoi sheacht ranna na néal is measa ná í, théis chomh taithithe agus atá sí ar aontaí. Ceannaíonn sí chuile bheithíoch ar a dhaoirse, agus cinneann uirthi a cuid féin a fháil air aríst agus í dhá dhíol. Dheamhan tógáil a thugas sí orthu ar aon nós le tada a bheith aici astu
Má théann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfaighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agat go dteastódh sé uait — nár cheannaigh ní ba thúisce sa mbliain é nuair a gheofá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin
 
Murach a dhaoireacht agus atá chuile rud, b'fhurasta do dhaoine a bheith ina ndíolaithe maithe, ach tá chuile shórt anois ar a dhaoirse ach an rud a bheas tú a dhíol. Níl a dhubh ná a dhath air sin
 
Diabhal mé cupla bliain ó shin go gcuireadh an dream sin a bhíodh ag léamh na nuaíochtaí (páipéir) lán a gcruite d'fhaitíos ar na daoine. Bhí chuile shórt ar a ghainne agus ar a dhaoirse. Ní bheadh tada le fáil faoi cheann bliana. Dá seasadh an cogadh dhá bhliain, bheadh gorta ann, agus daoine ag fáil bháis. Ach tá sé ar srúl (siúl) cheithre bliana anois agus dheamhan duine a fuair bás le amhgar míle buíochas le Dia. Is minic an doicheall mór ar bheagán fearthainn ann freisin
 
Drabhlás i bpáipéar puint anois! Cá bhfaigheadh sé é! Agus chuile shórt ar a dhaoirse. Má theastaíonn culaith éadaigh uait, lán laidhre uirthi. Má theastaíonn péire bróg uait, agus más leat cois thirim a bheith ort, ní bhfaighidh tú cianóg as coróin is dá fhichead iad. Is gearr le dhul puintín gágach deirimse leat