Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoirsiughadh
Briathar
daoirsighim agus rl
Fuaim: Ins na focla seo daoirse, daoirseacht, daoirsighim agus rl. fearacht na bhfocal ar fad a bhfuil rs caol ionnta i scríbhinn, is rs leathan a dhéanas cuid mhaith daoine díobh inGaillimh ar fad. "Daoirse" — "Daorsa". 'Sí an rs leathan atá ag cuid mhaith de'n aos óg, ach tá fuaim eile ag a lán daoine freisin, agus measaim gurb í a bhí ar na focla seo ar fad go dtí cupla líne ó shoin. Ní mheasaim go bhfuil aon-chur-síos uirre in "Urlabhraidheacht" (Tomás Ó Máille). Tá sí tréan go maith i gCois Fhairrge. Ní rs caol ná rs leathan atá aca, ach fuaim eile. Ní bhuaileann siad an r roláidir agus déanann an s seabhrán nó siosarnach láidir ar a theacht amach di. Tá an fhuaim sin an-tsuntasach ag daoine, agus d'aithneochthá thar an rs leathan í gan mórán stró).
cotarsna saoirsiú.
árdú nó géarú nó biseach ar an luach a bhí ar an earradh nó ar an eallach nó ar an rud thar mar a bhí air roimhe sin.
+
An bhfuil aon-cheo ins na páipéir sin go bhfuil muca ag daoirsiú … A's 'ar ndú mara bhfuil cé'n mhaith iad. Is deas an éadáil iad le bheith ag tabhairt dhá phighinn ins an ló orra
Diabhal an féidir go ndaoirseochaidh siad tuilleadh. Má dhaoirsigheann muis, fágtar annsin aca féin iad agus imigheadh muid ins na cosa buínn. Is iomdha fear maith ariamh a mb'éigin dó imeacht ins na bonnaidheachaí
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an chéad-fhear i gcomhnuí é a dhaoirsigheas 'chuile rud. Níl aige ach leide a fháil go bhfuil rud len a árdú, agus daoirseochaidh sé ar an toirt é. Is beag is mian leis an gcneagaire a thabhairt muis ar an rud a bhéas sé a cheannacht uait. Dheamhan "stickéara" gan chrochadh is measa ná é ar an gcaoi sin
Níl siad ag daoirsiú tada hébrí céard a dhéanfas siad faoi shaoirsiú. Ach b'fhéidir amach annseo i dtús féir go dtiocfadh beagán orra. Duine ar bith atá i dtuilleamaí beithidheach anois, is fear gan forás é
Daoirsigheann an mhóin taca an ama seo 'chuile bhliain. An uair a theangmhuigheas cruadhas an Mhárta le na sean-ágóideacha níl déanamh d'fhuireasbhaidh an fhóidín móna aca. Is maith leo na luirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chuir ionnta — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
Le h-anam do mhairbh, ní féidir go bhfuil siad daoirsighthe aríst. Agus mé ag déanamh tíobhuis le mí le luach sean-dúda eicínt a chur i dtoll a chéile. D'imigh an diabhal orra thrín a chéile, adeirimse