Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoirsigh
briathar
fuaim: sna focla seo daoirse, daoirseacht, daoirsím srl., fearacht na bhfocal ar fad a bhfuil rs caol iontu i scríbhinn, is rs leathan a dhéanas cuid mhaith daoine díobh i nGaillimh ar fad. DaoirseDaorsa. 'Sí an rs leathan atá ag cuid mhaith den aos óg, ach tá fuaim eile ag a lán daoine freisin, agus measaim gurb í a bhí ar na focla seo ar fad go dtí cupla líne ó shin. Ní mheasaim go bhfuil aon chur síos uirthi in Urlabhraidheacht (Tomás Ó Máille). Tá sí tréan go maith i gCois Fharraige. Ní rs caol ná rs leathan atá acu, ach fuaim eile. Ní bhuaileann siad an r róláidir agus déanann an s seabhrán nó siosarnach láidir ar a theacht amach di. Tá an fhuaim sin an-tsuntasach ag daoine, agus d'aithneofá thar an rs leathan í gan mórán stró
codarsna: saoirsigh
 ardú nó géarú nó biseach ar an luach a bhí ar an earra nó ar an eallach nó ar an rud thar mar a bhí air roimhe sin.
+
An bhfuil aon cheo sna páipéir sin go bhfuil muca ag daoirsiú … Agus ar ndóigh mura bhfuil, cén mhaith iad. Is deas an éadáil iad le bheith ag tabhairt dhá phínn sa ló orthu
Diabhal an féidir go ndaoirseoidh siad tuilleadh. Má dhaoirsíonn muis, fágtar ansin acu féin iad agus imíodh muid sna cosa boinn. Is iomaí fear maith ariamh a mb'éigean dó imeacht sna bonnaíochaí
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an chéad fhear i gcónaí é a dhaoirsíos chuile rud. Níl aige ach leide a fháil go bhfuil rud lena ardú, agus daoirseoidh sé ar an toirt é. Is beag is mian leis an gcreagaire a thabhairt muis ar an rud a bheas sé a cheannacht uait. Dheamhan sticéara gan chrochadh is measa ná é ar an gcaoi sin
Níl siad ag daoirsiú tada, hé brí céard a dhéanfas siad faoi shaoirsiú. Ach b'fhéidir amach anseo i dtús féir go dtiocfadh beagán orthu. Duine ar bith atá i dtuilleamaí beithíoch anois, is fear gan forás é
Daoirsíonn an mhóin taca an ama seo chuile bhliain. Nuair a theangmhaíos cruas an Mhárta le na seanágóideacha, níl déanamh d'fhuireasa an fhóidín móna acu. Is maith leo na loirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chur iontu — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
Le hanam do mhairbh, ní féidir go bhfuil siad daoirsithe aríst. Agus mé ag déanamh tíobhais le mí le luach seandúda eicínt a chur i dtoll a chéile. D'imigh an diabhal orthu thrína chéile adeirimse

daoirsigh in iontrálacha eile (1)

 
B'fhurasta deatach a ligean le gaoith roimhe seo, ach ó dhaoirsigh an tobac, ní fheicfeá an oiread sin dhe