Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daor, (Daora), (aor?)
Ainm-fhocal, fireann
Níl sé ach ins an t-aon-leagan: Ceangal na naoi ndaora
cuibhreachaí do-scaoilte; ceangal na gcúig chaol (i sean-scéal measaim a thionnscail sé. Tá sé i roint de na sean-scéalta).
+
"Chuir sé ceangal na naoi ndaora (n-aora?) go daor agus go docharach air, gur fhága sé laidhricín a choise ag déanamh seanchuis le poll a chluaise". (Sin gnáth-sheoraidhe cainte le cur síos ar cheangal i sean-scéalta)
Déanfaidh sé fearacht Chéadtaigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneál seanchuis le poll do chluaise
TUILLEADH (4) ▼
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirre indiu. Ní bhfuair mé aon-tíoráil ariamh ach í a sháinniú. Marach putaichín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirre. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
Tá bulán annseo thíos agam agus níl aon-gharrdha gabhann in Éirinn indon é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaidheachaí ag gabhail liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cé'n súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar 'chuile lá dá n-eirigheann ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuailidh mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athruighidh sé béasa
Ach a bhfaghaidh mise greim ar an druinníneach asail sin aríst tiubharfaidh mise luach a chuid bóithreoireacht' dó. Coinneochaidh mé seachtain ar stábla é gan greím, deoch ná blogam, agus annsin tiubharfaidh mé amach é ins an ngarrdha is creínnte ag gabhail liom, agus gheobhaidh mé rópa ruadh, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go gcoinneochaidh a smut seanchus leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneochas sé é, mar go gcuirfidh mise ingarrdha é nach mbeidh aon-fhuínín (fhoinín) féir de bhiadh na talmhan' ann
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis

Féach freisin

daor in iontrálacha eile (50+)

 
focal
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
 
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
 
Tá sí ag gabhail in aghaidh dúthchais, má tá sí chomh mío-chontanásach sin, arae ní casfaidhe aon-bhean in do shiubhal lae ort, ba laetheamhla ná ba lághaighe ná a máthair. Ó mhuinntir a h-athar a thug sí an stróic sin, ach inDomhnach, dheamhan a raibh siad-san daor-bhasctha ach an oiread.
+
bannaí 1
Cuireadh bannaidhe ar a' té a bhí saor, a's dheamhan bannuidhe 'bith ar a' té bhí daor. Nach cam a' dlighe é?
TUILLEADH (2) ▼
Tá bannuidhe dhá bhliadhain [air], a's má dhéanann sé aon-cheo as a' mbealach ar a' bhfad sin, tiocfa sé daor air.
Tiocfa sé daor ar S. Sh. mar bhris sé bannuidhe = bhí sé faoi bhannuidhe deagh-iomchuir, a's bhris sé an bannuidhe sin.
+
Thug mé deich fichead liom, a's fhobair nach mbeadh díol a' bhealaigh, agham ina dheidh sin. Ní aireochthá ag imtheacht é. Cái'de le dhul puintín gágach, a's chomh daor a's atá 'chuile mhíle nídh!
TUILLEADH (1) ▼
Níl na siopaí seo thoir, mórán as bealach chor a' bith ina dheidh sin fhéin, nuair fheicfeas tú chomh daor a's atá earraidhthe i siopaí na Gaillimhe.
 
Is beag a' bhealthuidheacht atá ag a' tír, a's tá déanamh dá huireasbha aca(b). Ach nuair a bheidheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leo(b) bealthuidheacht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as a' gcleachta sib feasta. Tá feoil ro-dhaor anois, lé í 'choinneál libse.
 
Maran mian leat cromnasc a bhualadh orra, cuir duine eicínt dá mbuachailleacht, nó má theigheann siad i mbradghail ormsa aríst, cuirfe mé gairm chúirte ort, a's íocfa tú go daor iad. ("Gairm chúirte" — ní leagan nua-aosach é sin, ach sean-leagan atá ann le na cianta. Chreidim go bhfuil leas dhá bhaint as aríst i gcúrsaí dlighe anois).
 
Is mór is fiú í (an mhóin) a bheith in a leath-dhubhacháin fhéin. Caoi a' bith nach bhfágfaidhe caithte in a brat-scair faoi'n sioc í, dheamhan a' mbeadh daor-bhasctha dhi chor a' bith.
 
aice 2
'Ceannócha mé tae dhuit agus gléas maith in aice sin; Gún' English cotton de'n fhaisean atá daor' (sliocht as "Slán agus Beannacht le Buaidhreadh an tSaoghail")
+
ailím
Is daor, docharach an ailím é an plúr anois.
TUILLEADH (1) ▼
Sin í féin an ailím atá daor (feoil etc.)
+
ainm
Tiocfa sé daor air, má fhaghann na póilíos amach go dtug sé an t-ainm contráilte dóibh
TUILLEADH (3) ▼
Is daor docharach an pionnta air é, má tá indán's go bhfuighe na póilíos amach gur thug sé an t-ainm contráilte uaidh = cuirfear éiric throm air, má fhaghann na póilíos amach, nar thug sé an t'ainm ceart dóib, nuair a rugadar air, agus é ag ól pionnta th'éis an ama.
Le gleacuidheacht má b'fhíor (dh)ó fhéin a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfa an ghleacuidheacht daor air, feadh 's na póilíos dhá fhaghail amach air (féach 'gleacuidheacht')
Má bhain sé as t'ainm thú, breágh nach gcuireann tú dlighe, agus creid mise dhuit ann gur daor a d'íocfadh sé é.
 
Níl toirt a' bith sa méid a fuair sé, agus aindeoin sin a's uilig, ba daor a' spóilín é.
 
Ní aireo(chth)á cupla punt ag(d)ul amach — cá'ide le dhul é agus chomh daor a's tá 'chuile shórt?
 
Má fhaightear amach bréagach thú, tiocfa sé daor ort.
+
áirge
Is daor a' spóilín é, agus dheamhan mórán áirge é.
TUILLEADH (1) ▼
Is suarach an áirge dhúinn a bheith taobh le 'dole', agus chomh daor a's tá chuile rud.
+
anam
Is beag a' suím atá 'nar n-anam againn, agus chomh daor a's cheannuigh mac Dé muid.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith daor é 'mh'ainín!
 
ardú
Ní raibh daor-bhasctha chor a' bith dhe, go dtí an Chéadaoin ach níor fhan smeámh a' bith ann ó shoin. Ní maith é árdú na Céadaoine. Chuala mé ariamh é.
 
Má tá indán's go dtiocfa na gárdaí anuas air, íocfa sé go daor é.
 
Mara raibh aige le dhul ag fiachadh air, ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air. M'anam muise má thugann an donáinín 'un cúirte é, gur daor a íocfas sé an buille sin. Tuilleadh diabhail agus deamhain aige! Ba bheag an scéal é, dhá n-íocadh féin
+
Is daor an ailím fuireann a cheannacht anois. Níl aon-chulaith éadaigh le fáil thíos inG. gan naoi bpunt airgid
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeódh (a choisneódh) fuireann anois. Níl rud ar bith 'ar ndú is daoire ná fiacla
Tá mo dhóthain gualach agam l'aghaidh fuireann iarainn, ach tá an gabha sin thiar ag leanacht na ndaoine ro-dhaor ar fad
 
D'fhuagair sé "dóghadh" orm féin. "Beidh sé sách luath agad a fhuagairt" adeirim féin, "nuair a 'dhóghfas' tú mé. Idir dhá dhaora a bhí mé." = an cluiche cor nó deis
 
fuagra
Tá mé ag tabhairt fuagra dhuit anois gan aon-láimh a leagan ar mo pháiste-sa níos mó, nó má leagann go dtiocfaidh sé daor ort
 
iontas
Ar ndóigh ní iongantas é, beatha a bheith daor agus chomh maith agus íoctar lucht na h-oibre.
 
Máire: Fuair tú an méid sin isteach; Cáit: Fuair (fuir adeirtear go minic) muise! Is daor, dochar[ach] féin, ab'éigin dom íoc air.
+
ith
Tá beatha chomh daor anois, agus gur ar a chruadhchúis do na daoine tada a ithe = tá'n bheatha chomh daor, agus nach bhfuil muid in acmhuinn í a cheannacht
TUILLEADH (1) ▼
Sibhse ag sclamhaireacht ag iarraidh rud le n-ithe, agus gan cuimhne ar bith agaibh chomh daor agus atá beatha! = tá sibh ag cur a gcosa uaib ag iarraidh bídh, ach ní chuimhnigheann sibh chor ar bith cá bhfaighfear a luach agus chomh daor agus atá.
+
feall 1
Níor deárnadh aon-fheáll ariamh mar a rinneadh air sin. Daoradh san éagóir é. Ní raibh láimh ná cois aige san bhfear sin ach oiread liomsa
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh feáll air (éagóir, bréag) agus fríodh daor é.
 
D'fhéadfá lá fearthainne agus feóchain a thabhairt air. Ní leigfeadh an lá céanna luch as poll ná diabhal as Ifreann. Ba daor a cheannuigh mise an lá sin
 
Dheamhan fúinín den léine seo indiaidh a chéile. Ní cheal muise nach gearr ó d'íoc mé mo shé déag go daor docharach uirre
 
fuin
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht marach cho daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
 
fáisc
An té a thiúrfadh fáisceadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
 
dairt
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
 
daoire
Níl aon-daoire (daoireacht, daoirse, daoirseacht) ins na muca anois. Tá siad an-bhuailte le goirid
+
Bhí mé idteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corruighe, mar bheinn dóighte aige ar an toirt leis an liathróid.
TUILLEADH (4) ▼
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé "ins an mbaile" mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóighte, ach dheamhan dóghadh ná dóghadh. Bhí mé istigh ar an daoradh shul ár theangmhuigh sí liom
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an "trip" seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín se'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shul a bhéas aonduine aca 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhi.
Ní shin é an chaoi a bhfuil sé in áiteachaí eile chor ar bith. Má chuireann siad an liathróid ar chúla an daoradh féin ní bhíonn tada dhá gcaillteamas leis. Ach sílim gur deise é mar atá sé againne
Bhí sé cuibhrighthe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinneamhaint air corruighe di. 'Chuile uair dhá leigeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóighte ar áit na mbonn. Ba shin é an deasú air. Níl aon-ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhuinn a bheith aige le "deis" féin