Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deabhac
/d′əuk/
an t-abhairseoir; athair an uilc; "an té atá thíos" (Diabhal is mó a thugtar air).
·
T'anam ó'n deabhac, cé'n chiall duit sin a dhéanamh!

Féach freisin

Deabhac in iontrálacha eile (3)

 
deacair 2
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé 'chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láighe i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá giodáin dó éascaidh go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann, atá dhá dhéanamh
 
dual 2
Bhí glac mhór dhuail déanta agam, agus ná raibh ann mara bhfuair an deabhac d'asal leigean orra, agus strachail sé ó chéile iad ar fud na sráide
 
Anois do chrainnín cho beag leis, nach dubhshlánach atá sé i dtalamh. Ní bhainfeadh an deabhac féin as na fréamhrachaí é