Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deasúchán
Ainm-Bhriathar, Ainm-Fhocal.
deasú i gcoitinne, fearacht díolachán, itheachán agus rl.; ag cur caoi ar rudaí d'aon-cheird; ag cur rudaí i riocht maitheasa, leasa nó oibre (ní bhíonn aon-chiall eile de'n fhocal i gceist le deasúchán).
+
Ní dhéanann sé bróig ar bith anois. Ag deasúchán a bhíos sé i gcomhnaí. Is cosamhail gur mó an brabach atá ar an deasúchán ná ar bhróga a dhéanamh as an nua
Chaith mé an t-áirneán anuiridh as béal a chéile ag deasúchán. Dheamhan bróig ar na cheithre bhaile nach mé a chuir tosuigh orra. Dar príosta ní dhéanfaidh mé cleas na bliana anuiridh i mbliana. Fáiscfidh mé amach ar cuairt 'chuile oíche beo. Teighidís féin agus a gcuid buataisí i gCurrach Sheáin Uí Fhínneadha! Is suarach an prae dhomsa a bheith ag caibiléaracht ar shean-bhróga, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhuailfidh sé aon-ghráinne coirce an tseachtain seo anois. Má tá an "t-engine" briste, ní f'lár seachtain go maith a fhágáil ag an deasúchán. 'Sé díol an mhíádha a leithidí sin a dheasú, má bhuailtear suas iad
Chaith mé an lá ag deasúchán agus níl an deasúchan déanta fós. Tá mé ag ceapadh gan bhréig gan mhagadh go raibh an sean-"tiúb" tollta i míle áit, má bhí sí taobh leis. Tá sí faoi thaoibhíní as éadan anois. Níl orlach bacaird slán innte!