deasúchán
—ainm briathartha, ainmfhocal
—
deasú i gcoitinne, fearacht díolachán, itheachán srl.; ag cur caoi ar rudaí d'aon cheird; ag cur rudaí i riocht maitheasa, leasa nó oibre (ní bhíonn aon chiall eile den fhocal i gceist le deasúchán)
+–
Ní dhéanann sé bróig ar bith anois. Ag deasúchán a bhíos sé i gcónaí. Is cosúil gur mó an brabach atá ar an deasúchán ná ar bhróga a dhéanamh as an nua
Chaith mé an t-airneán anuraidh as béal a chéile ag deasúchán. Dheamhan bróig ar na cheithre bhaile nach mé a chuir tosaigh orthu. Dar príosta ní dhéanfaidh mé cleas na bliana anuraidh i mbliana. Fáiscfidh mé amach ar cuairt chuile oíche beo. Téidís féin agus a gcuid buataisí i gCurach Sheáin Uí Fhínneadha! Is suarach an prae dhomsa a bheith ag caibléireacht ar sheanbhróga, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhuailfidh sé aon ghráinne coirce an tseachtain seo anois. Má tá an t-engine briste, ní foláir seachtain go maith a fhágáil ag an deasúchán. 'Sé díol an mhí-ádh a leithidí sin a dheasú má bhuailtear suas iad
Chaith mé an lá ag deasúchán agus níl an deasúchan déanta fós. Tá mé ag ceapadh gan bhréig gan mhagadh go raibh an seantiúb tollta i míle áit, má bhí sí taobh leis. Tá sí faoi thaoibhíní as éadan anois. Níl orlach bacairt slán inti!