diúgadh
—/d′ūɡə/
—briathar
—
a.
            
a ól ina shúmógaí nó in a bhraonachaí bheaga go mbeadh sé ólta.
+–
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog trathnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon-duine eile tada dhá bhrabach.  Shílfeá muis, lena fheiceál ag ól nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
Sin é atá indon an poitín a dhiúgadh.  Ach d'eireochadh dó agus an caibín béil atá air.  Is ann atá áit na gloine ceart
        
                                TUILLEADH (4) ▼
                            
Ara diabhal a mbeadh cnaigín fuisce ólta aige sin go ceann ráithe leis féin.  An bhfaca tú ariamh an diúgadh a bhíos air leis an ngloine, dhá h-ól ó bhloigimín go bloigimín
Is agad atá an diúgadh air.  Ní chaillfidh sé thú.  Caith siar í as láimh, go leigidh mé thart an blogam seo shul a thiocfas aon-duine isteach.  Níl cuid an rointe ann
Nach deas uaithe gailleog fuisce a dhiúgadh!  Bí ag faire uirre go bhfeicidh tú an chaoi a mblaisfidh sí di agus a mbainfidh sí braon aisti.  Shílfeá gur tsiocair bháis di chuile bhlogam ach dar fiadh ní leigfidh sí uaithe í go bhfalmhuighidh sí í in a dheidh sin
Fág an buicéad annsin aige agus óladh sé é má's breagh leis.  Cuirfidh mé geall nach mbeidh sileadh ann nach mbeidh diúgtha aige in am suipéir.  Peataidheacht atá ar an laogh sin.  Diabhal ceo eile
b.
            
an píopa a choinneál in do bhéal i bhfad nó go mbeadh sé caithte, ach gan a bhaint as ach gaileanna beaga.
+–
    Bhí sé ag diúgadh an phíopa ó a tháinic sé isteach nó gur imigh sé aríst
An bhfaca tú aon duine ariamh atá indon píopa a dhiúgadh mar é.  Coinnigheann sé in a bhéal é, ag baint pluimíní as, nó nach mbeidh gráinne ar a thóin.  Shín mé píopa annseo aige oíche, agus níor fhága sé a dhuth ná a dhath ann.  Cé'n bhrigh ach go raibh sé lán go drad.  Níor thóig sé as a bhéal go h-am suipéir é.  Beirim féin ar an bpíopa agus tosuighim ag breathnú siar ann, agus ag breathnú siar ann fea'int a mbrathfadh sé go raibh milleán agam air, ach 'ar ndú' mo léan fuair tú amach é!
        
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Aníos ag forcabhás ar thobac a tháinic an codaidhe sin anois.  Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa.  Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgad sé an gráinne deireannach as.  Ro-fhada a fuair sé in m'amadán mé.  Faghadh sé tobac anois i m'ráite eicínt eile
Bíonn tú ag diúgadh leat na "bhfeaigs" sin i gcomhnaí bail ó Dhia ort?
diúgadh in iontrálacha eile (1)
                    →
                    dealaigh 
                  
                  
                    Shílfeá nar dhealuigh galra an tairt fós leis.  Chonnaic mé thíos aréir é agus é ag slugadh.  Ní raibh duine ná deoruidhe ag coinneál chomhlódair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis annsiúd