Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diaráiste
/d′īərāšd′ə/ : /d′īrāšd′ə/
ainm-fhocal is cosamhail.
moladh, buidheachas, altú, beannú. (Ní bhíonn sé ach is an aon-rádh amháin ag altú bídh, nó ag guidhe Dé le linn toirnighe, anachuine nó a leithide).
·
Diaráiste Leatsa a Dhia agus a Mhuire! = indeireadh urnaighe; ag altú an bhídh; nuair a bheadh an t-uisce coisreacan dhá chraitheadh timpeall tighe le linn toirnighe gártha, nó a leithide sin, adeirtear é
+
Diaráiste Leatsa a Dhia agus a Mhuire, Santa Bairbre in aghaidh na toirnighe! Go gcumhduighidh muid féin agus ar gcuid agus ar ndaoine uirre!
Diaráiste Leatsa a Dhia agus a Mhuire, is mór an tóirneach í. Tá na scailtreachaí ag breith ar a chéile
TUILLEADH (2) ▼
Seo fagh an t-uisce coisreacan agus craith timpeall an tighe é, agus amach in aghaidh na síne. Diaráiste Leatsa a Dhia agus a Mhuire! Tá mé lionnruighthe
Is mór an feochan gaoithe é, diaráiste leat a Dhia agus a Mhuire! Ní fhágfaidh sí scraith ar an teach. Craith an t-uisce coisricthe imbéal na gaoithe
·
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Oíche chinn bhliana aríst go raibh muid féin agus 'chuile dhuine dhá(r) muintir abuil a chéile gan bascadh gan bearna, má's é toil Dé agus na Maighdeana Glórmhar é! = altú bídh oíche Nodlag
·
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go dtugaidh Sib slán ó'n oíche agus ó'n mbliain, muid fhéin agus a' (ar) ndaoine, is 'chuile cheaird dhá bhfuil siad, agus go dtugaidh Sib an ghlóir shíorraidhe dhár imigh uainn ar shluagh na Marbh. Amén (deireadh an Pháidrín Pháirtigh)
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go bhfoiridh an t-Athair Síorraidhe anocht ar dhuine ar bith atá amuigh sa gCogadh sin! Go dtárrthuighidh Dia sin! Nach orra atá an fonn a chéile a mharbhú! Go dtugaidh Dia agus A mháthair bheannuighthe 'chuile dhuine dhínn féin slán uaidh — sin é a bhfuil againn a rádh