diaráiste
—/d′īərāšd′ə/, /d′īrāšd′ə/
—ainmfhocal is cosúil
—
moladh, buíochas, altú, beannú. Ní bhíonn sé ach san aon rá amháin ag altú bídh, nó ag guí Dé le linn toirní, anachaine nó a leithide.
·
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! — i ndeireadh urnaí; ag altú an bhídh; nuair a bheadh an t-uisce coisreacan dhá chroitheadh timpeall tí le linn toirní gártha, nó a leithide sin, adeirtear é
+–
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire, Santa Bairbre in aghaidh na toirní! Go gcumhdaí muid féin agus ár gcuid agus ár ndaoine uirthi!
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire, is mór an toirneach í. Tá na scaltrachaí ag breith ar a chéile
TUILLEADH (2) ▼
Seo faigh an t-uisce coisreacan agus croith timpeall an tí é, agus amach in aghaidh na síne. Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Tá mé lionraithe
Is mór an feothan gaoithe é, diaráiste leat a Dhia agus a Mhuire! Ní fhágfaidh sí scraith ar an teach. Croith an t-uisce coisricthe i mbéal na gaoithe
·
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Oíche chinn bhliana aríst go raibh muid féin agus chuile dhuine dhá(r) muintir abuil a chéile gan bascadh gan bearna, más é toil Dé agus na Maighdeana Glórmhar é! — altú bídh Oíche Nollag
·
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go dtuga sibh slán ón oíche agus ón mbliain, muid fhéin agus a (ár) ndaoine, i chuile cheaird dhá bhfuil siad, agus go dtuga sibh an ghlóir shíoraí dhár imigh uainn ar shlua na marbh. Áiméan (deireadh an Phaidrín Pháirtigh)
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht ar dhuine ar bith atá amuigh sa gcogadh sin! Go dtarrthaí Dia sin! Nach orthu atá an fonn a chéile a mharú! Go dtuga Dia agus a mháthair bheannaithe chuile dhuine dhínn féin slán uaidh — sin é a bhfuil againn a rá