Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doibeart (dubh-bheart?)
/dub′ært/ : an b lom i gcomhnaí
ainm-fhocal fireann
geineamhnach uathaidh: an doibearta
uimhir iolraidh: doibeartannaí
feall, faltanas, droch-chleas; an cluiche claonach a imirt ar dhuine.
+
Rinne sé doibeart ormsa, ach deir siad má's feall fillfear. Ní ghabhfaidh sé idtalamh choidhchin go mbainfidh mise díoltas dhe
Nar ba lughaidire (lughaide?) an trócaire ar Dhia! Th'éis a ndearna sé fhéin do dhoibearta ar 'chuile dhuine ar tháinic sé suas leis, tá súil agam go bhfuil sé i bhFlaithis Dé anocht. Ach ní fhágann sin, nach raibh sé fabhtach agus in a dhroch-cheann do dhuine ar bith a tháinic in a linn
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-lá ó chonnaic mise é nach ag déanamh doibeart' atá sé, agus ní léar dhomsa gur donaide sin é, hébrí céard is léar duitse!
·
D'imreochadh sé doibeart orm, ach ní bhfuair sé an dóigh. Bhí mise ar m'áirdeall fhéin freisin
D'imir sé sin doibeart ormsa, ach dhá dteigheadh leis míle bliain, beidh mé indiaidh mo shásamh air, nó go bhfaghaidh mé é. An gadaidhe!
·
Doibeart an tSasanaigh i gcomhnaí! 'Chuile lá ariamh! Ach nach h-ait atá an saoghal ag feithiú léithe in a dheidh sin. Feacha anois í agus í gnóithteach aríst
Bí ar do shon féin air sin! Tá an feall agus an doibeart agus an chluain ann. Ach 'ar ndú' má tá féin, ghreamuigh sin dó. Ní bhainfeadh sé le Cloinn Mhac Confhaola mara mbeadh sé mar sin