Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dobeart
/dub′ært/, an b lom i gcónaí
ainmfhocal fireann
ginideach uatha: an dobearta
uimhir iolra: dobeartannaí
feall, faltanas, droch-chleas; an cluiche claonach a imirt ar dhuine.
+
Rinne sé dobeart ormsa, ach deir siad más feall fillfear. Ní ghabhfaidh sé i dtalamh choíchin go mbainfidh mise díoltas dhe
Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia! Théis a ndearna sé fhéin do dhobearta ar chuile dhuine ar tháinig sé suas leis, tá súil agam go bhfuil sé i bhflaithis Dé anocht. Ach ní fhágann sin nach raibh sé fabhtach agus ina dhroch-cheann do dhuine ar bith a tháinig ina linn
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon lá ó chonaic mise é nach ag déanamh dobearta atá sé, agus ní léir dhomsa gur donaide sin é, hé brí céard is léir duitse!
·
D'imreodh sé dobeart orm, ach ní bhfuair sé an dóigh. Bhí mise ar m'airdeall fhéin freisin
D'imir sé sin dobeart ormsa, ach dhá dtéadh leis míle bliain, beidh mé i ndiaidh mo shásaimh air nó go bhfaighe mé é. An gadaí!
·
Dobeart an tSasanaigh i gcónaí! Chuile lá ariamh! Ach nach ait atá an saol ag féithiú léithe ina dhiaidh sin. Féacha anois í agus í gnóiteach aríst
Bí ar do shon féin air sin! Tá an feall agus an dobeart agus an chluain ann. Ach ar ndóigh má tá féin, ghreamaigh sin dó. Ní bhainfeadh sé le Clainn Mhac Confhaola mura mbeadh sé mar sin