Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Donn-réidh
/dəuɴrɛ̄/
ainm-fhocal; buineann.
adhmad portaigh ar nós maidí dubha nó giumhasaighe, ach gur deirge í ná iad sin, agus go n-imigheann an snáth díreach innte. Níl sí éascaidh ar a lúbadh. Cuirtear de rataí agus de thaobháin ar thighthe í ach níl aon-ghoir aice ar an ngiumhasaigh. Chaithfí a coinneál an-tirm, má chuirtear d'adhmad ar theach í, nó rodfaidh sí as a bun. D'fheicfeá freisin í faoi chúl-trághannaí issan gcladach ceathair nó cúig de throighthe ar domhain is san ngaineamh.
+
Donn-réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon-taobhán giumhasaighe ag gabhail leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: cho luath agus a tháinic aon-deoir de'n bháisteach anuas ann, thug na rataí uatha. 'Bhfeiceann tú an dhá chúpla sin annsin. Dheamhan a fhios agam cé'n puínte a dtiocfaidh siad anuas faoi'n mullach orainn
Tá an donn-réidh an-ghann ar ghualainn na giumhasaighe. Níl portach ar bith suas annsin nach bhfuightheá carcair ghiumhasaighe ann, ach do dhubhshlán fagh maide donn-réidh in áit ar bith thart annseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
TUILLEADH (3) ▼
Is mór de'n donn-réidh sin atá thíos ar an gcúltráigh thiar. Nuair a d'fhuadóchaí an gaineamh di (de'n tráigh) de bharr stoirme nó bogadh le tír, agus nach mbeadh innte ach an bonn dubh sin 'nós na móna, bíonn an donn-réidh leis, agus í ingreamús thíos 'sa móin. Bheadh ceathair nó cúig de throighthe de'n ghaineamh imighthe shul a d'fheicfeá iad. Níl indon an tráigh a nochtadh ach oibriú na fairrge. Má ghabhann tú síos aríst th'éis stoirme feicfidh tú féin iad, ach é a bheith in a dhiaidh-thráigh
Thóig mé staic dheas de mhaide donn-réidhe thuas 'sa bportach anuiridh, agus chuir mé d'anró orm fhéin a thabhairt anuas abhaile annseo. Chaith mé annsin amuigh é, go dteighinn dhá shnoidheachan nuair a gheobhainn ionbhadh air. Dhá lá a bhí sé ann, nó gur scuabadh é de shiubhal oíche. Ar an mbaile soir a chuaidh sé freisin. Fuair mé lorgachaí na gcos, agus bearnaidheachaí leagtha go talamh amach go C. na gC. Ghoidfidís an tsúil amach as do cheann a dhearbhráthair mo chroidhe thú, mara mbeitheá dubh-áirdeallach
M'anam muise nach bhfuil de chailleadh ar an donn-réidh féin má dheisigheann tú amach ceart í. 'Sí atá ar an teach nuadh sin uiliog ag clann Mh. Ph. — an teach a rinne siad fhéin. 'Ar ndú, is annsiúd buailte orra atá a tabhairt amach. Dubhshlán aonduine drannadh léithe feiceamuist. An t-éan féin, ní chorróchadh d'oíche ná de ló nach mbeadh braithte ag duine eicínt aca

Féach freisin