Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
donn réidh
/dəuɴrɛ̄/
ainmfhocal, baineann
adhmad portaigh ar nós maidí dubha nó giúsaí, ach gur deirge í ná iad sin, agus go n-imíonn an snáth díreach inti. Níl sí éasca ar a lúbadh. Cuirtear de rataí agus de thaobháin ar thithe í ach níl aon ghair aici ar an ngiúsaigh. Chaithfí a coinneáil an-tirim, má chuirtear d'adhmad ar theach í, nó rodfaidh sí as a bun. D'fheicfeá freisin í faoi chúltránnaí sa gcladach ceathair nó cúig de throithe ar domhain sa ngaineamh.
+
Donn réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon taobhán giúsaí ag gabháil leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: chomh luath agus a tháinig aon deoir den bháisteach anuas ann, thug na rataí uathu. An bhfeiceann tú an dhá chúpla sin ansin. Dheamhan a fhios agam cén pointe a dtiocfaidh siad anuas faoin mullach orainn
Tá an donn réidh an-ghann ar ghualainn na giúsaí. Níl portach ar bith suas ansin nach bhfaightheá carcair ghiúsaí ann, ach do dhúshlán faigh maide donn réidh in áit ar bith thart anseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
TUILLEADH (3) ▼
Is mór den donn réidh sin atá thíos ar an gcúltrá thiar. Nuair a d'fhuadófaí an gaineamh di (den trá) de bharr stoirme nó bogadh le tír, agus nach mbeadh inti ach an bonn dubh sin ar nós na móna, bíonn an donn réidh leis agus í i ngreamús thíos sa móin. Bheadh ceathair nó cúig de throithe den ghaineamh imithe shula d'fheicfeá iad. Níl in ann an trá a nochtadh ach oibriú na farraige. Má ghabhann tú síos aríst théis stoirme, feicfidh tú féin iad ach é a bheith ina dhíthrá
Thóg mé staic dheas de mhaide donn réidh thuas sa bportach anuraidh, agus chuir mé d'anró orm fhéin a thabhairt anuas abhaile anseo. Chaith mé ansin amuigh é go dtéinn dhá shnoíchan nuair a gheobhainn ionú air. Dhá lá a bhí sé ann, nó gur scuabadh é de shiúl oíche. Ar an mbaile soir a chuaigh sé freisin. Fuair mé lorgachaí na gcos, agus bearnaíochaí leagtha go talamh amach go C. na gC. Ghoidfidís an tsúil amach as do cheann a dheartháir mo chroí thú, mura mbeifeá dubhairdeallach
M'anam muise nach bhfuil de chailleadh ar an donn réidh féin má dheisíonn tú amach ceart í. 'Sí atá ar an teach nua sin uileag ag clann Mh. Ph. — an teach a rinne siad fhéin. Ar ndóigh, is ansiúd buailte orthu atá a tabhairt amach. Dúshlán aon duine drannadh léithe feiceamuist. An t-éan féin, ní chorródh d'oíche ná de ló nach mbeadh braite ag duine eicínt acu

Féach freisin