Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dornáil
/dəurɴāl′/; /dorɴāl′/ Achréidh
Ainm-Bhriathar, Briathar as dorn
bualadh de dhornaí; bualadh, smíochadh agus rl.
+
Shíl mé gur ag brath ar a dhul do mo dhornáil a bhí tú.
Ní dhornálfadh sé duine ar bith a mbeadh aon-rath air, an buinneachán
TUILLEADH (7) ▼
D'áitigh sé do mo dhornáil. Shíl mé gur ag mugadh-magadh a bhí sé idtosach, ach ba ghearr go bhfuair mé len' innseacht nach h-eadh. Annsin thosuigh mé ag dornáil mé féin.
Leig de [do] chuid dornála ar an doras sin. Tá rud ar a' (ar) n-aire se'againne thar agus a bheith ag cur doras nuadh isteach annsin. Má tá fonn dornála ort teirigh soir go dtí M. Mh. Sin é an buachaill a thiubharfas lán do chruite dhuit
Bheadh ciall a mbualadh. Teastuigheann sin uatha scaithtí, mar tá siad ámhuilleach. Ach ní ceird ar bith di a dhul dhá ndornáil mar a bhíos sí. Cé'n bhrigh ach dorna aice siúd cho láidir agus a bheadh ag fear ar bith
Anois céard deir tú leis a thosuigh ag dornáil na mná as comhair a raibh istigh. Bhainfeadh sé deatach aisti marach gur coinnigheadh uaithe é
Ní fhágfadh sé eirghe in mo sheasamh ionnam leis an dornáil a thiubharfadh sé dhom, marach gur eirigh le S. a theacht ann. Choisin sé mé air
Má ghníonn tú sin aríst dornálfaidh mé thú, nó go dtugaidh mé dath dubh ort leis an mbail a chuirfeas mé ort. Mara sonnda an mhaise dhuit é a chleiteacháinín
Má dhornálann sé siúd thú, leonfaidh sé do chnámha. Ní ag míoladóireacht leat a bhéas sé. Dar fiadh ní h-eadh!

Féach freisin

dorn

Dornáil in iontrálacha eile (1)

 
Deir siad go bhfuil droichead a shróine briste nó as áit de bharr an dornáil a fuair sé. Is olc a chuaidh an bhainis dó sin. Diabhal bréag!