Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dornáil
/dəurɴāl′/; /dorɴāl′/ Achréidh
ainm briathartha; briathar as dorn
 bualadh de dhornaí; bualadh, smíochadh srl.
+
Shíl mé gur ag brath ar a dhul do mo dhornáil a bhí tú
Ní dhornálfadh sé duine ar bith a mbeadh aon rath air, an buinneachán
TUILLEADH (7) ▼
D'áitigh sé do mo dhornáil. Shíl mé gur ag mugadh magadh a bhí sé i dtosach, ach ba ghearr go bhfuair mé lena inseacht nach ea. Ansin thosaigh mé ag dornáil mé féin
Lig de do chuid dornála ar an doras sin. Tá rud ar a (ár) n-aire s'againne thar is a bheith ag cur doras nua isteach ansin. Má tá fonn dornála ort, téirigh soir go dtí M. Mh. Sin é an buachaill a thabharfas lán do chruite dhuit
Bheadh ciall a mbualadh. Teastaíonn sin uathu scaití, mar tá siad ábhailleach. Ach ní ceird ar bith di a dhul dhá ndornáil mar a bhíos sí. Cén bhrí ach dorna aici siúd chomh láidir agus a bheadh ag fear ar bith
Anois céard adeir tú leis a thosaigh ag dornáil na mná os comhair a raibh istigh. Bhainfeadh sé deatach aisti murach gur coinníodh uaithi é
Ní fhágfadh sé éirí in mo sheasamh ionam leis an dornáil a thabharfadh sé dhom, murach gur éirigh le S. a theacht ann. Chosain sé mé air
Má ghníonn tú sin aríst, dornálfaidh mé thú nó go dtuga mé dath dubh ort leis an mbail a chuirfeas mé ort. Mura sonnta an mhaise dhuit é a chleiteacháinín
Má dhornálann sé siúd thú, leonfaidh sé do chnámha. Ní ag míoladóireacht leat a bheas sé. Dar fia ní hea!

Féach freisin

dorn

dornáil in iontrálacha eile (1)

 
Deir siad go bhfuil droichead a shróine briste nó as áit de bharr an dornáil a fuair sé. Is olc a chuaigh an bhainis dó sin. Diabhal bréag!