Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Droighean
—ainm-fhocal, fireann
—tuiseal geineamhnach uathaidh — an droighin
—uimhir iolraidh: droighin, droigheanannaí
—
Droighean nó Droighean Dubh = an sceach a dteagann na h-áirní uirre. ("An Droighneán Donn" a tugtar ar an amhrán. Tá an sloinneadh Ó Droighneáin, an Droighneánach an-choitianta igCois Fhairrge agus in áiteacha i Muigh Cuilinn)
+–
Tá na garranta faoi dhroighean uiliog
Tá an áit druidthe le bunannaí droighin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí maide altach droighin aige
Bhí maide droighin duibh aige
Dhá mbaintí an droighean sin, ba garrdha maith é.
·
Garrdha an Droighin (ainm garrdha)
Seana Dhroighin (tamhnóig isteach i mbun an tsléibhe as cionn Chnuic na h-Aille)

Féach freisin

Droighean in iontrálacha eile (6)

 
Tá'n áit in a charcair le droighean.
 
InDomhnach, má tá ort a dhul siar 'sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidthe le droighean is driseachaí, a's níl tada uaibhreach ann ach neanntógaí.
 
→ colg
Tá an oiread cuilgní ar a' droighean bradach sin, a's nach bhfágfadh siad liobar éadaigh ort = deilgní.
 
→ crígh
Tá mo chuid éadaigh stiallta, a's mo chraiceann roistighthe ag na crícheannaí bradacha sin siar. Dheamhan tada uaibhreach i mBaile an Gh. ach driseachaí a's droighean!
+
→ dealg
Baile na nDeilgne a thiubharfainnse air. Bhí mé ag bainis ann agus níor léir dom tada ann ach droighean agus driseachaí
TUILLEADH (1) ▼
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus droighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le bruic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réidhteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí annsiúd réidhtighthe faoi cheann deich mbliana