Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draighean
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: an draighin
uimhir iolra: draighin, draigheanannaí
draigheandraighean dubh: an sceach a dteagann na hairní uirthi. An Draighneán Donn a tugtar ar an amhrán. Tá an sloinne Ó Droighneáin, an Droighneánach an-choitianta i gCois Fharraige agus in áiteacha i Maigh Cuilinn.
+
Tá na garranta faoi dhraighean uileag
Tá an áit druidte le bunannaí draighin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí maide altach draighin aige
Bhí maide draighin duibh aige
Dhá mbaintí an draighean sin, ba garraí maith é
·
Garraí an Draighin (ainm garraí)
Seanadh Dhraighin (tamhnóig isteach i mbun an tsléibhe os cionn Chnoic na hAille)

Féach freisin

draighean in iontrálacha eile (12)

+
Tá an áit ina charcair le draighean.
TUILLEADH (1) ▼
Tá carcaireacha draighin ann agus is maith an dícheall do dhuine a bhealach a dhéanamh thríothub chor ar bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oíche faoi dheireadh agus níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon láimh liom.
 
I nDomhnach, má tá ort a dhul siar sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidte le draighean is driseachaí, agus níl tada uaibhreach ann ach neantógaí.
 
colg
Tá an oiread coilgní ar an draighean bradach sin agus nach bhfágfadh siad liobar éadaigh ort — deilgní.
 
crígh
Tá mo chuid éadaigh stiallta agus mo chraiceann roistithe ag na crígheannaí bradacha sin siar. Dheamhan tada uaibhreach i mBaile an Gh. ach driseachaí agus draighean!
 
anuas
Ag teacht anuas Seanadh Dhraighin dom, bhí sé ina oíche dhubh — bhí an oíche tite, nuair a shroich mé anuas chomh fada le Seanadh Dhraighin
+
fás 1
Tá an talamh thoir faoi fhásannaí beaga draighin ar fad — mar a bheadh crainnte beaga nó catógaí; 'sé "an fás" gach ceann aonraic acu; dhá mbainteá fás acu d'fhéadfá maide láimhe a dhéanamh dhe .i. fás draighin
TUILLEADH (2) ▼
Bhain mé fás draighin ansin thuas inniu. Dhá mbeadh sé stálaithe agam dhéanfadh sé an-mhaide
Ní fhéadfá aon fhás beag draighin a fháil siar ansin dom? … Shíl mé go raibh neart acu sna carracáin
+
dealg
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg draighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc srl. — cineálachaí dealg atá ann
TUILLEADH (2) ▼
Baile na nDeilgne a thabharfainnse air. Bhí mé ag bainis ann agus níor léir dom tada ann ach draighean agus driseachaí
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus draighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le broic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réiteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí ansiúd réitithe faoi cheann deich mbliana